+Airteagal 430a Oibleagáidí sonracha maidir le tuairisciú
---+Airteagal 430a 1.
---+Airteagal 430a 2.
---+Airteagal 430a 3.
|
Airteagal 430a Oibleagáidí sonracha maidir le tuairisciú
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 430a 1.
|
Tabharfaidh institiúidí tuairisc do na húdaráis inniúla ar bhonn bliantúil ar na mionsonraí comhiomlána seo a leanas maidir le gach margadh réadmhaoine dochorraithe náisiúnta ar a bhfuil siad neamhchosanta:
(a)
caillteanas a eascraíonn as neamhchosaintí a bhfuil réadmhaoin aitheanta ag institiúid mar chomhthaobhacht ina leith, i ngach cás suas go dtí an tsuim is ísle den mhéid atá curtha i ngeall agus 55 % de luach réadmhaoine na réadmhaoine cónaithe mura gcinntear a mhalairt faoi Airteagal 124(9), i gcás inarb infheidhme;
(b)
caillteanas foriomlán a eascraíonn as neamhchosaintí a bhfuil réadmhaoin chónaithe aitheanta ag institiúid mar chomhthaobhacht ina leith, i ngach cás suas go dtí an tsuim is ísle den mhéid atá curtha i ngeall agus 100 % de luach réadmhaoine na réadmhaoine cónaithe;
(c)
luach neamhchosanta na neamhchosaintí uile atá gan íoc a bhfuil réadmhaoin chónaithe aitheanta ag institiúid mar chomhthaobhacht ina leith, i ngach cás go dtí an tsuim is ísle den mhéid atá curtha i ngeall agus 100 % de luach réadmhaoine na réadmhaoine cónaithe;
(d)
caillteanas a eascraíonn as neamhchosaintí a bhfuil réadmhaoin dhochorraithe tráchtála aitheanta ag institiúid mar chomhthaobhacht ina leith, i ngach cás suas go dtí an tsuim is ísle den mhéid atá curtha i ngeall agus 55 % de luach réadmhaoine na réadmhaoine dochorraithe tráchtála mura gcinntear a mhalairt faoi Airteagal 124(9), i gcás inarb infheidhme;
(e)
caillteanas foriomlán a eascraíonn as neamhchosaintí a bhfuil réadmhaoin dhochorraithe tráchtála aitheanta ag institiúid mar chomhthaobhacht ina leith, i ngach cás suas go dtí an tsuim is ísle den mhéid atá curtha i ngeall agus 100 % de luach réadmhaoine na réadmhaoine dochorraithe tráchtála;
(f)
luach neamhchosanta na neamhchosaintí uile atá gan íoc a bhfuil réadmhaoin dhochorraithe tráchtála aitheanta mar chomhthaobhacht ag institiúid ina leith i ngach cás go dtí an tsuim is ísle den mhéid atá curtha i ngeall agus 100 % de luach réadmhaoine na réadmhaoine dochorraithe tráchtála.
|
|
Airteagal 430a 2.
|
Tuairisceofar na sonraí dá dtagraítear i mír 1 chuig údarás inniúil Bhallstát baile na hinstitiúide ábhartha. I gcás ina bhfuil brainse ag institiúid i mBallstát eile, déanfar na sonraí a bhaineann leis an mbrainse sin a thuairisciú d'údaráis inniúla an Bhallstáit aíochta. Déanfar na sonraí a thuairisciú go leithleach do gach margadh maoine dochorraithe laistigh den Aontas a bhfuil an institiúid ábhartha ar ris ina leith.
|
|
Airteagal 430a 3.
|
Foilseoidh na húdaráis inniúla go bliantúil, ar bhonn comhiomlánaithe, na sonraí a shonraítear i mír 1, pointí (a) go (f), mar aon le sonraí stairiúla, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, maidir le gach margadh réadmhaoine dochorraithe náisiúnta ar bailíodh na sonraí sin ina leith. Déanfaidh údarás inniúil, arna iarraidh sin ag údarás inniúil eile i mBallstát nó ag ÚBE, faisnéis níos mionsonraithe faoi staid na margaí réadmhaoine cónaithe nó réadmhaoine dochorraithe tráchtála sa Bhallstát sin a chur ar fáil don údarás inniúil sin nó don ÚBE.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|