+Airteagal 432 2.

Airteagal 432 2.

Féadfaidh institiúidí freisin ceann amháin nó níos mó de na míreanna faisnéise a liostaítear i dTeideal II agus i dTeideal III a fhágáil ar lár freisin i gcás ina n-áirítear ar na míreanna sin faisnéis a meastar gur faisnéis dhílseánaigh nó rúnda í i gcomhréir leis an dara fomhír seo, cé is moite de na nochtaí a leagtar síos in Airteagal 437 agus in Airteagal 450.

Measfar gur faisnéis dhílseánaigh de chuid institiúidí í faisnéis de chineál a fhágann, dá nochtfaí don phobal í, go mbainfí an bonn de staid iomaíochta na n-institiúidí sin. Féadfar a áireamh le faisnéis dhílseánaigh faisnéis maidir le táirgí nó córais a d'fhágfadh gur lú luach infheistíochtaí na n-institiúidí iontu sin dá roinnfí le hiomaitheoirí í.

Measfar gur faisnéis rúnda í faisnéis i gcás ina gcuireann custaiméirí nó gaolmhaireachtaí eile le contrapháirtithe oibleagáid ar na hinstitiúidí an fhaisnéis sin a choimeád rúnda.

Déanfaidh ÚBEtreoirlínte a eisiúint, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, maidir leis an gcaoi ar gá d'institiúidí an dílseánacht agus an rúndacht a chur i bhfeidhm i ndáil leis na ceanglais maidir le nochtadh atá i dTeideal II agus i dTeideal III.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas