+Airteagal 432 Faisnéis neamhábhartha, dhílseánaigh nó rúnda
---+Airteagal 432 1.
---+Airteagal 432 2.
---+Airteagal 432 3.
|
Airteagal 432 Faisnéis neamhábhartha, dhílseánaigh nó rúnda
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 432 1.
|
Cé is moite de na nochtuithe a leagtar síos i bpointe (c) d'Airteagal 435(2) agus in Airteagal 437 agus 450, féadfaidh institiúidí ceann amháin nó níos mó de na nochtuithe a liostaítear i dTeidil II agus III a fhágáil ar lár, i gcás nach meastar gur faisnéis ábhartha í an fhaisnéis atáthar á cur ar fáil leis na nochtuithe sin. Measfar gur faisnéis ábhartha i nochtuithe í faisnéis, más rud é, de bharr í a fhágáil ar lár nó míráiteas a thabhairt ina leith, go bhféadfaí athrú a dhéanamh nó tionchar a imirt ar mheasúnú nó ar chinneadh úsáideora de chuid na faisnéise sin a bheadh ag brath uirthi ar mhaithe le cinntí eacnamaíocha a dhéanamh. Déanfaidh ÚBEtreoirlínte a eisiúint, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, maidir leis an gcaoi ar gá d'institiúidí ábharthacht a chur i bhfeidhm i ndáil leis na ceanglais maidir le nochtadh atá i dTeideal II agus i dTeideal III.
|
|
Airteagal 432 2.
|
Féadfaidh institiúidí freisin ceann amháin nó níos mó de na míreanna faisnéise a liostaítear i dTeideal II agus i dTeideal III a fhágáil ar lár freisin i gcás ina n-áirítear ar na míreanna sin faisnéis a meastar gur faisnéis dhílseánaigh nó rúnda í i gcomhréir leis an dara fomhír seo, cé is moite de na nochtaí a leagtar síos in Airteagal 437 agus in Airteagal 450. Measfar gur faisnéis dhílseánaigh de chuid institiúidí í faisnéis de chineál a fhágann, dá nochtfaí don phobal í, go mbainfí an bonn de staid iomaíochta na n-institiúidí sin. Féadfar a áireamh le faisnéis dhílseánaigh faisnéis maidir le táirgí nó córais a d'fhágfadh gur lú luach infheistíochtaí na n-institiúidí iontu sin dá roinnfí le hiomaitheoirí í. Measfar gur faisnéis rúnda í faisnéis i gcás ina gcuireann custaiméirí nó gaolmhaireachtaí eile le contrapháirtithe oibleagáid ar na hinstitiúidí an fhaisnéis sin a choimeád rúnda. Déanfaidh ÚBEtreoirlínte a eisiúint, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, maidir leis an gcaoi ar gá d'institiúidí an dílseánacht agus an rúndacht a chur i bhfeidhm i ndáil leis na ceanglais maidir le nochtadh atá i dTeideal II agus i dTeideal III.
|
|
Airteagal 432 3.
|
Sna cásanna eisceachtúla dá dtagraítear i mír 2, luafaidh an institiúid lena mbaineann ina nochtuithe más amhlaidh ach bhfuil míreanna faisnéise sonracha á nochtadh, an chúis nach bhfuil na míreanna sin á nochtadh, agus foilseoidh sí faisnéis níos ginearálta faoi ábhar an cheanglais maidir le nochtadh, cé is moite den chás inarb ábhar dílseánaigh nó rúnda é an t-ábhar sin ann féin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|