+Airteagal 438 Ceanglais a nochtadh maidir le cistí dílse agus méideanna►C12neamhchosainta◄atá ualaithe ó thaobh►C12riosca◄de

Airteagal 438 Ceanglais a nochtadh maidir le cistí dílse agus méideanna►C12neamhchosainta◄atá ualaithe ó thaobh►C12riosca◄de

Airteagal 438

Ceanglais a nochtadh maidir le cistí dílse agus méideanna ►C12  neamhchosainta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C12  riosca ◄ de

Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis seo a leanas maidir leis an tslí a bhfuil Airteagal 92 den Rialachán seo agus na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 73 agus i bpointe (a) d'Airteagal 104(1) de Threoir 2013/36/AE á gcomhlíonadh acu:

(a) 

achoimre ar a gcur chuige maidir le measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht a gcaipitil inmheánaigh d'fhonn tacú le gníomhaíochtaí reatha agus todhchaí;

▼M17

(b) 

méid na gceanglas cistí dílse breise atá bunaithe ar an bpróiseas athbhreithniúcháin maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 104(1), pointe (a), de Threoir 2013/36/AE chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí seachas an riosca maidir le luamhánú iomarcach agus a chomhdhéanamh;

▼M8

(c) 

arna iarraidh sin don Údarás Inniúil ábhartha, toradh ar an bpróiseas inmheánach measúnaithe ar leordhóthanacht caipitil;

▼M17

(d) 

méid iomlán na neamhchosanta ar riosca arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) agus na ceanglais cistí dílse chomhfhreagracha arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 92(2), a bheidh le miondealú faoi na catagóirí riosca éagsúla nó faoi na haicmí neamhchosanta ar riosca éagsúla, de réir mar is infheidhme, a leagtar amach i gCuid a Trí agus, i gcás inarb infheidhme, míniú ar an éifeacht ar ríomh na gcistí dílse agus ar mhéideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca de, de thoradh íosrátaí caipitil a chur i bhfeidhm agus gan ítimí a asbhaint de chistí dílse;

▼M17

(da) 

i gcás inar gá méid iomlán na neamhchosanta ar riosca nach bhfuil socraithe ar íosráta arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(4) a ríomh, agus méid iomlán caighdeánaithe na neamhchosanta ar riosca arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(5), a bheidh le miondealú faoi na catagóirí riosca difriúla nó aicmí neamhchosanta ar riosca, de réir mar is infheidhme, a leagtar amach i gCuid a Trí agus, i gcás inarb infheidhme, míniú ar an éifeacht ar ríomh na gcistí dílse agus ar mhéideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca de thoradh íosrátaí caipitil a chur i bhfeidhm agus gan ítimí a asbhaint de chistí dílse;

▼M17

(e) 

na neamhchosaintí laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe, na méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca de agus na caillteanais ionchasacha ghaolmhara i leith gach catagóire d’iasachtú speisialaithe dá dtagraítear in Airteagal 153(5), Tábla 1, agus na neamhchosaintí laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe agus na méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca de i leith na gcatagóirí de neamhchosaintí ar chothromas a leagtar amach in Airteagal 133(3) go (6), agus Airteagal 495a(3);

▼M8

(f) 

an luach ►C12  neamhchosainta ◄ agus méid ►C12  neamhchosainta ◄ na n-ionstraimí cistí dílse atá ualaithe ó thaobh ►C12  riosca ◄ de arna sealbhú in aon ghnóthas árachais, aon ghnóthas athárachais nó aon chomhlacht sealbhaithe árachais nach n-asbhaineann na hinstitiúidí as a gcistí dílse i gcomhréir le hAirteagal 49 agus ceanglais chaipitil á ríomh acu ar bhonn aonair, fo-chomhdhlúite nó comhdhlúite;

(g) 

ceanglas forlíontach na gcistí dílse agus an cóimheas leordhóthanacht chaipitil den ilchuideachta airgeadais arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 6 de Threoir 2002/87/CE agus le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir nuair a chuirtear modh 1 nó modh 2 a leagtar amach san Iarscríbhinn sin i bhfeidhm;

(h) 

na hathruithe sna méideanna ►C12  neamhchosainta ◄ atá ualaithe ó thaobh an phriacail de sa tréimhse nochta reatha i gcomparáid leis an tréimhse nochta díreach roimhe de thoradh samhlacha inmheánacha a úsáid, lena n-áirítear achoimre ar na príomhspreagthaithe a mhíníonn na hathruithe sin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas