+Airteagal 442 ►C12Neamhchosainti◄ar phriacal creidmheasa agus ar phriacal caolúcháin a nochtadh

Airteagal 442 ►C12Neamhchosainti◄ar phriacal creidmheasa agus ar phriacal caolúcháin a nochtadh

Airteagal 442

►C12  Neamhchosainti ◄ ar phriacal creidmheasa agus ar phriacal caolúcháin a nochtadh

Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis seo a leanas maidir lena ►C12  neamhchosainti ◄ ar ►C12  riosca ◄ creidmheasa agus ar phriacal caolúcháin:

(a) 

an raon feidhme agus na sainmhínithe a úsáideann siad chun críocha cuntasaíochta le haghaidh “thar téarma” agus “lagaithe” agus na difríochtaí, más ann dóibh, idir na sainmhínithe ar “thar téarma” agus “mainneachtain” chun críocha cuntasaíochta agus rialála;

(b) 

tuairiscí ar na cineálacha cur chuige agus na modhanna arna nglacadh chun coigeartuithe ar ►C12  riosca ◄ creidmheasa ginearálta agus sonrach a chinneadh;

(c) 

faisnéis faoi mhéid agus faoi cháilíocht ►C12  neamhchosainti ◄ tuillmheacha, neamhthuillmheacha agus staonta i gcás iasachtaí, urrúis fiachais agus ►C12  neamhchosainti ◄ lasmuigh den chlár comhardaithe, lena n-áirítear a lagú carntha, a soláthairtí agus a n-athruithe diúltacha ar an luach cóir de dheasca ►C12  riosca ◄ creidmheasa agus ráthaíochtaí airgeadais a fuarthas;

(d) 

anailís aosaithe ar chuntasaíocht a dhéanamh ar aon ►C12  neamhchosainti ◄ thar téarma;

(e) 

ollmhéideanna anonn ►C12  neamhchosainti ◄ a mhainnigh agus ►C12  neamhchosainti ◄ nár mhainnigh, coigeartuithe sonracha carntha agus ginearálta ar an ►C12  riosca ◄ creidmheasa, díscríobh carntha ar na ►C12  neamhchosainti ◄ sin agus glanmhéideanna anonn agus a leithdháileadh de réir limistéir gheografaigh agus chineál an tionscail agus i gcás iasachtaí, urrúis fiachais agus ►C12  neamhchosainti ◄ atá lasmuigh den chlár comhardaithe;

(f) 

aon athruithe ar ollmhéid ►C12  neamhchosainti ◄ a mhainnigh, ar ►C12  neamhchosainti ◄ laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe iad, lena n-áirítear, ar a laghad, faisnéis ar chomhardú tosaigh agus deiridh na ►C12  neamhchosainti ◄ sin, ollmhéid aon cheann de na ►C12  neamhchosainti ◄ sin a cuireadh ar ais faoi stádas neamh-mhainnithe nó faoi réir díscríobh;

(g) 

an miondealú ar iasachtaí agus ar urrúis fiachais de réir aibíocht iarmhair.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas