+Airteagal 444 Úsáid an Chur Chuige Chaighdeánaithe a nochtadh

Airteagal 444 Úsáid an Chur Chuige Chaighdeánaithe a nochtadh

Airteagal 444

Úsáid an Chur Chuige Chaighdeánaithe a nochtadh

Institiúidí a ríomhann méideanna ►C12  neamhchosainta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C12  riosca ◄ i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí, nochtfaidh siad an fhaisnéis seo a leanas maidir le gach ceann de na haicmí ►C12  neamhchosainta ◄ a leagtar amach in Airteagal 112:

(a) 

ainmneacha na IMCSanna agus MCSanna ainmnithe agus cúiseanna aon athruithe ar na hainmniúcháin sin thar thréimhse an nochta;

(b) 

aicmí na ►C12  neamhchosainta ◄ a n-úsáidtear gach IMCS agus MCS ina leith;

(c) 

tuairisc ar an bpróiseas a úsáideadh chun rátálacha creidmheasa an eisitheora agus na heisiúna a aistriú anuas ar na hítimí nach bhfuil áirithe sa leabhar trádála;

(d) 

comhcheangal na rátála seachtraí de gach IMCS nó MCS ainmnithe leis na hualuithe ►C12  riosca ◄ a chomhfhreagraíonn do na céimeanna cáilíochta creidmheasa a leagtar amach i gCaibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí, á chur san áireamh nach gá an fhaisnéis sin a nochtadh i gcás ina gcomhlíonann an institiúid an comhcheangal caighdeánach arna fhoilsiú ag ÚBE;

(e) 

luachanna na ►C12  neamhchosainta ◄ agus luachanna na ►C12  neamhchosainta ◄ tar éis maolú ►C12  riosca ◄ creidmheasa a bhaineann le gach céim cáilíochta creidmheasa a leagtar amach i gCaibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí, de réir aicme ►C12  neamhchosainti ◄ , chomh maith leis na luachanna ►C12  neamhchosainta ◄ sin a asbhaintear as cistí dílse.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas