+Airteagal 445a Riosca CVA a nochtadh
---+Airteagal 445a 1.
---+Airteagal 445a 2.
---+Airteagal 445a 3.
|
Airteagal 445a Riosca CVA a nochtadh
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 445a 1.
|
Nochtfaidh institiúidí atá faoi réir na gceanglas cistí díse le haghaidh riosca CVA an fhaisnéis seo a leanas:
(a)
forbhreathnú ar a bpróisis chun a riosca CVA a shainaithint, a thomhas, a fhálú agus faireachán a dhéanamh air;
(b)
cibé a chomhlíonann, nó nach gcomhlíonann, institiúidí na coinníollacha uile a leagtar amach in Airteagal 273a(2); i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha sin, cibé a roghnaigh, nó nár roghnaigh institiúidí na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA ag úsáid an chur chuige shimplithe a leagtar amach in Airteagal 385; i gcás inar roghnaigh institiúidí na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA a ríomh ag úsáid an chur chuige shimplithe, na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA i gcomhréir leis an gcur chuige sin;
(c)
líon iomlán na gcontrapháirtithe a n-úsáidtear an cur chuige caighdeánaithe ina leith, le miondealú de réir cineálacha contrapháirtithe.
|
|
Airteagal 445a 2.
|
Nochtfaidh na hinstitiúidí a úsáideann an cur chuige caighdeánaithe mar a leagtar amach in Airteagal 383 chun ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA a ríomh, anuas ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, an fhaisnéis seo a leanas:
(a)
struchtúr agus eagrú a bhfeidhme bainistithe riosca CVA inmheánaí agus rialachais;
(b)
ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA faoin gcur chuige caighdeánaithe le miondealú de réir aicme riosca;
(c)
forbhreathnú ar na fáluithe incháilithe a úsáidtear sa ríomh sin, le miondealú de réir cineál ionstraimí mar a leagtar amach in Airteagal 386(2).
|
|
Airteagal 445a 3.
|
Nochtfaidh institiúidí a úsáideann an cur chuige bunúsach a leagtar amach in Airteagal 384 chun ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA a ríomh, anuas ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, an fhaisnéis seo a leanas:
(a)
a gceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA faoin gcur chuige bunúsach, agus comhpháirteanna BACVAtotal
agus BACVAcsr-hedged
;
(b)
forbhreathnú ar na fáluithe incháilithe a úsáidtear sa ríomh sin, le miondealú de réir cineál ionstraimí a leagtar amach in Airteagal 386(3).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|