+Airteagal 448 ►C12Neamhchosainti◄ar►C12riosca◄ráta úis a nochtadh maidir le suíomhanna nach bhfuil sealbhaithe sa leabhar trádála
---+Airteagal 448 1.
---+Airteagal 448 2.
|
Airteagal 448 ►C12Neamhchosainti◄ar►C12riosca◄ráta úis a nochtadh maidir le suíomhanna nach bhfuil sealbhaithe sa leabhar trádála
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 448 1.
|
Ón 28 Meitheamh 2021, nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis chainníochtúil agus cháilíochtúil seo a leanas faoi na
►C12
riosca ◄ a thiocfaidh as athruithe a d'fhéadfadh teacht ar rátaí úis a mbeadh tionchar acu ar luach eacnamaíoch cothromais agus ar ghlanioncam úis na ngníomhaíochtaí leabhar neamhthrádála atá acu dá dtagraítear in Airteagal 84 agus in Airteagal 98(5) de Threoir 2013/36/AE:
(a)
na hathruithe ar luach eacnamaíoch cothromais a ríomhtar faoi na sé chás maoirseachta suaite dá dtagraítear in Airteagal 98(5) de Threoir 2013/36/AE do na tréimhsí nochta reatha agus do na tréimhsí nochta roimhe sin;
(b)
na hathruithe ar an nglanioncam úis a ríomhtar faoin dá chás maoirseachta suaite dá dtagraítear in Airteagal 98(5) de Threoir 2013/36/AE do na tréimhsí nochta reatha agus do na tréimhsí nochta roimhe sin;
(c)
tuairisc ar na príomhthoimhdí paraiméadracha agus samhaltaithe, seachas orthu sin dá dtagraítear i bpointe (b) agus pointe (c) d'Airteagal 98(5a) de Threoir 2013/36/AE a úsáidtear chun athruithe ar luach eacnamaíoch cothromais agus ar ghlanioncam úis a ríomh a cheanglaítear faoi phointe (a) agus faoi phointe (b) den mhír seo;
(d)
míniú ar thábhacht na mbeart
►C12
riosca ◄ a nochtar faoi phointí (a) agus (b) den mhír seo agus ar aon athrú suntasach ar na bearta
►C12
riosca ◄ sin ón dáta tagartha nochta roimhe sin;
(e)
tuairisc ar an tslí a sainmhíníonn, a dtomhaiseann, a maolaíonn agus a rialaíonn institiúidí
►C12
riosca ◄ rátaí úis ar na gníomhaíochtaí leabhar neamhthrádála atá acu chun chríocha athbhreithniú na n-údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 84 de Threoir 2013/36/AE, lena n-áirítear:
(i)
tuairisc ar bhearta
►C12
riosca ◄ sonracha arna n-úsáid ag na hinstitiúidí chun meastóireacht a dhéanamh ar athruithe ar luach eacnamaíoch cothromais atá acu agus ar an nglanioncam úis atá acu;
(ii)
tuairisc ar na príomhthoimhdí paraiméadracha agus samhaltaithe a úsáidtear i gcórais thomhaiste inmheánacha na n-institiúidí a bheadh difriúil leis na toimhdí paraiméadracha agus samhaltaithe coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 98(5a)(b) de Threoir 2013/36/AE chun críche athruithe a ríomh ar luach eacnamaíoch cothromais agus ar ghlanioncam úis a ríomh a cheanglaítear, lena n-áirítear an réasúnaíocht do na difríochtaí sin;
(iii)
tuairisc ar na cásanna suaite rátaí úis arna n-úsáid ag institiúidí chun meastachán a dhéanamh ar
►C12
riosca ◄ ar na rátaí úis sin;
(iv)
éifeacht fáluithe a aithint ar na
►C12
riosca ◄ sin ar rátaí úis, lena n-áirítear fáluithe inmheánacha a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 106(3);
(v)
achoimre ar cá mhinice a dhéantar meastóireacht ar na
►C12
riosca ◄ sin ar rátaí úis;
(f)
an tuairisc ar an mbainistíocht iomlán
►C12
riosca ◄ agus straitéisí maolaithe i leith na
►C12
riosca ◄ sin;
(g)
an mheánaibíocht athphraghsála agus an aibíocht phraghsála is faide a shanntar do thaiscí neamhaibíochta.
|
|
Airteagal 448 2.
|
De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, ní bheidh feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i bpointe (c) agus pointe (e)(i) go pointe (e)(iv) de mhír 1 den Airteagal seo maidir le hinstitiúidí a úsáideann an mhodheolaíocht chaighdeánaithe nó an cur chuige caighdeánaithe simplithe dá dtagraítear in Airteagal 84(1) de Threoir 2013/36/AE.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|