+Airteagal 457 Coigeartuithe teicniúla agus ceartuithe teicniúla

Airteagal 457 Coigeartuithe teicniúla agus ceartuithe teicniúla

Airteagal 457

Coigeartuithe teicniúla agus ceartuithe teicniúla

Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 462, chun coigeartú teicniúil agus ceartuithe teicniúla a dhéanamh ar eilimintí neamhriachtanacha sna forálacha seo a leanas d'fhonn forbairtí nua maidir le táirgí nua airgeadais nó maidir le gníomhaíochtaí nua airgeadais a chur san áireamh d'fhonn coigeartuithe a dhéanamh lena gcuirfear forbairtí san áireamh tar éis an Rialachán seo a ghlacadh i ngníomhartha reachtacha eile de chuid an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais agus cuntasaíocht, lena n-áirítear caighdeáin chuntasaíochta bunaithe ar Rialachán Uimh. (AE) 1606/2002:

(a) 

na ceanglais cistí dílse le haghaidh ►C9  riosca ◄ creidmheasa a leagtar síos in Airteagail 111 go 134, agus in Airteagail 143 go 191;

(b) 

na héifeachtaí atá ag maolú ►C9  riosca ◄ creidmheasa i gcomhréir le hAirteagail 193 go 241;

▼M5

(c) 

na ceanglais cistí dílse maidir le hurrúsú a leagtar síos in Airteagal 242 go hAirteagal 270a;

▼B

(d) 

na ceanglais cistí dílse maidir le priacail creidmheasa an chontrapháirtí i gcomhréir le hAirteagail 272 go 311;

(e) 

na ceanglais cistí dílse le haghaidh ►C9  riosca ◄ oibriúcháin a leagtar síos in Airteagail 315 go 324;

(f) 

na ceanglais cistí dílse le haghaidh ►C9  riosca ◄ margaidh a leagtar síos in Airteagail 325 go 377;

(g) 

na ceanglais cistí dílse le haghaidh ►C9  riosca ◄ socraíochta a leagtar síos in Airteagal 378 agus Airteagal 379;

(h) 

na ceanglais cistí dílse le haghaidh coigeartú luachála creidmheasa a leagtar síos in Airteagail 383, 384 agus 386;

▼M8

(i) 

Cuid a Dó agus Airteagal 430 amháin de thoradh ar fhorbairtí sna caighdeáin chuntasaíochta nó sna ceanglais lena gcuirtear gníomhartha reachtacha an Aontais san áireamh;

▼B

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas