|
+Airteagal 458 4. |
Airteagal 458 4.Déantar an chumhacht gníomh cur chun feidhme a ghlacadh chun diúltú do na dréachtbhearta náisiúnta atá molta agus dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 2 a thabhairt don Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, ar thogra ón gCoimisiún. Faoi cheann mí amháin tar éis dóibh an fógra dá dtagraítear i mír 2 a fháil, cuirfidh BERS agus ÚBE a dtuairimí maidir leis na hábhair dá dtagraítear i bpointí (a) go (f) den mhír sin chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit lena mbaineann. Agus na tuairimí dá dtagraítear sa dara fomhír á gcur san áireamh go hiomlán agus i gcás ina mbeidh fianaise stóinseach, láidir, mionsonraithe ann go mbeidh tionchar diúltach ag an mbeart ar an margadh inmheánach a sháróidh na buntáistí a bheidh ann i leith na cobhsaíochta airgeadais de dhroim laghdú sna ►C12 riosca ◄ macrastuamachta nó shistéamacha a shainaithnítear, féadfaidh an Coimisiún, laistigh de mhí amháin, gníomh cur chun feidhme a mholadh don Chomhairle chun diúltú do na dréachtbhearta náisiúnta atá molta. Mura dtíolacfaidh an Coimisiún togra laistigh den tréimhse míosa amháin sin, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann na dréachtbhearta náisiúnta a ghlacadh láithreach ar feadh tréimhse suas go dtí dhá bhliain nó go dtí go mbeidh deireadh leis an ►C12 riosca ◄ macrastuamachta nó sistéamach más luaithe a tharlaíonn sin. Déanfaidh an Chomhairle cinneadh maidir leis an togra ón gCoimisiún laistigh de mhí amháin tar éis an togra a fháil agus sonróidh sí na cúiseanna atá aici leis na dréachtbhearta náisiúnta a dhiúltú nó gan iad a dhiúltú. Ní dhiúltóidh an Chomhairle do na dréachtbhearta náisiúnta a mholfar ach i gcás ina measfaidh sí nár comhlíonadh ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
gur de chineál iad na hathruithe i ndéine an phriacail macrastuamachta nó shistéamaigh go bhféadfadh ►C12 riosca ◄ eascairt astu do chobhsaíocht airgeadais ar an leibhéal náisiúnta;
(b)
(c)
nach n-éireoidh, as na dréachtbhearta náisiúnta sin, éifeachtaí díobhálacha díréireacha don chóras airgeadais i bpáirt nó ina iomláine i mBallstáit eile nó de chuid an Aontais ina iomláine, ar éifeachtaí iad lena bhfoirmeofaí nó lena gcruthófaí, ar an gcaoi sin, constaic i gcoinne fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh; agus
(d)
nach mbaineann an tsaincheist ach le Ballstát amháin. Tabharfar ar aird i measúnú na Comhairle tuairim BERS agus ÚBE agus beidh sé bunaithe ar fhianaise arna cur i láthair i gcomhréir le mír 1 ag an údarás a ainmníodh i gcomhréir le mír 1. In éagmais gníomh cur chun feidhme ón gComhairle chun diúltú do na dréachtbhearta náisiúnta atá á moladh, faoi cheann mí amháin tar éis don Choimisiún an togra a fháil, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann na bearta a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm ar feadh tréimhse suas le dhá bhliain nó go dtí go mbeidh deireadh leis an ►C12 riosca ◄ macrastuamachta nó sistéamach más luaithe a tharlaíonn sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|