+Airteagal 458 ►C9Riosca◄macrastuamachta nó sistéamach arna shainiú ar leibhéal an Bhallstáit
---+Airteagal 458 1.
---+Airteagal 458 2.
---+Airteagal 458 3.
---+Airteagal 458 4.
---+Airteagal 458 5.
---+Airteagal 458 6.
---+Airteagal 458 7.
---+Airteagal 458 8.
---+Airteagal 458 9.
---+Airteagal 458 10.
|
Airteagal 458 ►C9Riosca◄macrastuamachta nó sistéamach arna shainiú ar leibhéal an Bhallstáit
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 458 1.
|
Ainmneoidh na Ballstáit an t-údarás atá i bhfeighil ar an Airteagal seo a chur i bhfeidhm. Is é an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe a bheidh i gceist leis an údarás sin.
|
|
Airteagal 458 2.
|
I gcás ina sainaithníonn an t-údarás arna ainmniú i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo athruithe maidir le déine an phriacail shistéamaigh nó an phriacail macrastuamachta sa chóras airgeadais a d'fhéadfadh iarmhairtí tromchúiseacha diúltacha a bheith acu ar an gcóras airgeadais agus ar an ngeilleagar iarbhír i mBallstát sonrach a measfaidh an t-údarás sin nach bhféadfar aghaidh a thabhairt orthu trí bhíthin uirlisí macrastuamachta eile, ar uirlisí iad a leagtar amach sa Rialachán seo agus i dTreoir 2013/36/AE, chomh héifeachtach céanna agus a fhéadfar trí bhearta náisiúnta níos doichte a chur chun feidhme, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún agus do BERS. Cuirfidh BERS an fógra ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig ÚBE gan mhoill. Beidh na doiciméid seo a leanas ag gabháil leis an bhfógra sin agus cuimseofar ann, i gcás inarb iomchuí, fianaise ábhartha, bíodh sí cainníochtúil nó cáilíochtúil, faoin méid seo a leanas:
(a)
athruithe maidir le déine an phriacail shistéamaigh nó an phriacail macrastuamachta;
(b)
na cúiseanna a bhféadfadh athruithe den chineál sin bagairt a dhéanamh ar chobhsaíocht airgeadais ar leibhéal náisiúnta nó ar an ngeilleagar iarbhír;
(c)
míniú ar an bhfáth a measann an t-údarás nach mbeadh na huirlisí macrastuamachta a leagtar amach in Airteagal 124 agus Airteagal 164 den Rialachán seo agus in Airteagal 133 agus Airteagal 136 de Threoir 2013/36/AE chomh hoiriúnach agus chomh héifeachtach agus a bheadh na dréachtbhearta náisiúnta dá dtagraítear i bpointe (d) den mhír seo chun dul i ngleic leis na
►C12
riosca ◄ sin;
(d)
na dréachtbhearta náisiúnta d'institiúidí atá údaraithe sa bhaile, nó fothacar de na hinstitiúidí sin, chun na hathruithe i ndéine an phriacail agus na hathruithe lena mbaineann an méid a leanas a mhaolú:
(i)
leibhéal na gcistí dílse atá leagtha síos in Airteagal 92;
(ii)
na ceanglais i gcomhair
►C12
neamhchosainti ◄ móra a leagtar síos in Airteagal 392 agus in Airteagal 395 go 403;
(iii)
ceanglais maidir le leachtacht a leagtar síos i gCuid a Sé;
(iv)
ualuithe
►C12
riosca ◄ chun díriú ar bholgáin sócmhainní in earnáil na maoine cónaithí agus na maoine tráchtála dochorraithe;
(v)
na ceanglais maidir le nochtadh poiblí a leagtar síos i gCuid a hOcht;
(vi)
leibhéal an an mhaoláin chaomhnaithe mar a leagtar síos in Airteagal 129 de Threoir 2013/36/AE é; nó
(vii)
►C12
neamhchosainti ◄ inearnála airgeadais;
(e)
míniú ar an bhfáth a measann na húdaráis a ainmníodh i gcomhréir le mír 1 go bhfuil na dréachtbhearta sin oiriúnach, éifeachtach agus comhréireach chun aghaidh a thabhairt ar an gcás; agus
(f)
measúnú ar thionchar dóchúil dearfach nó diúltach na ndréachtbheart ar an margadh aonair bunaithe ar fhaisnéis atá ar fáil don Bhallstát lena mbaineann.
|
|
Airteagal 458 3.
|
Nuair atá siad údaraithe bearta náisiúnta a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an Airteagal seo, cuirfidh na húdaráis a dhearbhaítear i gcomhréir le mír 1 gach fáisnéis ábhartha ar fáil do na húdaráis inniúla ábhartha nó na húdaráis ainmnithe sna Ballstáit eile.
|
|
Airteagal 458 4.
|
Déantar an chumhacht gníomh cur chun feidhme a ghlacadh chun diúltú do na dréachtbhearta náisiúnta atá molta agus dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 2 a thabhairt don Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, ar thogra ón gCoimisiún. Faoi cheann mí amháin tar éis dóibh an fógra dá dtagraítear i mír 2 a fháil, cuirfidh BERS agus ÚBE a dtuairimí maidir leis na hábhair dá dtagraítear i bpointí (a) go (f) den mhír sin chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit lena mbaineann. Agus na tuairimí dá dtagraítear sa dara fomhír á gcur san áireamh go hiomlán agus i gcás ina mbeidh fianaise stóinseach, láidir, mionsonraithe ann go mbeidh tionchar diúltach ag an mbeart ar an margadh inmheánach a sháróidh na buntáistí a bheidh ann i leith na cobhsaíochta airgeadais de dhroim laghdú sna
►C12
riosca ◄ macrastuamachta nó shistéamacha a shainaithnítear, féadfaidh an Coimisiún, laistigh de mhí amháin, gníomh cur chun feidhme a mholadh don Chomhairle chun diúltú do na dréachtbhearta náisiúnta atá molta. Mura dtíolacfaidh an Coimisiún togra laistigh den tréimhse míosa amháin sin, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann na dréachtbhearta náisiúnta a ghlacadh láithreach ar feadh tréimhse suas go dtí dhá bhliain nó go dtí go mbeidh deireadh leis an
►C12
riosca ◄ macrastuamachta nó sistéamach más luaithe a tharlaíonn sin. Déanfaidh an Chomhairle cinneadh maidir leis an togra ón gCoimisiún laistigh de mhí amháin tar éis an togra a fháil agus sonróidh sí na cúiseanna atá aici leis na dréachtbhearta náisiúnta a dhiúltú nó gan iad a dhiúltú. Ní dhiúltóidh an Chomhairle do na dréachtbhearta náisiúnta a mholfar ach i gcás ina measfaidh sí nár comhlíonadh ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
gur de chineál iad na hathruithe i ndéine an phriacail macrastuamachta nó shistéamaigh go bhféadfadh
►C12
riosca ◄ eascairt astu do chobhsaíocht airgeadais ar an leibhéal náisiúnta;
(b)
níl na huirlisí macrastuamachta a leagtar amach sa Rialachán seo agus i dTreoir 2013/36/AE chomh hoiriúnach ná chomh héifeachtach agus atá na dréachtbhearta náisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar an
►C12
riosca ◄ macrastuamachta nó ar an
►C12
riosca ◄ sistéamach a shainaithneofar;
(c)
nach n-éireoidh, as na dréachtbhearta náisiúnta sin, éifeachtaí díobhálacha díréireacha don chóras airgeadais i bpáirt nó ina iomláine i mBallstáit eile nó de chuid an Aontais ina iomláine, ar éifeachtaí iad lena bhfoirmeofaí nó lena gcruthófaí, ar an gcaoi sin, constaic i gcoinne fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh; agus
(d)
nach mbaineann an tsaincheist ach le Ballstát amháin.
Tabharfar ar aird i measúnú na Comhairle tuairim BERS agus ÚBE agus beidh sé bunaithe ar fhianaise arna cur i láthair i gcomhréir le mír 1 ag an údarás a ainmníodh i gcomhréir le mír 1. In éagmais gníomh cur chun feidhme ón gComhairle chun diúltú do na dréachtbhearta náisiúnta atá á moladh, faoi cheann mí amháin tar éis don Choimisiún an togra a fháil, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann na bearta a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm ar feadh tréimhse suas le dhá bhliain nó go dtí go mbeidh deireadh leis an
►C12
riosca ◄ macrastuamachta nó sistéamach más luaithe a tharlaíonn sin.
|
|
Airteagal 458 5.
|
Féadfaidh Ballstáit eile na bearta a glacadh i gcomhréir leis an Airteagal seo a aithint agus a chur i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí atá údaraithe sa bhaile, a bhfuil brainsí nó
►C12
neamhchosaint ◄ acu atá lonnaithe sa Bhallstát ina n-údaraítear an beart a chur i bhfeidhm.
|
|
Airteagal 458 6.
|
I gcás ina n-aithníonn na Ballstáit na bearta a leagtar amach i gcomhréir leis an Airteagal seo, tabharfaidh siad fógra do BERS. Cuirfidh BERS fógraí mar sin ar aghaidh gan aon mhoill chuig an gComhairle, an Coimisiún, ÚBE agus chuig an mBallstát a bhfuil údar aige na bearta a chur i bhfeidhm.
|
|
Airteagal 458 7.
|
Agus cinneadh á dhéanamh aige an aithneoidh sé na bearta a shocraítear i gcomhréir leis an Airteagal seo nó nach n-aithneoidh sé iad, cuirfidh an Ballstát na critéir a leagtar amach i mír 4 san áireamh.
|
|
Airteagal 458 8.
|
Féadfaidh an Ballstát a bhfuil údar aige na bearta a chur i bhfeidhm iarraidh ar BERS moladh a eisiúint dá dtagraítear in Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 do cheann amháin nó níos mó de na Ballstáit nach dtugann aitheantas do na bearta.
|
|
Airteagal 458 9.
|
Roimh dhul in éag don údarú a eisítear i gcomhréir le míreanna 2 agus 4, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann athbhreithniú ar an gcás, i gcomhairliúchán le BERS, le ÚBE agus leis an gCoimisiún, agus féadfaidh sé cinneadh nua a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i míreanna 2 agus 4, chun síneadh a chur leis an tréimhse ina gcuirfear bearta náisiúnta i bhfeidhm suas le 2 bhliain bhreise gach uair.
|
|
Airteagal 458 10.
|
D'ainneoin an nós imeachta a leagtar amach i mír 3 go 9 den Airteagal seo, ceadófar do na Ballstáit na hualaí
►C12
riosca ◄ a mhéadú thar na cinn dá bhforáiltear sa Rialachán seo suas go 25 %, i gcás na
►C12
neamhchosainti ◄ sin a shainaithnítear i bpointí (d)( iv) agus (d)(vii) de mhír 2 den Airteagal seo agus an teorainn
►C12
neamhchosainta ◄ mhóir dá bhforáiltear in Airteagal 395 a dhoimhniú suas go 15 % ar feadh tréimhse suas go dhá bhliain nó go dtí go scoirfidh an
►C12
riosca ◄ macrastuamachta nó sistéamach a bheith ann má tharlaíonn sin níos luaithe, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha agus na ceanglais maidir le fógra a thabhairt a leagtar síos i mír 2 den Airteagal seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|