+Airteagal 461 Athbhreithniú ar an gceanglas maidir le cumhdach leachtachta.a chéimniú isteach
---+Airteagal 461 1.
---+Airteagal 461 2.
|
Airteagal 461 Athbhreithniú ar an gceanglas maidir le cumhdach leachtachta.a chéimniú isteach
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 461 1.
|
Tabharfaidh ÚBE, tar éis dul i gcomhairle le BERS, tuarascáil don Choimisiún faoin 30 Meitheamh 2016 maidir le cé acu ar cheart céimniú isteach an cheanglais maidir le cumhdach leachtachta mar a shonraítear in Airteagal 460(1a) é a leasú. San anailís sin, tabharfar aird chuí ar a bhfuil ag titim amach sa mhargadh agus ó thaobh na rialála idirnáisiúnta agus ar shonraíochtaí an Aontais. Sa tuarascáil ón ÚBE, déanfar measúnú go háirithe ar thabhairt isteach iarchurtha an íoschaighdeáin cheangailtigh 100 %, go dtí an 1 Eanáir 2019. Déanfar na tuarascálacha bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 509(1), sonraí ábhartha an mhargaidh agus moltaí uile na nÚdarás Inniúil a chur san áireamh sa tuarascáil.
|
|
Airteagal 461 2.
|
I gcás inar gá chun aghaidh a thabhairt ar fhorbairtí sa mhargadh agus ar forbairtí eile, tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 462 chun an céimniú isteach a shonraítear in Airteagal 460a athrú chun iarchur a dhéanamh ar íoschaighdeán ceangailteach 100 % a thabhairt isteach don cheanglas maidir le cumhdach leachtachta a leagtar amach in Airteagal 412(1) agus chun íoschaighdeán ceangailteach 90 % a chur i bhfeidhm don cheanglas maidir le cumhdach leachtachta. Chun measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le hiarchur a dhéanamh, déanfaidh an Coimisiún an tuarascáil agus an measúnú dá dtagraítear i mír 1 a chur san áireamh. Ní bheidh feidhm ag gníomh tarmligthe a ghlacfar i gcomhréir leis an Airteagal seo roimh an 1 Eanáir 2018 agus tiocfaidh sé i bhfeidhm an 30 Meitheamh 2017.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|