|
+Airteagal 465 8. |
Airteagal 465 8.Chun críocha mhír 5 den Airteagal seo, comhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)
tá na neamhchosaintí incháilithe don láimhseáil de bhun Airteagal 125(1);
(b)
tá na neamhchosaintí cáilitheacha a ualaítear ó thaobh riosca i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 3;
(c)
tá an réadmhaoin chónaithe lena n-urraítear na neamhchosaintí cáilitheacha lonnaithe sa Bhallstát a d’fheidhmigh an rogha;
(d)
le 8 mbliana anuas, ní sháraíonn caillteanais na hinstitiúide in aon bhliain ar leith, mar a thuairiscíonn an institiúid de bhun Airteagal 430a(1), pointí (a) agus (c), nó de bhun Airteagal 101(1), pointí (a) agus (c), sa leagan de na pointí sin is infheidhme an 27 Meitheamh 2021, ó thaobh na neamhchosaintí arna n-urrú le morgáistí ar réadmhaoin chónaithe suas go dtí an tsuim is ísle den mhéid atá curtha i ngeall agus 55 % den luach réadmhaoine, mura gcinntear a mhalairt faoi Airteagal 124(9), ar an meán, 0,25 % de shuim luachanna neamhchosanta na neamhchosaintí uile gan íoc arna n-urrú le morgáistí ar réadmhaoin chónaithe;
(e)
maidir leis na neamhchosaintí cáilitheacha, tá na cearta infhorfheidhmithe seo a leanas ag an institiúid i gcás mainneachtana nó i gcás nach n-íocann an t-oibleagáideoir:
(i)
ceart ar an réadmhaoin chónaithe lena n-urraítear an neamhchosaint nó an ceart morgáiste a thógáil amach ar an réadmhaoin chónaithe i gcomhréir le hAirteagal 108(5), pointe (g);
(ii)
ceart ar shócmhainní eile agus ar ioncam eile an oibleagáideora, ar bhonn conarthach nó faoin dlí náisiúnta is infheidhme;
(f)
d’fhíoraigh an t-údarás inniúil go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a) go (e). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|