+Airteagal 471 1.

Airteagal 471 1.

De mhaolú ar Airteagal 49, (1), i rith na tréimhse ón 31 Nollaig 2018 go dtí an 31 Nollaig 2024, féadfaidh institiúidí a chinneadh gan sealúchais cothromais a asbhaint i ngnóthais árachais, athárachais agus i gcuideachtaí sealbhaíochta árachais i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) agus (e) d'Airteagal 49(1);

(b) 

tá na húdaráis inniúla sásta le leibhéal an rialú ►C12  riosca ◄ agus na nósanna imeachta anailíse airgeadais a ghlac an institiúid go sonrach d'fhonn faireachán a dhéanamh ar an infheistíocht sa ghnóthas nó sa chuideachta shealbhaíochta;

(c) 

ní mó ná 15 % d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 iad sealúchais chothromais na hinstitiúide sa ghnóthas árachais, gnóthas athárachais nó sa chuideachta shealbhaíochta árachais arna eisiúint ag an eintiteas árachais sin faoin 31 Nollaig 2012 agus in imeacht na tréimhse ón 1 Eanáir 2013 go dtí an 31 Nollaig 2024;

(d) 

ní mó an sealúchas cothromais nach bhfuil asbhainte ná an méid atá i seilbh in ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal sa ghnóthas árachais, sa ghnóthas athárachais nó sa chuideachta shealbhaíochta árachais faoin 31 Nollaig 2012.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas