+Airteagal 473 Leasuithe ar IAS 39 a thabhairt isteach
---+Airteagal 473 1.
---+Airteagal 473 2.
---+Airteagal 473 3.
---+Airteagal 473 4.
---+Airteagal 473 5.
|
Airteagal 473 Leasuithe ar IAS 39 a thabhairt isteach
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 473 1.
|
De mhaolú ar Airteagal 481, le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2018, féadfaidh údaráis inniúla a cheadú d'institiúidí a ullmhaíonn a gcuntais i gcomhréir leis na caighdeáin chuntasaíochta idirnáisiúnta a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 6(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 le cur lena nGnáthchothromas Leibhéal 1 an méid is infheidhme i gcomhréir le mír 2 nó mír 3 de réir mar is infheidhme arna iolrú faoin bhfachtóir a gcuirfear i bhfeidhm i gcomhréir le mír 4.
|
|
Airteagal 473 2.
|
Ríomhfar an méid is infheidhme tríd an tsuim a fhaightear i gcomhréir le pointe (b) a asbhaint ón tsuim a fhaightear i gcomhréir le pointe (a)
(a)
Cinnfidh institiúidí luach sócmhainní a gcistí nó a bpleananna pinsin le sochar sainithe, mar is infheidhme, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh 1126/2008 (
40
) mar a a leasaítear le Rialachán (AE) Uimh 475/2012 (
41
) iad. Déanfaidh na hinstitiúidí a asbhaint ó luach na sócmhainní sin luachanna na n-oibleagáidí faoi na cistí nó pleananna sainithe céanna arna gcinneadh i gcomhréir leis na rialacha cuntasaíochta céanna.
(b)
Cinnfidh institiúidí luach sócmhainní a gcistí nó a bpleananna pinsin sainithe, mar is infheidhme, i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh 1126/2008. Déanfaidh na hinstitiúidí a asbhaint ó luach na sócmhainní sin luachanna na n-oibleagáidí sin faoi na cistí nó pleananna sainithe céanna arna gcinneadh i gcomhréir leis na rialacha cuntasaíochta céanna.
|
|
Airteagal 473 3.
|
An méid a chinnfear i gcomhréir le mír 2, déanfar é a theorannú don mhéid nach gá a asbhaint ó chistí dísle roimh 1 Eanáir 2014, faoi bhearta trasuí náisiúnta Threoir 2006/48/CE, a mhéid a bheadh na bearta trasuí náisiúnta sin i dteideal na láimhseála in Airteagal 481 sa Bhallstát lena mbaineann.
|
|
Airteagal 473 4.
|
Beidh feidhm ag na fachtóirí seo a leanas:
(a)
1 le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2014;
(b)
0,8 sa tréimhse ón 1 Eanáir 2015 go dtí an 31 Nollaig 2015;
(c)
0,6 sa tréimhse ón 1 Eanáir 2016 go dtí an 31 Nollaig 2016;
(d)
0,4 sa tréimhse ón 1 Eanáir 2017 go dtí an 31 Nollaig 2017;
(e)
0,2 sa tréimhse ón 1 Eanáir 2018 go 31 Nollaig 2018
|
|
Airteagal 473 5.
|
Déanfaidh institiúidí luachanna sócmhainní agus dliteanais eile i gcomhréir le mír a 2 a nochtadh ina ráitis fhoilsithe airgeadais.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|