+Airteagal 473a 1.
|
Airteagal 473a 1.
De mhaolú ar Airteagal 50 agus go dtí deireadh na n-idirthréimhsí a leagtar amach i míreanna 6 agus 6a den Airteagal seo, féadfaidh siad seo a leanas an méid a ríomhtar i gcomhréir leis an mír seo a áireamh ina gcaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1:
▼M4
(a)
institiúidí a ullmhóidh a gcuntais i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 6(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002;
(b)
institiúidí a dhéanann, de bhun Airteagal 24(2) den Rialachán seo, luacháil ar shócmhainní agus ar mhíreanna lasmuigh den chlár comhardaithe agus a chinneann a gcistí dílse i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 6(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002;
(c)
institiúidí a dhéanann luacháil ar shócmhainní agus ar mhíreanna lasmuigh den chlár comhardaithe i gcomhréir le caighdeáin chuntasaíochta faoi Threoir 86/635/CEE agus a bhaineann úsáid as samhail le haghaidh caillteanais chreidmheasa ionchasacha atá ar aon dul leis an gceann a úsáideadh sna caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 6(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002.
An méid dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ríomhfar í mar shuim an mhéid seo a leanas:
(a)
i gcás risíochtaí atá faoi réir ualú priacail i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí, an méid (ABSA) a ríomhtar i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
nuair:
|
A2,SA
|
=
|
an méid a ríomhtar i gcomhréir le mír 2;
|
|
A4,SA
|
=
|
an méid a ríomhtar i gcomhréir le mír 4 bunaithe ar na méideanna a ríomhtar i gcomhréir le mír 3;
|
;
|
|
=
|
suim na gcaillteanas creidmheasa ionchasach don tréimhse 12 mhí arna gcinneadh i gcomhréir le mír 5.5.5 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9 agus méid an lamháltais caillteanais do chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil arna chinneadh i gcomhréir le mír 5.5.3 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, cé is moite den lamháltas caillteanais do chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil i gcás sócmhainní airgeadais a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu mar a shainmhínítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, an 1 Eanáir 2020;
|
|
|
=
|
suim na gcaillteanas creidmheasa ionchasach don tréimhse 12 mhí arna gcinneadh i gcomhréir le mír 5.5.5 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9 agus méid an lamháltais caillteanais do chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil arna chinneadh i gcomhréir le mír 5.5.3 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, cé is moite den lamháltas caillteanais do chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil i gcás sócmhainní airgeadais a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu mar a shainmhínítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, an 1 Eanáir 2018 nó ar an dáta a chuirtear IFRS 9 i bhfeidhm den chéad uair, cibé acu is déanaí;
|
|
f1
|
=
|
an fachtóir is infheidhme a leagtar síos i mír 6;
|
|
f2
|
=
|
an fachtóir is infheidhme a leagtar síos i mír 6a;
|
|
t1
|
=
|
an méadú ar chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 de bharr in-asbhainteacht chánach shuim A2,SA;
|
|
t2
|
=
|
an méadú ar chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 de bharr in-asbhainteacht chánach shuim A4,SA;
|
|
t3
|
=
|
an méadú ar chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 de bharr in-asbhainteacht chánach mhéid ;
|
(b)
i gcás risíochtaí atá faoi réir ualú priacail i gcomhréir le Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí, an méid (ABIRB) a ríomhtar i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
nuair:
|
A2,IRB
|
=
|
an méid a ríomhtar i gcomhréir le mír 2 arna choigeartú i gcomhréir le pointe (a) de mhír 5;
|
|
A4,IRB
|
=
|
an méid a ríomhtar i gcomhréir le mír 4 bunaithe ar na méideanna a ríomhtar i gcomhréir le mír 3, is méideanna arna gcoigeartú i gcomhréir le pointí (b) agus (c) de mhír 5;
|
|
|
=
|
suim na gcaillteanas creidmheasa ionchasach don tréimhse 12 mhí arna gcinneadh i gcomhréir le mír 5.5.5 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9 agus méid an lamháltais caillteanais do chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil arna chinneadh i gcomhréir le mír 5.5.3 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, cé is moite den lamháltas caillteanais do chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil i gcás sócmhainní airgeadais a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu mar a shainmhínítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, lúide suim mhéideanna gaolmhara an chaillteanais ionchasaigh le haghaidh na risíochtaí céanna sin arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 158(5), (6) agus (10) den Rialachán seo, an 1 Eanáir 2020. I gcás inar uimhir dhiúltach a thiocfaidh as an ríomh, socróidh an institiúid luach ag nialas;
|
|
|
=
|
suim na gcaillteanas creidmheasa ionchasach don tréimhse 12 mhí arna gcinneadh i gcomhréir le mír 5.5.5 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9 agus méid an lamháltais caillteanais do chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil arna chinneadh i gcomhréir le mír 5.5.3 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, cé is moite den lamháltas caillteanais do chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil i gcás sócmhainní airgeadais a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu mar a shainmhínítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, an 1 Eanáir 2018 nó ar an dáta a chuirtear IFRS 9 i bhfeidhm den chéad uair, cibé acu is déanaí, lúide suim mhéideanna gaolmhara an chaillteanais ionchasaigh le haghaidh na risíochtaí céanna arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 158(5), (6) agus (10) den Rialachán seo. I gcás inar uimhir dhiúltach a thiocfaidh as an ríomh, socróidh an institiúid luach chun gur cothrom le nialas é;
|
|
f1
|
=
|
an fachtóir is infheidhme a leagtar síos i mír 6;
|
|
f2
|
=
|
an fachtóir is infheidhme a leagtar síos i mír 6a;
|
|
t1
|
=
|
an méadú ar chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 de bharr in-asbhainteacht chánach shuim A2,IRB;
|
|
t2
|
=
|
an méadú ar chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 de bharr in-asbhainteacht chánach shuim A4,IRB;
|
|
t3
|
=
|
an méadú ar chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 de bharr in-asbhainteacht chánach shuim .
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|