+Airteagal 473a IFRS 9 a thabhairt isteach
---+Airteagal 473a 1.
---+Airteagal 473a 2.
---+Airteagal 473a 3.
---+Airteagal 473a 4.
---+Airteagal 473a 5.
---+Airteagal 473a 6.
---+Airteagal 473a 6a.
---+Airteagal 473a 7.
---+Airteagal 473a 7a.
---+Airteagal 473a 8.
---+Airteagal 473a 9.
---+Airteagal 473a 10.

Airteagal 473a IFRS 9 a thabhairt isteach

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 473a 1.

De mhaolú ar Airteagal 50 agus go dtí deireadh na n-idirthréimhsí a leagtar amach i míreanna 6 agus 6a den Airteagal seo, féadfaidh siad seo a leanas an méid a ríomhtar i gcomhréir leis an mír seo a áireamh ina gcaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1:

▼M4

(a) 

institiúidí a ullmhóidh a gcuntais i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 6(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002;

(b) 

institiúidí a dhéanann, de bhun Airteagal 24(2) den Rialachán seo, luacháil ar shócmhainní agus ar mhíreanna lasmuigh den chlár comhardaithe agus a chinneann a gcistí dílse i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 6(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002;

(c) 

institiúidí a dhéanann luacháil ar shócmhainní agus ar mhíreanna lasmuigh den chlár comhardaithe i gcomhréir le caighdeáin chuntasaíochta faoi Threoir 86/635/CEE agus a bhaineann úsáid as samhail le haghaidh caillteanais chreidmheasa ionchasacha atá ar aon dul leis an gceann a úsáideadh sna caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 6(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002.

An méid dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ríomhfar í mar shuim an mhéid seo a leanas:

(a) 

i gcás risíochtaí atá faoi réir ualú priacail i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí, an méid (ABSA) a ríomhtar i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

nuair:

A2,SA

=

an méid a ríomhtar i gcomhréir le mír 2;

A4,SA

=

an méid a ríomhtar i gcomhréir le mír 4 bunaithe ar na méideanna a ríomhtar i gcomhréir le mír 3;

image;

image

=

suim na gcaillteanas creidmheasa ionchasach don tréimhse 12 mhí arna gcinneadh i gcomhréir le mír 5.5.5 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9 agus méid an lamháltais caillteanais do chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil arna chinneadh i gcomhréir le mír 5.5.3 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, cé is moite den lamháltas caillteanais do chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil i gcás sócmhainní airgeadais a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu mar a shainmhínítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, an 1 Eanáir 2020;

image

=

suim na gcaillteanas creidmheasa ionchasach don tréimhse 12 mhí arna gcinneadh i gcomhréir le mír 5.5.5 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9 agus méid an lamháltais caillteanais do chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil arna chinneadh i gcomhréir le mír 5.5.3 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, cé is moite den lamháltas caillteanais do chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil i gcás sócmhainní airgeadais a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu mar a shainmhínítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, an 1 Eanáir 2018 nó ar an dáta a chuirtear IFRS 9 i bhfeidhm den chéad uair, cibé acu is déanaí;

f1

=

an fachtóir is infheidhme a leagtar síos i mír 6;

f2

=

an fachtóir is infheidhme a leagtar síos i mír 6a;

t1

=

an méadú ar chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 de bharr in-asbhainteacht chánach shuim A2,SA;

t2

=

an méadú ar chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 de bharr in-asbhainteacht chánach shuim A4,SA;

t3

=

an méadú ar chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 de bharr in-asbhainteacht chánach mhéid image;

(b) 

i gcás risíochtaí atá faoi réir ualú priacail i gcomhréir le Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí, an méid (ABIRB) a ríomhtar i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

nuair:

A2,IRB

=

an méid a ríomhtar i gcomhréir le mír 2 arna choigeartú i gcomhréir le pointe (a) de mhír 5;

A4,IRB

=

an méid a ríomhtar i gcomhréir le mír 4 bunaithe ar na méideanna a ríomhtar i gcomhréir le mír 3, is méideanna arna gcoigeartú i gcomhréir le pointí (b) agus (c) de mhír 5;

image

=

suim na gcaillteanas creidmheasa ionchasach don tréimhse 12 mhí arna gcinneadh i gcomhréir le mír 5.5.5 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9 agus méid an lamháltais caillteanais do chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil arna chinneadh i gcomhréir le mír 5.5.3 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, cé is moite den lamháltas caillteanais do chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil i gcás sócmhainní airgeadais a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu mar a shainmhínítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, lúide suim mhéideanna gaolmhara an chaillteanais ionchasaigh le haghaidh na risíochtaí céanna sin arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 158(5), (6) agus (10) den Rialachán seo, an 1 Eanáir 2020. I gcás inar uimhir dhiúltach a thiocfaidh as an ríomh, socróidh an institiúid luach image ag nialas;

image

=

suim na gcaillteanas creidmheasa ionchasach don tréimhse 12 mhí arna gcinneadh i gcomhréir le mír 5.5.5 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9 agus méid an lamháltais caillteanais do chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil arna chinneadh i gcomhréir le mír 5.5.3 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, cé is moite den lamháltas caillteanais do chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil i gcás sócmhainní airgeadais a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu mar a shainmhínítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, an 1 Eanáir 2018 nó ar an dáta a chuirtear IFRS 9 i bhfeidhm den chéad uair, cibé acu is déanaí, lúide suim mhéideanna gaolmhara an chaillteanais ionchasaigh le haghaidh na risíochtaí céanna arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 158(5), (6) agus (10) den Rialachán seo. I gcás inar uimhir dhiúltach a thiocfaidh as an ríomh, socróidh an institiúid luach image chun gur cothrom le nialas é;

f1

=

an fachtóir is infheidhme a leagtar síos i mír 6;

f2

=

an fachtóir is infheidhme a leagtar síos i mír 6a;

t1

=

an méadú ar chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 de bharr in-asbhainteacht chánach shuim A2,IRB;

t2

=

an méadú ar chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 de bharr in-asbhainteacht chánach shuim A4,IRB;

t3

=

an méadú ar chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 de bharr in-asbhainteacht chánach shuim image.

Airteagal 473a 2.

Ríomhfaidh na hinstitiúidí na suimeanna A2,SA agus A2,IRB dá dtagraítear, faoi seach, i bpointe (a) agus i bpointe (b) den dara fomhír de mhír 1 mar an tsuim is mó de na suimeanna dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den mhír seo ar bhealach ar leithligh maidir lena neamhchosaintí atá faoi réir ualú riosca i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí agus i gcás neamhchosaintí atá faoi réir ualú riosca i gcomhréir le Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí:

(a) 

nialas;

(b) 

an tsuim arna ríomh i gcomhréir le pointe (i) lúide an tsuim a ríomhtar i gcomhréir le pointe (ii):

(i) 

suim na gcaillteanas creidmheasa ionchasach do thréimhse 12 mhí a chinntear i gcomhréir le mír 5.5.5 de IFRS 9 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 ón gCoimisiún (“Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9”) móide méid an lamháltais caillteanais do chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil a chinntear i gcomhréir le mír 5.5.3 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9 amhail ón 1 Eanáir 2018 nó ar an dáta a gcuirtear IFRS 9 i bhfeidhm den chéad uair;

(ii) 

méid iomlán na gcaillteanas lagaithe ar shócmhainní airgeadais a aicmítear mar iasachtaí agus earraí infhaighte, infheistíochtaí arna sealbhú go tráth aibíochta agus sócmhainní airgeadais atá ar fáil lena ndíol, mar a shainmhínítear i mír 9 de IAS 39, agus nach ionstraimí cothromais iad ná aonaid nó scaireanna i ngnóthais chomhinfheistíochta, a chinntear i gcomhréir le míreanna 63, 64, 65, 67, 68 agus 70 de IAS 39 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 amhail ón 31 Nollaig 2017 nó ar an lá roimh an dáta a gcuirtear IFRS 9 i bhfeidhm den chéad uair.

Airteagal 473a 3.

I gcás neamhchosaintí atá faoi réir ualú riosca i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí agus i gcás a neamhchosaintí atá faoi réir ualú riosca i gcomhréir le Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí, ríomhfaidh institiúidí an tsuim lena sáraíonn an tsuim dá dtagraítear i bpointe (a) an tsuim dá dtagraítear i bpointe (b) ar bhealach ar leithligh:

▼M11

(a) 

suim na gcaillteanas creidmheasa ionchasach don tréimhse 12 mhí arna gcinneadh i gcomhréir le mír 5.5.5 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9 agus méid an lamháltais caillteanais do chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil arna chinneadh i gcomhréir le mír 5.5.3 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, cé is moite den lamháltas caillteanais do chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil i gcás sócmhainní airgeadais a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu mar a shainmhínítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, ar an dáta tuairiscithe agus, i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 468 den Rialachán seo, cé is moite de chaillteanais chreidmheasa ionchasacha arna gcinneadh maidir le risíochtaí arna dtomhas ag luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le mír 4.1.2 A den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9;

(b) 

suim na gcaillteanas creidmheasa ionchasach don tréimhse 12 mhí arna gcinneadh i gcomhréir le mír 5.5.5 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9 agus méid an lamháltais caillteanais do chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil arna chinneadh i gcomhréir le mír 5.5.3 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, cé is moite den lamháltas caillteanais do chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil i gcás sócmhainní airgeadais a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu mar a shainmhínítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9 agus, i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 468 den Rialachán seo, cé is moite de chaillteanais chreidmheasa ionchasacha arna gcinneadh maidir le risíochtaí arna dtomhas ag luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le mír 4.1.2 A den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, an 1 Eanáir 2020 nó ar an dáta a chuirtear IFRS 9 i bhfeidhm den chéad uair, cibé acu is déanaí.

▼M4

Airteagal 473a 4.
Maidir le neamhchosaintí atá faoi réir ualú riosca i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí, i gcás inar mó an tsuim a shonraítear i gcomhréir le pointe (a) de mhír 3 ná an tsuim a shonraítear i bpointe (b) de mhír 3, socróidh na hinstitiúidí A4,SA chun gur comhionann é agus an difríocht idir na suimeanna sin; sin nó socróidh siad A4,SA chun gur cothrom le nialas é.

Maidir le neamhchosaintí atá faoi réir ualú riosca i gcomhréir le Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí, i gcás inar mó an tsuim — arna sonrú i gcomhréir le pointe (a) de mhír 3 agus tar éis pointe (b) de mhír 5 a chur i bhfeidhm ina leith — ná an tsuim a shonraítear i bpointe (b) de mhír 3 tar éis pointe (c) de mhír 5 a chur i bhfeidhm, socróidh na hinstitiúidí A4,IRB chun gur comhionann é agus an difríocht idir na suimeanna sin, sin nó socróidh siad A4,IRB chun gur cothrom le nialas é.

Airteagal 473a 5.

Maidir le neamhchosaintí atá faoi réir ualú riosca i gcomhréir le Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí, cuirfidh institiúidí i bhfeidhm mír 2 go mír 4 mar a leanas:

(a) 

maidir le ríomh A2,IRB, laghdóidh na hinstitiúidí gach ceann de na méideanna arna ríomh i gcomhréir le pointe (b)(i) agus (ii) de mhír 2 den Airteagal seo trí shuim an chaillteanais ionchasaigh a bhaint as arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 158(5), (6) agus (10) amhail ón 31 Nollaig 2017 nó lá amháin sula gcuirfear i bhfeidhm IFRS 9 den chéad uair. I gcás inar uimhir dhiúltach a bheidh sa tsuim dá dtagraítear i bpointe (b)(i) de mhír 2 den Airteagal seo, socróidh an institiúid luach an mhéid ag nialas. I gcás inar uimhir dhiúltach a bheidh sa tsuim dá dtagraítear i bpointe (b)(ii) de mhír 2 den Airteagal seo, socróidh an institiúid luach an mhéid sin chun gur cothrom le nialas é;

▼M11

(b) 

maidir leis an méid a ríomhtar i gcomhréir le pointe (a) de mhír 3 den Airteagal seo, cuirfidh na hinstitiúidí ina ionad suim na gcaillteanas creidmheasa ionchasach don tréimhse 12 mhí arna gcinneadh i gcomhréir le mír 5.5.5 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9 mar aon le méid an lamháltais caillteanais do chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil arna chinneadh i gcomhréir le mír 5.5.3 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, cé is moite den lamháltas caillteanais do chaillteanais ionchasacha saoil i gcás sócmhainní airgeadais a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu, mar a shainmhínítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, agus, i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 468 den Rialachán seo, cé is moite de chaillteanais chreidmheasa ionchasacha arna gcinneadh maidir le risíochtaí arna dtomhas ag luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le mír 4.1.2 A den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, lúide suim mhéideanna gaolmhara an chaillteanais ionchasaigh le haghaidh na risíochtaí céanna arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 158(5), (6) agus (10) den Rialachán seo ar an dáta tuairiscithe. I gcás inarb uimhir dhiúltach a thiocfaidh as an ríomh, socróidh an institiúid luach an mhéid dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 3 den Airteagal seo chun gur cothrom le nialas é;

(c) 

maidir leis an méid a ríomhtar i gcomhréir le pointe (b) de mhír 3 den Airteagal seo, cuirfidh na hinstitiúidí ina ionad suim na gcaillteanas creidmheasa ionchasach don tréimhse 12 mhí arna gcinneadh i gcomhréir le mír 5.5.5 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9 mar aon le méid an lamháltais caillteanais do chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil arna chinneadh i gcomhréir le mír 5.5.3 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, cé is moite den lamháltas caillteanais do chaillteanais ionchasacha saoil i gcás sócmhainní airgeadais a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu, mar a shainmhínítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, agus, i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 468 den Rialachán seo, cé is moite de chaillteanais chreidmheasa ionchasacha arna gcinneadh maidir le risíochtaí arna dtomhas ag luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le mír 4.1.2 A den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, an 1 Eanáir 2020 nó ar an dáta a chuirtear IFRS 9 i bhfeidhm den chéad uair, cibé acu is déanaí, lúide suim mhéideanna gaolmhara an chaillteanais ionchasaigh le haghaidh na risíochtaí céanna arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 158(5), (6) agus (10) den Rialachán seo an 1 Eanáir 2020 nó ar an dáta a chuirtear IFRS 9 i bhfeidhm den chéad uair, cibé acu is déanaí. I gcás inarb uimhir dhiúltach a thiocfaidh as an ríomh, socróidh an institiúid luach an mhéid dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 3 den Airteagal seo chun gur cothrom le nialas é.

Airteagal 473a 6.

Cuirfidh na institiúidí na fachtóirí seo a leanas i bhfeidhm f1 chun méideanna ABSA agus ABIRB dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den dara fomhír de mhír 1 faoi seach a ríomh:

(a) 

0,7 le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020;

(b) 

0,5 le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021;

(c) 

0,25 le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2022;

(d) 

0 le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2024.

I gcás institiúidí ar tar éis an 1 Eanáir 2020 ach roimh an 1 Eanáir 2021 a thosóidh an bhliain airgeadais acu, déanfaidh siad na dátaí dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) den chéad fhomhír a choigeartú chun go mbeidh siad ag comhfhreagairt don bhliain airgeadais acu, tuairisceoidh siad na dátaí coigeartaithe dá n-údarás inniúil, agus nochtfaidh siad go poiblí iad.

I gcás institiúidí a thosóidh ar chaighdeáin chuntasaíochta dá dtagraítear i mír 1 a chur i bhfeidhm an 1 Eanáir 2021 nó dá éis sin, is i gcomhréir le pointí (b) go (d) den chéad fhomhír a chuirfidh siad i bhfeidhm na fachtóirí ábhartha, ag tosú dóibh leis an bhfachtóir a chomhfhreagraíonn don bhliain a cuireadh na caighdeáin chuntasaíochta sin i bhfeidhm den chéad uair.

Airteagal 473a 6a.

Cuirfidh na hinstitiúidí na fachtóirí f2 seo a leanas i bhfeidhm chun na méideanna ABSA agus ABIRB dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den dara fomhír de mhír 1 faoi seach a ríomh:

(a) 

1 le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020;

(b) 

1 le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021;

(c) 

0,75 le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2022;

(d) 

0,5 le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023;

(e) 

0,25 le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2024.

I gcás institiúidí ar tar éis an 1 Eanáir 2020 ach roimh an 1 Eanáir 2021 a thosóidh an bhliain airgeadais acu, déanfaidh siad na dátaí dá dtagraítear i bpointí (a) go (e) den chéad fhomhír a choigeartú chun go mbeidh siad ag comhfhreagairt don bhliain airgeadais acu, tuairisceoidh siad na dátaí coigeartaithe sin dá n-údarás inniúil féin, agus nochtfaidh siad go poiblí iad.

I gcás institiúidí a thosóidh ar chaighdeáin chuntasaíochta dá dtagraítear i mír 1 a chur i bhfeidhm an 1 Eanáir 2021 nó dá éis sin, is i gcomhréir le pointí (b) go (e) den chéad fhomhír a chuirfidh siad i bhfeidhm na fachtóirí ábhartha, ag tosú dóibh leis an bhfachtóir a chomhfhreagraíonn don bhliain a cuireadh na caighdeáin chuntasaíochta sin i bhfeidhm den chéad uair.

Airteagal 473a 7.

I gcás ina gcuireann institiúid, i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, suim san áireamh ina caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1, ríomhfaidh sí an athuair na ceanglais uile a leagtar síos sa Rialachán seo agus i dTreoir 2013/36/AE a úsáideann aon cheann de na míreanna seo a leanas sa mhéid nach gcuirtear san áireamh leo na héifeachtaí atá ar na míreanna sin ag na soláthairtí le haghaidh caillteanais chreidmheasa ionchasacha a chuir sí san áireamh ina caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1:

(a) 

méid na sócmhainní cánach iarchurtha a asbhaintear as caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 36(1) nó a ualaítear ó thaobh riosca de i gcomhréir le hAirteagal 48(4);

(b) 

luach na neamhchosanta arna cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 111(1) trína dtarlóidh an méid seo a leanas:

i dtaca leis na coigeartuithe sonracha maidir le riosca creidmheasa lena laghdófar luach na neamhchosanta, déanfar iad a iolrú faoin bhfachtóir scálúcháin (sf) seo a leanas:

image

nuair atá:

ABSA = an tsuim a ríomhtar i gcomhréir le pointe (a) den dara fomhír de mhír 1;

RASA = suim iomlán na gcoigeartuithe sonracha maidir le riosca creidmheasa;

(c) 

suim na míreanna Leibhéal 2 a ríomhtar i gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 62.

Airteagal 473a 7a.
De mhaolú ar phointe (b) de mhír 7 den Airteagal seo, nuair a bhíonn na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo agus i dTreoir 2013/36/AE á n-athríomh acu, féadfaidh institiúidí ualú priacail 100 % a shannadh ar an méid ABSA dá dtagraítear i bpointe (a) den dara fomhír de mhír 1 den Airteagal seo. Chun críoch tomhas na risíochta iomláine dá dtagraítear in Airteagal 429(4) den Rialachán seo a ríomh, cuirfidh institiúidí na méideanna ABSA agus ABIRB dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den dara fomhír de mhír 1 den Airteagal seo le tomhas na risíochta iomláine.

Ní fhéadfaidh institiúidí rogha a dhéanamh ach uair amháin i ndáil leis an ríomh a leagtar amach i bpointe (b) de mhír 7 nó an ríomh a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo a úsáid. Nochtfaidh institiúidí a gcinneadh.

Airteagal 473a 8.
Le linn na dtréimhsí a leagtar amach i míreanna 6 agus 6a den Airteagal seo, chomh maith leis an bhfaisnéis a cheanglaítear i gCuid a hOcht a nochtadh, na hinstitiúidí a chinn na socruithe idirthréimhseacha a leagtar amach san Airteagal seo a chur i bhfeidhm, tuairisceoidh siad do na húdaráis inniúla agus nochtfaidh siad méideanna a gcistí dílse, de chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus de chaipiteal Leibhéal 1, cóimheas caipitil Ghnáthchothromas Leibhéal 1, cóimheas caipitil Leibhéal 1, an cóimheas caipitil iomlán agus an cóimheas luamhánaithe a bheadh acu i gcás nach gcuirfidís i bhfeidhm an tAirteagal seo.
Airteagal 473a 9.
Cinnfidh institiúid cé acu an gcuirfidh sí nó nach gcuirfidh sí na socruithe a leagtar amach san Airteagal seo i bhfeidhm i rith na hidirthréimhse agus cuirfidh sí a cinneadh in iúl don údarás inniúil faoin 1 Feabhra 2018. I gcás ina bhfuair institiúid an cead roimh ré ón údarás inniúil, féadfaidh sí a cinneadh a fhreaschur le linn na hidirthréimhse. Nochtfaidh institiúidí go poiblí aon chinneadh a glacadh i gcomhréir leis an bhfomhír seo.;

Institiúid a chinn na socruithe idirthréimhseacha a leagtar amach san Airteagal seo a chur i bhfeidhm, féadfaidh sí a chinneadh gan mír 4 a chur i bhfeidhm; sa chás sin, cuirfidh sí an cinneadh sin in iúl don údarás inniúil faoin 1 Feabhra 2018. I gcás den sórt sin, socróidh an institiúid A4,SA, A4,IRB, image, image, t2 agus t3 dá dtagraítear i mír 1 chun gur cothrom le nialas iad. I gcás ina bhfuair institiúid an cead roimh ré ón údarás inniúil, féadfaidh sí a cinneadh a fhreaschur le linn na hidirthréimhse. Nochtfaidh institiúidí go poiblí aon chinneadh a glacadh i gcomhréir leis an bhfomhír seo.

Institiúid a chinn na socruithe idirthréimhseacha a leagtar amach san Airteagal seo a chur i bhfeidhm, féadfaidh sí a chinneadh gan mír 2 a chur i bhfeidhm, agus sa chás sin, cuirfidh sí an cinneadh sin in iúl don údarás inniúil gan mhoill. I gcás den sórt sin, socróidh an institiúid A2,SA, A agus t1 dá dtagraítear i mír 1 chun gur cothrom le nialas iad. Féadfaidh institiúid a cinneadh a fhreaschur le linn na hidirthréimhse ar choinníoll go bhfuair sí an cead roimh ré ón údarás inniúil.

Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra do ÚBE, ar bhonn bliantúil ar a laghad, faoi chur i bhfeidhm an Airteagail seo ag institiúidí a thagann faoina maoirseacht.

Airteagal 473a 10.
Eiseoidh ÚBE, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, treoirlínte faoin 30 Meitheamh 2018 i ndáil leis na ceanglais maidir le nochtadh a leagtar síos san Airteagal seo.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas