+Airteagal 479 Ítimí agus ionstraimí nach gcáilíonn mar leasanna mionlaigh a aithint i nGnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite
---+Airteagal 479 1.
---+Airteagal 479 2.
---+Airteagal 479 3.
---+Airteagal 479 4.

Airteagal 479 Ítimí agus ionstraimí nach gcáilíonn mar leasanna mionlaigh a aithint i nGnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 479 1.

De mhaolú ar Theideal III de Chuid a Dó, i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2017, cinnfidh na húdaráis inniúla na hítimí a cháileodh mar chúlchistí comhdhlúite i gcomhréir le bearta náisiúnta trasuímh le haghaidh Airteagal 65 de Threoir 2006/48/CE nach gcáilíonn mar Ghnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite ar cheann ar bith de na cúiseanna seo a leanas a aithint i gcistí dílse comhdhlúite i gcomhréir le mír 2 agus le mír 3 den Airteagal sin:

(a) 

ní cháilíonn an ionstraim mar ionstraim de Ghnáthchothromas Leibhéal 1, agus dá réir sin ní cháilíonn an tuilleamh coinnithe agus na cuntais scairbhisigh ghaolmhara mar ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite;

(b) 

ní cháilíonn na hítimí mar thoradh ar mhír 2 d'Airteagal 81(2);

(c) 

ní cháilíonn na hítimí toisc nach institiúid ná eintiteas í an fhochuideachta atá faoi réir cheanglais an Rialacháin sin agus Threoir 2013/36/AE de bhua an dlí náisiúnta is infheidhme;

(d) 

ní cháilíonn na hítimí toisc nach bhfuil an fhochuideachta áirithe go hiomlán sa chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon.

Airteagal 479 2.
An céatadán is infheidhme de na hítimí dá dtagraítear i mír 1 a cháileodh mar chúlchistí comhdhlúite i gcomhréir leis na bearta náisiúnta trasuímh maidir le hAirteagal 65 de Threoir 2006/48/CE, cáileoidh sé mar Ghnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite.
Airteagal 479 3.

Chun críocha mhír 2, tiocfaidh na céatadáin is infheidhme faoi na raonta seo a leanas:

(a) 

0 % go 80 % don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2014;

(b) 

0 % go 60 % don tréimhse idir an 01.01.15 agus an 31 Nollaig 2015:

(c) 

0 % go 40 % don tréimhse ón 01.01.16 go dtí an 31.12.16;

(d) 

0 % go 20 % don tréimhse ón 1 Eanáir 2017 go dtí an 31 Nollaig 2017

Airteagal 479 4.
Déanfaidh na húdaráis inniúla an céatadán is infheidhme sna raonta a shonraítear i mír 3 a chinneadh agus a fhoilsiú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas