|
+Airteagal 493 3. |
Airteagal 493 3.De mhaolú ar Airteagal 400 (2) agus (3), ►C1 le linn idirthréimhse go dtí go dtiocfaidh aon ghníomh reachtach i bhfeidhm tar éis an athbhreithnithe i gcomhréir le hAirteagal 507, ach ní tar éis an 31 Nollaig 2028, féadfaidh Ballstáit díolúine iomlán nó díolúine pháirteach a thabhairt i leith na ►C9 neamhchosaintí ◄ a leanas ◄ ó chur i bhfeidhm Airteagal 395(1):
(a)
bannaí faoi chumhdach dá dtagraítear in Airteagal 129;
(b)
ítimí sócmhainne arb éard iad éilimh ar rialtais réigiúnacha nó ar údaráis áitiúla Ballstát i gcás ina sannfaí ►C9 ualach riosca ◄ 20 % do na héilimh sin faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2 agus do ►C9 neamhchosaintí ◄ eile ar na rialtais réigiúnacha nó ar na húdaráis áitiúla sin, nó arna ráthú acu, éilimh a sannfaí ►C9 ualach riosca ◄ 20 % dóibh faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2;
(c)
►C12 neamhchosaintí ◄ , lena n-áirítear rannpháirteachas nó cineálacha eile sealúchas, a thabhaigh institiúid i leith a máthairchuideachta, i leith fhochuideachtaí eile na máthairchuideachta nó i leith a cuid fochuideachtaí agus a cuid sealúchas cáilitheach féin, sa mhéid is go bhfuil na gnóthais sin faoi chumhdach ag an maoirseacht ar bhonn comhdhlúite a bhfuil an institiúid féin faoina réir, i gcomhréir leis an Rialachán seo, le Treoir 2002/87/CE nó le caighdeáin choibhéiseacha atá i bhfeidhm i dtríú tír; láimhseálfar ►C12 neamhchosaintí ◄ nach gcomhlíonann na critéir sin, bíodh díolúine acu ó Airteagal 395(1) den Rialachán seo nó ná bíodh, mar ►C12 neamhchosaintí ◄ ar thríú páirtí;
(d)
ítimí sócmhainne arb éard iad éilimh, agus ►C9 neamhchosaintí ◄ eile, lena n-áirítear rannpháirteachas nó cineálacha eile sealúchas, ar institiúidí creidmheasa réigiúnacha nó lárnacha lena bhfuil baint ag an institiúid chreidmheasa i líonra i gcomhréir le forálacha dlí nó le forálacha reachtúla agus atá freagrach, faoi na forálacha sin, as oibríochtaí imréitigh airgid laistigh den líonra;
(e)
ítimí sócmhainne arb éard iad éilimh, agus ►C9 neamhchosaintí ◄ eile ar institiúidí creidmheasa arna dtabhú ag institiúidí creidmheasa, a bhfeidhmíonn ceann amháin acu ar bhonn neamhiomaíoch agus a sholáthraíonn nó a ráthaíonn iasachtaí faoi chláir reachtacha nó faoina cuid reachtanna, chun earnálacha sonraithe den gheilleagar a chur chun cinn faoi fhormhaoirseacht rialtais de chineál éigin agus srianta maidir le húsáid na n-iasachtaí, ar an gcoinníoll go dtiocfaidh na ►C9 neamhchosaintí ◄ faoi seach as iasachtaí den sórt sin a chuirtear ar aghaidh chuig na tairbhithe trí institiúidí creidmheasa nó ó ráthaíochtaí na n-iasachtaí sin;
(f)
(g)
ítimí sócmhainne arb éard iad éilimh ar bhainc cheannais i bhfoirm na gcúlchistí íosta is gá a sealbhaíonn na bainc cheannais sin atá ainmnithe ina gcuid airgeadraí náisiúnta;
(h)
ítimí sócmhainne arb éard iad éilimh ar rialtais láir i bhfoirm ceanglas leachtachta reachtúla a shealbhaítear in urrúis rialtais atá ainmnithe agus cistithe ina gcuid airgeadraí náisiúnta ar an gcoinníoll gombeidh, ag lánrogha an údaráis inniúil, measúnú creidmheasa na rialtas láir sin atá sannta ag IMCS ainmnithe de ghrád infheistíochta;
(i)
50 % de chreidmheasanna doiciméadacha bhuicéad 4 lasmuigh den chlár comhardaithe agus de shaoráidí creidmheasa neamhtharraingthe bhuicéad 3 lasmuigh den chlár comhardaithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn I ag a bhfuil aibíocht bhunaidh suas go dtí agus lena n-áirítear aon bhliain amháin agus faoi réir chomhaontú na n-údarás inniúil, 80 % de ráthaíochtaí seachas ráthaíochtaí iasachta a bhfuil bonn dlí nó rialála fúthu agus a thugtar dá gcuid comhaltaí trí chomhscéimeanna ráthaíochta a bhfuil stádas acu mar institiúidí creidmheasa;
(j)
ráthaíochtaí a cheanglaítear leis an dlí a úsáidtear nuair a íoctar iasacht mhorgáiste atá maoinithe trí bhannaí morgáiste a eisiúint le hiasachtaí an mhorgáiste sula gclárófar an morgáiste den uair dheiridh sa chlár talún, ar an gcoinníoll nach n-úsáidfear an ráthaíocht mar ní a laghdóidh an ►C9 riosca ◄ a bhaineann leis na méideanna ►C9 neamhchosanta ◄ ualaithe ó thaobh ►C9 riosca ◄ a ríomh;
(k)
ítimí sócmhainne arb éard iad éilimh agus ►C9 neamhchosaintí ◄ eile ar mhalairtí aitheanta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|