+Airteagal 493 Forálacha idirthréimhseacha maidir le►C9neamhchosaintí◄móra
---+Airteagal 493 1.
---+Airteagal 493 3.
---+Airteagal 493 4.
---+Airteagal 493 5.
---+Airteagal 493 6.
---+Airteagal 493 7.

Airteagal 493 Forálacha idirthréimhseacha maidir le►C9neamhchosaintí◄móra

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 493 1.
Go dtí an 26 Meitheamh 2021, ní bheidh feidhm ag na forálacha a bhaineann le ►C11  neamhchosaint ◄ mhór a leagtar síos in Airteagail 387 go 403 den Rialachán seo maidir le gnólachtaí infheistíochta a mbaineann a bpríomhghnó go heisiach le seirbhísí nó gníomhaíochtaí infheistíochta a sholáthar maidir leis na hionstraimí airgeadais a leagtar amach i bpointí (5), (6), (7), (9), (10) agus (11) de Roinn C d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE agus nach raibh feidhm ag Treoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 42 ) ina leith an 31 Nollaig 2006.
Airteagal 493 3.

De mhaolú ar Airteagal 400 (2) agus (3), ►C1  le linn idirthréimhse go dtí go dtiocfaidh aon ghníomh reachtach i bhfeidhm tar éis an athbhreithnithe i gcomhréir le hAirteagal 507, ach ní tar éis an 31 Nollaig 2028, féadfaidh Ballstáit díolúine iomlán nó díolúine pháirteach a thabhairt i leith na ►C9  neamhchosaintí ◄ a leanas ◄ ó chur i bhfeidhm Airteagal 395(1):

▼M17

(a) 

bannaí faoi chumhdach dá dtagraítear in Airteagal 129;

▼B

(b) 

ítimí sócmhainne arb éard iad éilimh ar rialtais réigiúnacha nó ar údaráis áitiúla Ballstát i gcás ina sannfaí ►C9  ualach riosca ◄ 20 % do na héilimh sin faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2 agus do ►C9  neamhchosaintí ◄ eile ar na rialtais réigiúnacha nó ar na húdaráis áitiúla sin, nó arna ráthú acu, éilimh a sannfaí ►C9  ualach riosca ◄ 20 % dóibh faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2;

▼M8

(c) 

►C12  neamhchosaintí ◄ , lena n-áirítear rannpháirteachas nó cineálacha eile sealúchas, a thabhaigh institiúid i leith a máthairchuideachta, i leith fhochuideachtaí eile na máthairchuideachta nó i leith a cuid fochuideachtaí agus a cuid sealúchas cáilitheach féin, sa mhéid is go bhfuil na gnóthais sin faoi chumhdach ag an maoirseacht ar bhonn comhdhlúite a bhfuil an institiúid féin faoina réir, i gcomhréir leis an Rialachán seo, le Treoir 2002/87/CE nó le caighdeáin choibhéiseacha atá i bhfeidhm i dtríú tír; láimhseálfar ►C12  neamhchosaintí ◄ nach gcomhlíonann na critéir sin, bíodh díolúine acu ó Airteagal 395(1) den Rialachán seo nó ná bíodh, mar ►C12  neamhchosaintí ◄ ar thríú páirtí;

▼B

(d) 

ítimí sócmhainne arb éard iad éilimh, agus ►C9  neamhchosaintí ◄ eile, lena n-áirítear rannpháirteachas nó cineálacha eile sealúchas, ar institiúidí creidmheasa réigiúnacha nó lárnacha lena bhfuil baint ag an institiúid chreidmheasa i líonra i gcomhréir le forálacha dlí nó le forálacha reachtúla agus atá freagrach, faoi na forálacha sin, as oibríochtaí imréitigh airgid laistigh den líonra;

(e) 

ítimí sócmhainne arb éard iad éilimh, agus ►C9  neamhchosaintí ◄ eile ar institiúidí creidmheasa arna dtabhú ag institiúidí creidmheasa, a bhfeidhmíonn ceann amháin acu ar bhonn neamhiomaíoch agus a sholáthraíonn nó a ráthaíonn iasachtaí faoi chláir reachtacha nó faoina cuid reachtanna, chun earnálacha sonraithe den gheilleagar a chur chun cinn faoi fhormhaoirseacht rialtais de chineál éigin agus srianta maidir le húsáid na n-iasachtaí, ar an gcoinníoll go dtiocfaidh na ►C9  neamhchosaintí ◄ faoi seach as iasachtaí den sórt sin a chuirtear ar aghaidh chuig na tairbhithe trí institiúidí creidmheasa nó ó ráthaíochtaí na n-iasachtaí sin;

(f) 

ítimí sócmhainne arb éard iad éilimh ar institiúidí agus ►C9  neamhchosaintí ◄ eile orthu, ar an gcoinníoll nach gcuimseoidh na ►C9  neamhchosaintí ◄ sin cistí dílse na n-institiúidí sin, agus nach maireann níos faide ná an chéad lá gnó eile agus nach bhfuil siad ainmnithe i mórairgeadra trádála;

(g) 

ítimí sócmhainne arb éard iad éilimh ar bhainc cheannais i bhfoirm na gcúlchistí íosta is gá a sealbhaíonn na bainc cheannais sin atá ainmnithe ina gcuid airgeadraí náisiúnta;

(h) 

ítimí sócmhainne arb éard iad éilimh ar rialtais láir i bhfoirm ceanglas leachtachta reachtúla a shealbhaítear in urrúis rialtais atá ainmnithe agus cistithe ina gcuid airgeadraí náisiúnta ar an gcoinníoll gombeidh, ag lánrogha an údaráis inniúil, measúnú creidmheasa na rialtas láir sin atá sannta ag IMCS ainmnithe de ghrád infheistíochta;

▼M17

(i) 

50 % de chreidmheasanna doiciméadacha bhuicéad 4 lasmuigh den chlár comhardaithe agus de shaoráidí creidmheasa neamhtharraingthe bhuicéad 3 lasmuigh den chlár comhardaithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn I ag a bhfuil aibíocht bhunaidh suas go dtí agus lena n-áirítear aon bhliain amháin agus faoi réir chomhaontú na n-údarás inniúil, 80 % de ráthaíochtaí seachas ráthaíochtaí iasachta a bhfuil bonn dlí nó rialála fúthu agus a thugtar dá gcuid comhaltaí trí chomhscéimeanna ráthaíochta a bhfuil stádas acu mar institiúidí creidmheasa;

▼B

(j) 

ráthaíochtaí a cheanglaítear leis an dlí a úsáidtear nuair a íoctar iasacht mhorgáiste atá maoinithe trí bhannaí morgáiste a eisiúint le hiasachtaí an mhorgáiste sula gclárófar an morgáiste den uair dheiridh sa chlár talún, ar an gcoinníoll nach n-úsáidfear an ráthaíocht mar ní a laghdóidh an ►C9  riosca ◄ a bhaineann leis na méideanna ►C9  neamhchosanta ◄ ualaithe ó thaobh ►C9  riosca ◄ a ríomh;

(k) 

ítimí sócmhainne arb éard iad éilimh agus ►C9  neamhchosaintí ◄ eile ar mhalairtí aitheanta.

Airteagal 493 4.

De mhaolú ar Airteagal 395(1), féadfaidh údaráis inniúla cead a thabhairt d’institiúidí aon cheann de na neamhchosaintí dá bhforáiltear i mír 5 den Airteagal seo a thabhú má chomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach i mír 6 den Airteagal seo, gan dul thar na teorainneacha seo a leanas:

(a) 

100 % de chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide go dtí an 31Nollaig 2018;

(b) 

75 % de chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide go dtí an 31 Nollaig 2019;

(c) 

50 % de chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide go dtí an 31 Nollaig 2020.

Beidh feidhm ag na teorainneacha dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) den chéad fhomhír maidir le luachanna neamhchosanta ach a gcuirfear san áireamh éifeacht an mhaolaithe riosca chreidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 399 go hAirteagal 403.

Airteagal 493 5.

Beidh feidhm ag na socruithe idirthréimhseacha a leagtar amach i mír 4 maidir leis na neamhchosaintí seo a leanas:

(a) 

míreanna sócmhainne ar éilimh iad ar rialtais láir, ar bhainc cheannais nó ar eintitis earnála poiblí na mBallstát;

(b) 

míreanna sócmhainne ar éilimh iad arna ráthú go sainráite ag rialtais láir, ag bainc ceannais, nó ag eintitis earnála poiblí na mBallstát;

(c) 

neamhchosaintí eile ar rialtais láir, ar bhainc ceannais, nó ar eintitis earnála poiblí na mBallstát, nó arna ráthú acu;

(d) 

míreanna sócmhainne ar éilimh iad ar rialtais réigiúnacha nó ar údaráis áitiúla na mBallstát a láimhseáiltear mar neamhchosaintí ar rialtas láir i gcomhréir le hAirteagal 115(2);

(e) 

neamhchosaintí eile ar rialtais réigiúnacha nó ar údaráis áitiúla na mBallstát, nó arna ráthú acu, a láimhseáiltear mar neamhchosaintí ar rialtas láir i gcomhréir le hAirteagal 115(2).

Chun críocha phointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír, ní bheidh feidhm ag na socruithe idirthréimhseacha a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo ach amháin maidir le míreanna sócmhainne agus neamhchosaintí eile ar eintitis earnála poiblí, nó arna ráthú acu, a láimhseáiltear mar neamhchosaintí ar rialtas láir, rialtas réigiúnach nó údarás áitiúil i gcomhréir le Airteagal 116(4). I gcás ina láimhseálfar míreanna sócmhainne agus neamhchosaintí eile ar eintitis earnála poiblí, nó arna ráthú ag eintitis earnála poiblí, mar neamhchosaintí ar rialtas réigiúnach nó ar údarás áitiúil i gcomhréir le hAirteagal 116(4), ní bheidh feidhm ag na socruithe idirthréimhseacha a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo ach amháin nuair a láimhseáiltear neamhchosaintí ar an rialtais réigiúnach sin nó ar an údarás áitiúil sin mar neamhchosaintí ar rialtas láir i gcomhréir le hAirteagal 115(2).

Airteagal 493 6.

Ní bheidh feidhm ag na socruithe idirthréimhseacha a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo ach amháin i gcás ina gcomhlíonfaidh neamhchosaint dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo na coinníollacha seo a leanas uile:

(a) 

shannfaí ualach riosca 0 % don neamhchosaint i gcomhréir leis an leagan d’Airteagal 495(2) atá i bhfeidhm an 31 Nollaig 2017;

(b) 

an 12 Nollaig 2017 nó tar a éis a tabhaíodh an neamhchosaint.

Airteagal 493 7.
Neamhchosaint dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo a tabhaíodh roimh 12 Nollaig 2017 agus dar sannadh ualú riosca 0 % i gcomhréir le hAirteagal 495(2) ar an 31 Nollaig 2017, díolmhófar í ó chur i bhfeidhm Airteagal 395(1).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas