De mhaolú ar Airteagal 72b(3), go dtí go ndéanann an t-údarás réitigh a mheasúnú, den chéad uair, an gcomhlíontar an coinníoll a leagtar amach i bpointe (c) den mhír sin, cáileoidh dliteanais mar ionstraimí dliteanas incháilithe suas go dtí méid comhiomlán nach mó, go dtí an 31 Nollaig 2021, ná 2,5 % agus, tar éis an dáta sin, nach mó ná 3,5 % de mhéid iomlán na
►C12
neamhchosainta
◄ ar phriacal a ríomhtar i gcomhréir le mír 3 agus le mír 4 d'Airteagal 92, ar an gcoinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a) agus i bpointe (b) d'Airteagal 72b(3).