+Airteagal 494a Eisiúintí a mharthanú trí eintitis sainchuspóireacha
---+Airteagal 494a 1.
---+Airteagal 494a 2.

Airteagal 494a Eisiúintí a mharthanú trí eintitis sainchuspóireacha

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 494a 1.

De mhaolú ar Airteagal 52, cáileoidh ionstraimí caipitil nár eisigh institiúid go díreach mar ionstraimí Breise Leibhéal 1 go dtí an 31 Nollaig 2021 i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha uile a leanas agus sa chás sin amháin:

(a) 

na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 52(1), ach amháin an coinníoll a chuireann de cheanglas na hionstraimí a eisiúint go díreach ag an institiúid;

(b) 

eiseofar na hionstraimí trí eintiteas laistigh den chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon;

(c) 

beidh na fáltais ar fáil láithreach gan teorainn, agus i bhfoirm a chomhlíonfaidh na coinníollacha atá leagtha síos sa mhír seo, don institiúid.

Airteagal 494a 2.

De mhaolú ar Airteagal 63, cáileoidh ionstraimí caipitil, nár eisigh institiúid go díreach, mar ionstraimí Breise Leibhéal 2 go dtí an 31 Nollaig 2021 i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha uile a leanas agus sa chás sin amháin:

▼C7

(a) 

na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 63, ach amháin an coinníoll a chuireann de cheanglas na hionstraimí a eisiúint go díreach ag an institiúid;

▼M8

(b) 

eiseofar na hionstraimí trí eintiteas faoi chuimsiú an chomhdhlúthaithe de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon;

(c) 

beidh na fáltais ar fáil láithreach gan teorainn agus i bhfoirm a chomhlíonfaidh na coinníollacha atá leagtha amach sa mhír seo don institiúid.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas