+Airteagal 495a Socruithe idirthréimhseacha le haghaidh neamhchosaintí ar chothromas
---+Airteagal 495a 1.
---+Airteagal 495a 2.
---+Airteagal 495a 3.
|
Airteagal 495a Socruithe idirthréimhseacha le haghaidh neamhchosaintí ar chothromas
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 495a 1.
|
De mhaolú ar an láimhseáil a leagtar síos in Airteagal 133(3), déanfar an t-ualú riosca is airde den ualú riosca is infheidhme an 8 Iúil 2024 a shannadh do neamhchosaintí ar chothromas, arna uasteorannú ag 250 %, agus na hualuithe riosca seo a leanas:
(a)
100 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2025;
(b)
130 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2026 go dtí an 31 Nollaig 2026;
(c)
160 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2027 go dtí an 31 Nollaig 2027;
(d)
190 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2028 go dtí an 31 Nollaig 2028;
(e)
220 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2029 go dtí an 31 Nollaig 2029.
|
|
Airteagal 495a 2.
|
De mhaolú ar an láimhseáil a leagtar síos in Airteagal 133(4), déanfar an t-ualú riosca is airde den ualú riosca is infheidhme an 8 Iúil 2024 a shannadh do neamhchosaintí ar chothromas agus na hualuithe riosca seo a leanas:
(a)
100 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2025;
(b)
160 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2026 go dtí an 31 Nollaig 2026;
(c)
220 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2027 go dtí an 31 Nollaig 2027;
(d)
280 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2028 go dtí an 31 Nollaig 2028;
(e)
340 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2029 go dtí an 31 Nollaig 2029.
|
|
Airteagal 495a 3.
|
De mhaolú ar Airteagal 133, féadfaidh institiúidí leanúint den ualú riosca céanna ab infheidhme an 8 Iúil 2024 a shannadh ar neamhchosaintí ar chothromas, lena n-áirítear an chuid de na neamhchosaintí nár asbhaineadh ó na cistí dílse i gcomhréir le hAirteagal 471 sa leagan den Airteagal sin is infheidhme an 27 Deireadh Fómhair 2021, d’eintitis ina raibh siad ina scairshealbhóirí an 27 Deireadh Fómhair 2021 ar feadh 6 bliana as a chéile agus a bhfeidhmíonn siad tionchar nó rialú suntasach orthu, nó in éineacht leis an líonra lena mbaineann na hinstitiúidí, de réir bhrí Threoir 2013/34/AE, nó a bhfeidhmíonn siad tionchar nó rialú ar na caighdeáin chuntasaíochta a bhfuil institiúid faoina réir faoi Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002, nó a bhfeidhmíonn siad tionchar nó rialú mar thoradh ar ghaolmhaireacht chomhchosúil idir aon duine nádúrtha nó dlítheanach nó aon líonra institiúidí agus gnóthas, nó i gcás ina bhfuil sé d’acmhainn ag institiúid comhalta amháin ar a laghad de chomhlacht bainistíochta an eintitis a cheapadh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|