+Airteagal 503 Ceanglais cistí dílse maidir le►C9neamhchosaintí◄i bhfoirm bannaí faoi chumhdach
---+Airteagal 503 1.
---+Airteagal 503 2.
---+Airteagal 503 3.
---+Airteagal 503 4.

Airteagal 503 Ceanglais cistí dílse maidir le►C9neamhchosaintí◄i bhfoirm bannaí faoi chumhdach

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 503 1.
Tabharfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2014 agus tar éis dó dul i gcomhairle leÚBE, tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, mar aon le haon tograí iomchuí, an bhfuil na hualuithe ►C9  riosca ◄ a leagtar síos in Airteagal 129 agus na ceanglais cistí dílse le haghaidh ►C9  riosca ◄ shonraigh in Airteagal 336(3) leordhóthanach le haghaidh na n-ionstraimí uile atá cáilithe le haghaidh na láimhseála seo agus an bhfuil na critéir a leagtar síos in Airteagal 129 iomchuí.
Airteagal 503 2.

Tabharfar aird sa tuarascáil agus sna tograí dá dtagraítear i mír 1 do na nithe seo a leanas:

(a) 

a mhéad a dhéantar idirdhealú leordhóthanach leis na ceanglais rialála caipitil atá ann faoi láthair agus atá infheidhme maidir le bannaí faoi chumhdach ar dhifríochtaí idir cáilíocht chreidmheasa na mbannaí faoi chumhdach agus an chomhthaobhacht a bhfuil na bannaí faoi chumhdach urraithe ina coinne, lena n-áirítear méid na ndifríochtaí i measc na mBallstát;

(b) 

trédhearcacht mhargaí na mbannaí faoi chumhdach agus a mhéad a éascaítear léi anailís chuimsitheach inmheánach a dhéanann infheisteoirí maidir le ►C9  riosca ◄ creidmheasa na mbannaí faoi chumhdach agus maidir leis an gcomhthaobhacht dhócmhainneacht an eisitheora, lena n-áirítear éifeachtaí maolaithe an dianchreata fholuitigh náisiúnta dlí i gcomhréir le hAirteagal 129 den Rialachán seo agus Airteagal 52 (4) de Threoir 2009/65/CE maidir le cáilíocht creidmheasa fhoriomlán banna atá faoi chumhdach agus na himpleachtaí atá aige sin ar an trédhearcacht atá riachtanach d'infheisteoirí; agus

(c) 

a mhéid a bhíonn éifeacht ag eisiúint bannaí cumhdaithe arna ndéanamh ag institiúidí creidmheasa ar ►C9  riosca ◄ creidmheasa a bhfuil creidiúnaithe eile na hinstitiúide eisiúna ar a ris ina choinne.

Airteagal 503 3.
Tar éis dó dul i gcomhairle leÚBE agus faoin 31 Nollaig 2014, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ina ndéarfar ar cheart, faoi choinníollacha áirithe, iasachtaí atá á n-urrú le haerárthaí (lian aerárthaí) agus iasachtaí le haghaidh tithe cónaithe atá n-urrú le ráthaíochtaí, ach gan a bheith urraithe le morgáiste cláraithe, a mheas mar shóchmhainní incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 129.
Airteagal 503 4.
Faoin 31 Nollaig 2016, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar oiriúnacht an mhaolaithe a leagtar amach in Airteagal 496 agus, más ábhartha, ar oiriúnacht láimhseáil chomhchosúil a úsáid d'fhoirm ar bith eile de bhannaí faoi chumhdach. I bhfianaise an athbhreithnithe sin, féadfaidh an Coimisiún, más iomchuí, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 462 d'fhonn an maolú sin a dhéanamh buan nó tograí reachtacha a dhéanamh d'fhonn é a úsáid d'fhoirmeacha eile de bhannaí faoi chumhdach.a bhfuil siad urraithe ina coinne agus an leithscaradh sóchmhainní i gcás

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas