+Airteagal 505 1.

Airteagal 505 1.

Faoin 31 Nollaig 2030, ullmhóidh ÚBE tuarascáil maidir leis an tionchar atá ag ceanglais an Rialacháin seo ar mhaoiniú talmhaíochta, lena n-áirítear an tionchar ar an méid seo a leanas:

(a) 

oiriúnacht ualaithe thiomnaithe riosca do cheanglais cistí dílse le haghaidh riosca creidmheasa arna ríomh i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, le haghaidh neamhchosaintí ar fhiontar talmhaíochta;

(b) 

i gcás inarb infheidhme, critéir a bhfuil bonn cirt leo ó thaobh stuamachta de chun an t-ualach tiomnaithe riosca sin a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear cleachtais feirmeoireachta, chomh maith le cuimsiú neamhchosaintí san aicme chorparáideach, in aicme an mhiondíola nó a n-urrú trí mhorgáistí ar aicmí neamhchosanta réadmhaoine dochorraithe;

(c) 

an t-ailíniú leis an straitéis “ón bhfeirm go dtí an forc” a leagtar amach sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal “A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system” [Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol] agus an tionchar comhfhreagrach comhshaoil de réir bhrí Rialachán (AE) 2020/852, go háirithe leis na táscairí arna mbailiú i Líonra Sonraí an Aontais um Chuntasaíocht Feirme, lena léirítear scóir ó thaobh rannchuidithe de maidir leis an méid seo a leanas:

(i) 

glanastaíochtaí gás ceaptha teasa in aghaidh an heicteáir;

(ii) 

úsáid lotnaidicídí agus leasachán in aghaidh an heicteáir;

(iii) 

cóimheasa éifeachtúlachta mianraí na hithreach, lena n-áirítear carbón, amóinia, fosfáit agus nítrigin in aghaidh an heicteáir;

(iv) 

éifeachtúlacht úsáide uisce;

(v) 

dearbhú maidir le tionchar dearfach ar na táscairí dá dtagraítear i bpointí (i) go (iv) den phointe seo le lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 43 ).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas