+Airteagal 505 Athbhreithniú ar mhaoiniú talmhaíochta
---+Airteagal 505 1.
---+Airteagal 505 2.
---+Airteagal 505 3.
|
Airteagal 505 Athbhreithniú ar mhaoiniú talmhaíochta
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 505 1.
|
Faoin 31 Nollaig 2030, ullmhóidh ÚBE tuarascáil maidir leis an tionchar atá ag ceanglais an Rialacháin seo ar mhaoiniú talmhaíochta, lena n-áirítear an tionchar ar an méid seo a leanas:
(a)
oiriúnacht ualaithe thiomnaithe riosca do cheanglais cistí dílse le haghaidh riosca creidmheasa arna ríomh i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, le haghaidh neamhchosaintí ar fhiontar talmhaíochta;
(b)
i gcás inarb infheidhme, critéir a bhfuil bonn cirt leo ó thaobh stuamachta de chun an t-ualach tiomnaithe riosca sin a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear cleachtais feirmeoireachta, chomh maith le cuimsiú neamhchosaintí san aicme chorparáideach, in aicme an mhiondíola nó a n-urrú trí mhorgáistí ar aicmí neamhchosanta réadmhaoine dochorraithe;
(c)
an t-ailíniú leis an straitéis “ón bhfeirm go dtí an forc” a leagtar amach sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal “A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system” [Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol] agus an tionchar comhfhreagrach comhshaoil de réir bhrí Rialachán (AE) 2020/852, go háirithe leis na táscairí arna mbailiú i Líonra Sonraí an Aontais um Chuntasaíocht Feirme, lena léirítear scóir ó thaobh rannchuidithe de maidir leis an méid seo a leanas:
(i)
glanastaíochtaí gás ceaptha teasa in aghaidh an heicteáir;
(ii)
úsáid lotnaidicídí agus leasachán in aghaidh an heicteáir;
(iii)
cóimheasa éifeachtúlachta mianraí na hithreach, lena n-áirítear carbón, amóinia, fosfáit agus nítrigin in aghaidh an heicteáir;
(iv)
éifeachtúlacht úsáide uisce;
(v)
dearbhú maidir le tionchar dearfach ar na táscairí dá dtagraítear i bpointí (i) go (iv) den phointe seo le lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
43
).
|
|
Airteagal 505 2.
|
Agus an tuarascáil ó ÚBE dá dtagraítear i mír 1 á cur san áireamh, cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin chun an Rialachán seo a leasú chun a éifeachtaí diúltacha ar mhaoiniú talmhaíochta a mhaolú.
|
|
Airteagal 505 3.
|
Ullmhóidh ÚBE freisin tuarascáil idirmheánach maidir le tionchar cheanglais an Rialacháin seo ar mhaoiniú talmhaíochta faoin 31 Nollaig 2027.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|