+Airteagal 506c Riosca creidmheasa – idirghníomhú idir laghduithe caipitil Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus paraiméadair riosca creidmheasa

Airteagal 506c Riosca creidmheasa – idirghníomhú idir laghduithe caipitil Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus paraiméadair riosca creidmheasa

Airteagal 506c

Riosca creidmheasa – idirghníomhú idir laghduithe caipitil Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus paraiméadair riosca creidmheasa

Faoin 31 Nollaig 2026, tuairisceoidh ÚBE don Choimisiún ar an gcomhsheasmhacht idir an tomhas reatha ar riosca creidmheasa agus na paraiméadair riosca creidmheasa aonair agus ar láimhseáil aon choigeartuithe chun easnamh IRB nó barrachas IRB dá dtagraítear in Airteagal 159 a ríomh, agus ar a chomhsheasmhacht le cinneadh an luacha neamhchosanta i gcomhréir le hAirteagal 166 agus le meastachán LGD.

Breithneofar sa tuarascáil sin an t-uaschaillteanas eacnamaíoch féideartha a eascraíonn as teagmhas mainneachtana chomh maith leis an gcumhdach a baineadh amach i dtéarmaí laghduithe caipitil Ghnáthchothromas Leibhéal 1, ag cur aon laghduithe Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá bunaithe ar chuntasaíocht san áireamh, lena n-áirítear iad siúd ó chaillteanais creidmheasa ionchasacha nó coigeartuithe luacha chóir, agus aon lascaine ar neamhchosaintí a fuarthas, agus impleachtaí eile le haghaidh asbhaintí rialála.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas