+Airteagal 509 1.

Airteagal 509 1.

Déanfaidh ÚBE faireachán agus meastóireacht ar na tuarascálacha a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 415(1), thar airgeadraí agus thar shamhlacha éagsúla gnó. Tabharfaidh an ÚBE, i ndiaidh dó dul i gcomhairle le BERS, le húsáideoirí deireanacha neamh-airgeadais, le tionscal na baincéireachta, leis na húdaráis inniúla agus le bainc ceannais de chuid CEBC agus ar bhonn bliantúil agus, den chéad uair faoin 31 Nollaig 2013, tuarascáil don Choimisiún i dtaobh cé acu andóigh go mbeadh tionchar díobhálach ábhartha agag sonrú an cheanglais ghinearálta maidir le cumhdach leachtachta i gCuid a Sé bunaithe ar na critéir maidir le tuairisciú ítimí i gcomhréir le Teideal II de Chuid a Sé agus in Iarscríbhinn III, a bhreithnítear ina n-aonair nó go carnach, ar phróifíl ghnó agus ar phróifíl ►C9  riosca ◄ institiúidí a bhunaítear san Aontais nó ar chobhsaíocht agus feidhmiú rianúil na margaí airgeadais nó ar an ngeilleagar agus ar chobhsaíocht sholáthar iasachtaithe bainc, agus cuirfear fócas faoi leith ar iasachtú chuig FBManna agus ar mhaoiniú trádála, lena n-áirítear iasachtú faoi scéimeanna árachais chreidmheasa onnmhairiúcháin oifigiúla.

Tabharfar aird chuí sa tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar a bhfuil ag titim amach sna margaí agus sa rialáil idirnáisiúnta mar aon le hidirghníomhaíocht an cheanglais maidir le cumhdach leachtachta le ceanglais stuamachta eile faoin rialachán seo amhail cóimheasa caipitil ►C9  riosca ◄ mar a leagtar amach in Airteagal 92 agus sna cóimheasa giarála.

Tabharfar an deis do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle a gcuid tuairimí a chur in iúl maidir leis an tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas