+Airteagal 509 Ceanglais maidir le leachtacht
---+Airteagal 509 1.
---+Airteagal 509 2.
---+Airteagal 509 3.
---+Airteagal 509 4.
---+Airteagal 509 5.
|
Airteagal 509 Ceanglais maidir le leachtacht
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 509 1.
|
Déanfaidh ÚBE faireachán agus meastóireacht ar na tuarascálacha a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 415(1), thar airgeadraí agus thar shamhlacha éagsúla gnó. Tabharfaidh an ÚBE, i ndiaidh dó dul i gcomhairle le BERS, le húsáideoirí deireanacha neamh-airgeadais, le tionscal na baincéireachta, leis na húdaráis inniúla agus le bainc ceannais de chuid CEBC agus ar bhonn bliantúil agus, den chéad uair faoin 31 Nollaig 2013, tuarascáil don Choimisiún i dtaobh cé acu andóigh go mbeadh tionchar díobhálach ábhartha agag sonrú an cheanglais ghinearálta maidir le cumhdach leachtachta i gCuid a Sé bunaithe ar na critéir maidir le tuairisciú ítimí i gcomhréir le Teideal II de Chuid a Sé agus in Iarscríbhinn III, a bhreithnítear ina n-aonair nó go carnach, ar phróifíl ghnó agus ar phróifíl
►C9
riosca ◄ institiúidí a bhunaítear san Aontais nó ar chobhsaíocht agus feidhmiú rianúil na margaí airgeadais nó ar an ngeilleagar agus ar chobhsaíocht sholáthar iasachtaithe bainc, agus cuirfear fócas faoi leith ar iasachtú chuig FBManna agus ar mhaoiniú trádála, lena n-áirítear iasachtú faoi scéimeanna árachais chreidmheasa onnmhairiúcháin oifigiúla. Tabharfar aird chuí sa tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar a bhfuil ag titim amach sna margaí agus sa rialáil idirnáisiúnta mar aon le hidirghníomhaíocht an cheanglais maidir le cumhdach leachtachta le ceanglais stuamachta eile faoin rialachán seo amhail cóimheasa caipitil
►C9
riosca ◄ mar a leagtar amach in Airteagal 92 agus sna cóimheasa giarála. Tabharfar an deis do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle a gcuid tuairimí a chur in iúl maidir leis an tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
|
|
Airteagal 509 2.
|
Déanfaidh ÚBE measúnú ina thuarascáil go háirithe ar an méid seo a leanas:
(a)
foráil a dhéanamh do shásraí lena gcuirtear srian ar luach na n-insreabh leachtachta, go háirithe d'fhonn uasteorainn iomchuí insreibhe a chinneadh chomh maith leis na coinníollacha lena cur i bhfeidhm, lena gcuirfear san áireamh samhlacha éagsúla gnó lena n-áirítear maoiniú faoi bhealach, fachtóiriú, léasú, bannaí faoi chumhdach, morgáistí, eisiúint bannaí faoi chumhdach, agus a mhéid ba cheart an chaidhp sin a leasú nó a bhaint chun í a oiriúnú do shonraíochtaí maoinithe speisialaithe;
(b)
calabrúchán an mhéid insreabh agus an mhéid eis-sreabh dá dtagraítear i gCuid a Sé Teideal II go háirithe faoi Airteagal 422(7) agus Airteagal 425 (2).
(c)
sásraí a chur ar fáil lena gcuirtear srianta ar na ceanglais maidir le cumhdach leachtachta ag catagóirí ar leith sócmhainní leachtacha, go háirithe an t-íoschéatadán iomchuí do shócmhainní leachtacha dá dtagraítear i bpointí (a) (b) agus (c) de mhír 1 d'Airteagal 416(1) a mheas go dtí iomlán na sócmhainní leachtacha, lena ndéanfaí tairseach 60 % a thástáil agus lena gcuirtear forbairtí rialála idirnáisiúnta san áireamh. Níor cheart go gcuirfí sócmhainní atá dlite nó inghlaoite laistigh de 30 lá féilire i gcuntas sa teorainn 60 % mura bhfuarthas na sócmhainní i gcoinne comhthaobhachta a cháilíonn freisin faoi phointí (a), (b) agus(c) d'Airteagal 416;
(d)
foráil a dhéanamh do rátaí sonracha níos ísle eis-sreibhe agus/nó rátaí sonracha níos airde insreibhe a le haghaidh sreabh inghrúpaina shonrófar na coinníollacha sin faoina mbeadh údar leis na rátaí sonracha insreibhe nó eis-sreibhe sin ó thaobh stuamachta de agus ina leagfar amach an achoimre ardleibhéil ar mhodheolaíocht ina n-úsáidtear critéir agus paraiméadair oibiachtúla d'fhonn leibhéil shonracha insreabha agus eis-sreabha a chinneadh idir an institiúid agus an contrapháirtí i gcás nach sa Bhallstát céanna atá siad bunaithe.
(e)
calabrú na rátaí íostarraingtí is infheidhme maidir leis an gcreidmheas geallta neamhtharraingthe agus áiseanna leachtachta faoi Airteagal 424(3) agus (5). Déanfaidh ÚBE tástail, go háirithe, ar ráta íostarraingte 100 %;
(f)
an sainmhíniú ar thaisce miondíola i bpointe (2) Airteagal 411, go háirithe a oiriúnaí a bheadh sé tairseach a thabhairt isteach maidir le taiscí daoine nádúrtha;
(g)
an gá le catagóir nua taisce miondíola a thabhairt isteach lena mbaineann eis-sreabhadh níos ísle i bhfianaise saintréithe taiscí den chineál sin lena bhféadfaí bonn cirt a sholáthar d'eis-sreabhadh níos ísle agus lena gcuirtear forbairtí idirnáisiúnta san áireamh;
(h)
maoluithe ó cheanglais maidir le comhdhéanamh na sócmhainní leachtacha a mbeidh sé de cheangal ar institiúidí iad a bheith á sealbhú acu, i gcás inar mó riachtanais chuí-réasúnaithe chomhchoiteanna na n-institiúidí le haghaidh sócmhainní leachtacha ná líon na sócmhainní leachtacha sin atá ar fáil in airgeadra ar leith agus coinníollacha ar cheart do mhaoluithe sin bheith faoina réir;
(i)
an sainmhíniú ar tháirgí airgeadais i gcomhréir le Shari'ah mar mhalairt rogha ar shócmhainní a cháileodh mar shócmhainní leachtachta chun críocha Airteagal 416, lena n-úsáid ag bainc a fheidhmíonn i gcomhréir le Shari'ah.
(j)
an sainmhíniú ar dhálaí struis, lena n-áirítear prionsabail le haghaidh na húsáide a d'fhéadfaí a bhaint as stoc na sócmhainní leachtacha agus na freagairtí maoirseachta a mbeadh gá leo le go mbeadh institiúidí in ann a gcuid sócmhainní leachtacha a úsáid chun freagairt d'eis-sreabha leachtachta agus conas aghaidh a thabhairt ar neamhchomhlíonadh;
(k)
an sainmhíniú ar an ngaol oibríochtúil atá bunaithe le haghaidh custaiméara neamh-airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 422(3)c);
(l)
calabrú an ráta eis-sreabhaidh is infheidhme chun a bheith comhfhreagrach le seirbhísí baincéireachta agus bróicéireachta príómha dá datagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 422(4);
(m)
sásraí chun marthanú a dhéanamh ar bhannaí atá ráthaithe ag rialtais agus a eisítear chuig institiúidí creidmheasa mar chuid de bhearta tacaíochta Rialtais, a bhfuil formheas státchabhrach an Aontais acu, amhail bannaí arna n-eisiúint ag an nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (GNBS) in Éirinn nó an Chuideachta um Bainistíocht Sócmhainní sa Spáinn, atá ceaptha chun sócmhainní is cúis le fadhbanna a bhaint de chláir chomhardaithe institiúidí creidmheasa, mar shócmhainní a bhfuil leachtacht agus cáilíocht chreidmheasa thar a bheith ard acu.
|
|
Airteagal 509 3.
|
Tabharfaidh ÚBE, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM agus BCE, agus faoin 31 Nollaig 2013, tuarascáil don Choimisiún ar shainmhínithe aonfhoirmeacha iomchuí ar leachtacht ard agus fíor-ard agus ar cháilíocht chreidmheasa sócmhainní inaistrithe chun chríocha Airteagal 416 agus caolchorrlaigh iomchuí do shócmhainní a cháileodh mar shócmhainní leachtacha chun críochta Airteagal 416, cé is moite de na sócmhainní dá dtagraítear i bpointe (a), (b) agus (c) d'Airteagal 416(1). Tabharfar an deis do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle a gcuid tuairimí a chur in iúl maidir leis an tuarascáil sin. Ba cheart go ndéanfaí an méid a leanas a mheas sa tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír:
(a)
catagóirí eile de shócmhainní incháilithe, go háirithe urrúis chónaithe le taca morgáistí ar cháilíocht ard leachtach agus creidmheasa,
(b)
catagóirí eile d'urrúis nó iasachtaí incháilithe bainc cheannais, mar shampla bannaí rialtais áítiúil, agus páipéar tráchtála agus
(c)
sócmhainní nach bhfuil incháilithe don bhanc ceannais ach sócmhainní intrádála amhail cothromais a liostaítear ar mhalartán aitheanta, ór, ionstraimí cothromais mórinnéacs, bannaí atá ráthaithe, bannaí faoi chumhdach, agus bannaí agus cistí corparáideacha bunaithe ar na sócmhainní sin, a mheas sa tuarascáil freisin.
|
|
Airteagal 509 4.
|
Leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír 3, ba cheart go measfaí ar cheart agus, más ceart, a mhéid a chuirfí áiseanna creidmheasa teannta dá dtagraítear in i bpointe (e) d'Airteagal 416(1)san áireamh mar shócmhainní leachtacha i bhfianaise forbartha idirnáisiúnta agus lena gcuirtear san áireamh sonraíochtaí Eorpacha, lena n-áirítear an chaoi a bhfeidhmítear beartas airgeadaíochta san Aontas. Déanfaidh an ÚBE tástáil go háirithe ar leordhóthanacht na gcritéar seo a leanas agus ar na leibhéil iomchuí maidir le sainmhínithe den sórt sin:
(a)
íosmhéid trádála na sócmhainní
(b)
íosmhéid trádála na sócmhainní, gan íoc
(c)
faisnéis praghsála agus iarthrádála thrédhearcach;
(d)
na céimeanna den cháilíocht chreidmheasa dá dtagraítear i gCuid 3, Teideal II, Caibidil 2;
(e)
cuntas cruthaithe ar chobhsaíocht praghsanna;
(f)
méid a trádáladh ar an meán agus meánmhéid na trádála;
(g)
an raon tairisceana is atairisceana;
(h)
an t-am atá fágtha go dtí an aibíocht;
(i)
íoschóimheas láimhdeachais;
|
|
Airteagal 509 5.
|
Faoin 31 Eanáir 2014, tabharfaidh an ÚBE tuarascáil maidir leis an méid seo a leanas chomh maith:
(a)
sainmhínithe aonfhoirmeacha ar leachtacht ard agus fíor-ard agus ar cháilíocht chreidmheasa;
(b)
iarmhairtí neamhbheartaithe an tsainmhínithe ar shócmhainní leachtacha ar iompar oibríocht bheartas airgeadaíochta agus:
(i)
a mhéid a fhéadfaidh liosta sócmhainní leachtacha atá dínasctha ó liosta sócmhainní incháilithe an bhainc cheannais institiúidí a dhreasú chun sócmhainne incháilithe nach bhfuil san áireamh sa sainmhíniú ar shócmhainní leachtacha in oibríochtaí athmhaoinithe a thíolacadh;
(ii)
a mhéid a fhéadfaidh rialáil leachtachta institiúidí a dhídhreasú ó iasachtaí a thabhairt nó a fháil ar mhargaí airgid neamhurraithe agus an amhlaidh go n-ardódh sé sin ceist i dtaobh an chaoi a bhfuil EONIA á dhíriú agus beartas maoinithe á gcur chun feidhme;
(iii)
a mhéid a fhéadfaidh sé a bheith níos deacra do bhainc cheannais cobhsaíocht praghsanna a áirithiú leis an gcreat beartais airgeadaíochta agus na hionstraimí atá ann cheana nuair a thabharfar an ceanglas maidir el cumhdach leachtachta isteach.
(c)
na ceanglais oibriúcháin do shealúchais sócmhainní leachtacha, dá dtagraítear i bpointe (b) go (f) d'Airteagal 417, i gcomhréir le forbairtí rialála idirnáisiúnta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|