+Airteagal 510 1.

Airteagal 510 1.

Faoin 31 Nollaig 2015, tabharfaidh ÚBE tuarascáil don Choimisiún, bunaithe ar na hítímí a mbeidh tuairisc le déanamh orthu i gcomhréir le Cuid a Sé, Teideal III, á rá an mbeadh sé oiriúnach, agus conas a bheadh se oiriúnach, a áirithiú go n-úsáidfidh institiúidí foinsí cobhsaithe cistithe, lena n-áirítear an measúnú ar thionchar ar phróifíl ghnó agus ar phróifíl ►C9  riosca ◄ institiúidí a bhunaítear san Aontas nó ar mhargaí airgeadais nó ar an ngeilleagar agus iasachtú bainc, ar measúnú é ina gcuirfear fócas faoi leith ar iasachtaí a thabhairt do FBManna agus ar mhaoiniú trádála, lena n-áirítear iasachtú faoi scéimeanna árachais chreidmheasa onnmhairiúcháin oifigiúla agus múnlaí maoinithe faoi bhealach agus iasachtú morgáiste comhoiriúnaithe ó thaobh maoinithe de agus faoin dóigh a mbeadh sé oiriúnach é sin a dhéanamh. Déanfaidh ÚBE go háirithe anailís ar an tionchar atá ag foinsí cobhsaithe cistithe ar struchtúir athmhaoinithe samhlacha éagsúla baincéireachta san Aontas.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas