+Airteagal 510 Ceanglais maidir le Glanchistiúchán Cobhsaí
---+Airteagal 510 1.
---+Airteagal 510 2.
---+Airteagal 510 3.
---+Airteagal 510 4.
---+Airteagal 510 5.
---+Airteagal 510 6.
---+Airteagal 510 9.
---+Airteagal 510 10.
---+Airteagal 510 11.
|
Airteagal 510 Ceanglais maidir le Glanchistiúchán Cobhsaí
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 510 1.
|
Faoin 31 Nollaig 2015, tabharfaidh ÚBE tuarascáil don Choimisiún, bunaithe ar na hítímí a mbeidh tuairisc le déanamh orthu i gcomhréir le Cuid a Sé, Teideal III, á rá an mbeadh sé oiriúnach, agus conas a bheadh se oiriúnach, a áirithiú go n-úsáidfidh institiúidí foinsí cobhsaithe cistithe, lena n-áirítear an measúnú ar thionchar ar phróifíl ghnó agus ar phróifíl
►C9
riosca ◄ institiúidí a bhunaítear san Aontas nó ar mhargaí airgeadais nó ar an ngeilleagar agus iasachtú bainc, ar measúnú é ina gcuirfear fócas faoi leith ar iasachtaí a thabhairt do FBManna agus ar mhaoiniú trádála, lena n-áirítear iasachtú faoi scéimeanna árachais chreidmheasa onnmhairiúcháin oifigiúla agus múnlaí maoinithe faoi bhealach agus iasachtú morgáiste comhoiriúnaithe ó thaobh maoinithe de agus faoin dóigh a mbeadh sé oiriúnach é sin a dhéanamh. Déanfaidh ÚBE go háirithe anailís ar an tionchar atá ag foinsí cobhsaithe cistithe ar struchtúir athmhaoinithe samhlacha éagsúla baincéireachta san Aontas.
|
|
Airteagal 510 2.
|
Faoin 31 Nollaig 2015, cuirfidh ÚBE tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin freisin, bunaithe ar na hítimí a bheidh le tuairisciú i gcomhréir le Cuid a Sé, Teideal III agus i gcomhréir le formáidí aonfhoirmeacha tuairiscithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 415(3) agus tar éis dul i gcomhairle le BERS, maidir le modheolaíochtaí lena gcinntear suim an chistithe chobhsaí atá ar fáil do na hinstitiúidí agus a éilíonn siad agus maidir leis na sainmhínithe aonfhoirmeacha iomchuí chun an ceanglas sin maidir le glanchistiúchán cobhsaí a ríomh, ina scrúdaítear an méid seo a leanas go háirithe:
(a)
na catagóirí agus na hualuithe a chuirtear i bhfeidhm ar fhoinsí cistiúcháin chobhsaí in Airteagal 427(1);
(b)
na catagóirí agus na hualuithe a chuirtear i bhfeidhm chun an ceanglas maidir le cistiúchán cobhsaí in Airteagal 428(1) a chinneadh;
(c)
leis na modheolaíochtaí, tabharfar dreasachtaí agus dídhreasachtaí mar is iomchuí chun cisitiú cobhsaí fadtéarmach sócmhainní, gníomhaíochtaí gnó, infheistiú agus cistiú d'institiúidí a spreagadh.
(d)
an gá atá ann modheolaíochtaí éagsúla a fhorbairt do chineálacha éagsúla institiúidí.
|
|
Airteagal 510 3.
|
Faoin 31 Nollaig 2016, cuirfidh an Coimisiún, más iomchuí, togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an mbealach a bhféadfar a áirithiú go mbainfidh na hinstitiúidí leas as foinsí cobhsaí cistiúcháin, agus na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 á gcur san áireamh, agus lánaird á tabhairt freisin ar éagsúlacht atá in earnáil bhaincéireachta na hEorpa.
|
|
Airteagal 510 4.
|
Déanfaidh UBÉ faireachán ar mhéid an chistiúcháin chobhsaí cheangailtigh chun an
►C12
riosca ◄ cistiúcháin a chumhdach a bhaineann leis na conarthaí díorthach a liostaítear in Iarscríbhinn II agus díorthaigh chreidmheasa in imeacht thréimhse aon bhliana an chóimheasa glanchistiúcháin chobhsaí, go háirithe
►C12
riosca ◄ cistiúcháin todhchaíoch na gconarthaí díorthacha sin a leagtar amach i mír 428s(2) agus mír 428at(2) d'Airteagal 428, agus cuirfidh sé tuarascáil chuig an gCoimisiún faoin deis fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh níos airde nó beart atá níos íogaire ó thaobh
►C12
riosca ◄ de a ghlacadh faoin 28 Meitheamh 2024. Déanfar measúnú sa tuarascáil sin ar na nithe seo a leanas ar a laghad:
(a)
an deis idirdhealú a dhéanamh ar chonarthaí díorthach atá faoi chumhdach corrlaigh nó gan cumhdach corrlaigh;
(b)
an deis an ceanglas a leagtar amach i mír 428s(2) agus 428at(2) d'Airteagal 428 a bhaint, a mhéadú nó a ionadú;
(c)
an deis athrú a dhéanamh ar bhonn níos leithne ar láimhseáil conarthaí díorthach i dtaca le ríomh an chóimheasa glanchistiúcháin chobhsaí, mar a leagtar amach in Airteagal 428k(4), 428s(2), pointe (a) agus pointe (b) d'Airteagal 428ag; Airteagal 428ah(2), Airteagal 428al(4), Airteagal 428al(4), Airteagal 428at(2), pointe (a) agus pointe (b) d'Airteagal 428ay agus ag Airteagal 428az(2) agus chun an
►C12
riosca ◄ cistiúcháin a bhaineann leis na conarthaí sin in imeacht thréimhse aon bhliana an chóimheasa glanchistiúcháin chobhsaí a léiriú ar bhealach níos fearr;
(d)
an tionchar a bheadh ag na hathruithe sin atá beartaithe ar mhéid an chistiúcháin chobhsaí a theastaíonn le haghaidh chonarthaí díorthach na n-institiúidí.
|
|
Airteagal 510 5.
|
I gcás ina ndéantar, le caighdeáin idirnáisiúnta, difear do láimhseáil conarthaí díorthach a liostaítear in Iarscríbhinn II agus ar dhíorthaigh chreidmheasa chun an cóimheas glanchistiúcháin chobhsaí a ríomh, déanfaidh an Coimisiún, más iomchuí, agus an tuarascáil dá dtagraítear i mír 4, na hathruithe sin ar chaighdeáin idirnáisiúnta agus éagsúlacht earnáil baincéireachta an Aontais á gcur san áireamh aige, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an mbealach chun leasú a dhéanamh ar na forálacha maidir le láimhseáil conarthaí díorthach a liostaítear in Iarscríbhinn II agus láimhseáil díorthach creidmheasa chun an cóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, mar a leagtar amach é i dTeideal IV de Chuid a Sé, a ríomh, chun aird níos fearr a thabhairt ar an
►C12
riosca ◄ cistiúcháin a bhaineann leis na hidirbhearta sin.
|
|
Airteagal 510 6.
|
►M20
Déanfaidh ÚBE faireachán ar mhéid an chistithe chobhsaí a theastaíonn chun an riosca cistiúcháin a chumhdach a bhaineann le hidirbhearta um maoiniú urrús, lena n-áirítear na sócmhainní a fhaightear nó a thugtar sna hidirbhearta sin, agus le hidirbhearta neamhurraithe le custaiméirí airgeadais, i gcás ina bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná 6 mhí ag na hidirbhearta sin. Tuairisceoidh ÚBE don Choimisiún faoin 31 Eanáir 2029, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, maidir le hiomchuí an cheanglais chistiúcháin chobhsaí sin. Agus forbairtí idirnáisiúnta agus láimhseáil rialála idirbheart comhchosúil i ndlínsí eile á gcur san áireamh, déanfar measúnú sna tuarascálacha sin ar an méid seo a leanas ar a laghad: ◄
(a)
an deis fachtóir níos airde cistiúcháin chobhsaí nó fachtóir níos ísle cistiúcháin chobhsaí a chur i bhfeidhm ar idirbhearta um maoiniú urrús le custaiméirí airgeadais agus ar idirbhearta neamhurraithe ag a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná sé mhí le custaiméirí airgeadais chun aird níos fearr a thabhairt ar an
►C12
riosca ◄ cistiúcháin a bhaineann leo in imeacht thréimhse aon bhliana an chóimheasa glanchistiúcháin chobhsaí agus ar na héifeachtaí gabhála a d'fhéadfadh a bheith idir chustaiméirí airgeadais;
(b)
an deis an láimhseáil a leagtar amach i bpointe (g) d'Airteagal 428r(1) a chur i bhfeidhm ar idirbhearta um maoiniú urrús arna gcomhthaobhú le cineálacha eile sócmhainní;
(c)
an deis fachtóirí cistiúcháin chobhsaí a chur i bhfeidhm ar ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe arna n-úsáid in idirbhearta um maoiniú urrús agus idirbhearta caipitil faoi thionchar an mhargaidh de rogha ar an láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 428p(5);
▼M20
(d)
leordhóthanacht na láimhseála neamhshiméadraí idir dliteanais ag a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná 6 mhí arna soláthar ag custaiméirí airgeadais atá faoi réir fachtóir 0 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 428k(3), pointe (c), agus sócmhainní a thagann as idirbhearta ag a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná 6 mhí le custaiméirí airgeadais atá faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 0 %, 5 % nó 10 % i gcomhréir le hAirteagal 428r(1), pointe (g), le hAirteagal 428s(1), pointe (b) agus le hAirteagal 428v, pointe (a);
(e)
an tionchar a bheadh ag tabhairt isteach fachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh is airde nó is ísle le haghaidh idirbhearta um maoiniú urrús, go háirithe idirbhearta ag a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná 6 mhí, le custaiméirí airgeadais, ar na nithe seo a leanas:
(i)
struchtúr praghsanna na n-idirbheart sin; agus
(ii)
leachtacht mhargaidh sócmhainní a fhaightear mar chomhthaobhacht sna hidirbhearta sin, go háirithe bannaí ceannasacha agus bannaí corparáideacha;
▼M8
(f)
an tionchar a bheadh ag na hathruithe atá beartaithe ar mhéid an chistiúcháin chobhsaí is gá le haghaidh idirbhearta na n-institiúidí sin, go háirithe le haghaidh idirbhearta um maoiniú urrús ag a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná sé mhí le custaiméirí airgeadais i gcás ina bhfaightear bannaí ceannasacha mar chomhthaobhacht sna hidirbhearta sin.
|
|
Airteagal 510 9.
|
Déanfaidh UBÉ faireachán ar mhéid an chistiúcháin chobhsaí a bheidh de dhíth chun an
►C12
riosca ◄ cistiúcháin a chumhdach a bhaineann le sealúchais urrús a bhíonn ag institiúidí chun conarthaí díorthach a fhálú. Cuirfidh ÚBE tuarascáil ar oiriúnacht na láimhseála faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Meitheamh 2023. Déanfar measúnú sa tuarascáil sin ar na nithe seo a leanas ar a laghad:
(a)
an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag an láimhseáil ar chumas infheisteoirí
►C12
neamhchosaint ◄ a bheith acu ar shócmhainní agus tionchar na láimhseála ar sholáthar creidmheasa in aontas na margaí caipitil;
(b)
an deis ceanglais cistiúcháin cobhsaí choigeartaithe a chur i bhfeidhm maidir le hurrúis a shealbhaítear chun díorthaigh a fhálú agus a chistítear, go hiomlán nó i bpáirt, le corrlach tosaigh;
(c)
an deis ceanglais cistiúcháin cobhsaí choigeartaithe a chur i bhfeidhm maidir le hurrúis a shealbhaítear chun díorthaigh a fhálú agus nach gcistítear le corrlach tosaigh.
|
|
Airteagal 510 10.
|
Faoin 28 Meitheamh 2023 nó bliain amháin tar éis comhaontú ar chaighdeáin idirnáisiúnta a cheapfaidh CBMB, cibé acu is luaithe, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, agus an tuarascáil dá dtagraítear i mír 9, aon chaighdeáin idirnáisiúnta a cheapfaidh CBMB, éagsúlacht earnáil baincéireachta an Aontais agus aidhmeanna an aontais margaí caipitil á gcur san áireamh aige, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle maidir le conas leasú a dhéanamh ar na forálacha maidir le láimhseáil shealúchais urrús a bhíonn ag institiúidí chun conarthaí díorthach a fhálú d'fhonn an cóimheas glanchistiúcháin chobhsaí a ríomh mar a leagtar amach i dTeideal IV de Chuid a Sé i gcás ina measfaidh sé féin gurb iomchuí maidir le tionchar na láimhseála atá ann cheana ar chóimheas glanchistiúcháin chobhsaí institiúidí agus d'fhonn aird níos fearr a thabhairt ar an
►C12
riosca ◄ cistiúcháin a bhaineann leis na hidirbhearta sin.
|
|
Airteagal 510 11.
|
Déanfaidh ÚBE measúnú cibé acu a bheadh nó nach mbeadh údar maith leis an bhfachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a laghdú do shócmhainní a úsáidtear le haghaidh seirbhísí imréitigh agus socraíochta do mhiotail lómhara amhail ór, airgead, platanam agus pallaidiam a sholáthar, nó sócmhainní a úsáidtear le haghaidh idirbhearta um maoiniú do mhiotail lómhara, amhail ór, airgead, platanam agus pallaidiam dar téarma 180 lá nó níos lú a sholáthar. Cuirfidh ÚBE a thuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin faoi cheann 28 Meitheamh 2021.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|