+TITLE III AMENDMENTS
---+Airteagal 520 Leasú ar Rialachán (AE) 648/2012
---+Airteagal 520a Cur i bhfeidhm ceanglas cistí dílse le haghaidh riosca margaidh

TITLE III AMENDMENTS

TITLE III AMENDMENTS

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 520 Leasú ar Rialachán (AE) 648/2012

Airteagal 520

Leasú ar Rialachán (AE) 648/2012

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 mar seo a leanas:

(1) 

Cuirtear an téacs seo a leanas leis an téacs atá i dTeideal IV:

“CAIBIDIL 4

Ríomhanna agus tuairisciú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh 575/2013

Airteagal 50a

Ríomh an KCPL

▼C2

1.  
Chun críocha Airteagal 308 de Rialachán (AE) Uimh 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, déanfaidh contrapháirtí lárnach,a KCPLa ríomh mar a shonraítear é i mír 2 den Airteagal sin maidir le gach conradh agus gach idirbheart atá imréitithe aige agus maidir le gach comhalta imréitigh má thiteann siad laistigh de chumhdach an chiste mhainneachtana a tugadh.

▼B

2.  

Déanfaidh contrapháirtí lárnach an caipiteal hipitéiseach (KCPL) a ríomh mar seo a leanas:

image

nuair atá:

EBRMi

=

luach na ►C9  neamhchosanta ◄ roimh mhaolú an ►C9  riosca ◄ atá cothrom le luach ►C9  neamhchosanta ◄ an chontrapháirtí lárnaigh ar chomhalta imréitigh a thagann as gach conradh agus idirbheart leis an gcomhalta imréitigh sin, arna ríomh gan an chomhthaobhacht a bhreacann an comhalta imréitigh sin a chur san áireamh;

IMi

=

an corrlach tosaigh arna breacadh ag comhalta imréitigh i le contrapháirtí lárnach;

DFi

=

ranníocaíocht réamh-mhaoinithe chomhalta imréitigh i;

RW

=

►C9  ualach riosca ◄ 20 %;

cóimheas caipitil

=

8 %.

▼C2

Maidir leis na luachanna uile ata sa chéad fhomhír, bainfidh siad leis an luacháil ag deireadh an lae sula malartófar an corrlach a glaodh ar ghlaoch corrlaigh deireanach an lae sin.

▼B

3.  
Déanfaidh contrapháirtí lárnach an ríomh a cheanglaítear le mír 2 ar bhonn ráithiúil ar a laghad nó níos minice má cheanglaíonn na húdaráis inniúla sin ar na comhaltaí imréitigh sin ar institiúidí iad.
4.  

Forbróidh ÚBE dréacht-chaighdeáin theicniúla maidir le cur i bhfeidhm lena sonrófar na gnéithe seo a leanas chun críocha mír 3:

(a) 

minicíochtaí agus dátaí na ríomhanna a leagtar síos i mír 2;

(b) 

cásanna ina bhféadfadh údarás inniúil institiúide atá ag gníomhú mar chomhalta imréitigh minicíochtaí níos airde de ríomh agus de thuairisciú ná na cinn dá dtagraítear i bpointe (a) a iarraidh.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid na Choimisiúin faoin 01.01.14.

Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir lehAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.'

Airteagal 50b

Rialacha ginearálta maidir le ríomh an KCPL

Chun críocha an ríofa arna leagan síos in Airteagal 50a(2), beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a) 

déanfaidh contrapháirtí lárnach luach a ►C9  neamhchosanta ◄ ar a chomhaltaí imréitigh a róimh mar seo a leanas:

▼C2

(i) 

►C9  neamhchosaintí ◄ mar gheall ar chonarthaí agus idirbhearta a liostaítear in Airteagal 301(1)(a) agus (d) de Rialachán (AE) Uimh 575/2013, déanfaidh sé iad a ríomh i gcomhréir leis an modh um marcáil ón margadh a leagtar síos in Airteagal 274 de;

▼B

(ii) 

maidir le ►C9  neamhchosaintí ◄ mar gheall ar chonarthaí liostaithe in Airteagal 301(1)(b), (c) agus (e) de Rialachán (AE) Uimh 575/2013 ríomhfar iad i gcomhréir leis an Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais a shonraítear in Airteagal 223 den Rialachán seo agus le coigeartuithe maoirseachta luaineachta a shonraítear in Airteagal 223-224 den Rialachán sin; ní bheidh feidhm ag an eisceacht a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 285(3);

(iii) 

maidir le ►C9  neamhchosaintí ◄ mar gheall ar idirbhearta nach liostaítear in Airteagal 301(1) de Rialachán (AE) Uimh 575/2013 agus a bhaineann le ►C9  riosca ◄ socraíochta amháin ríomhfar iad i gcomhréir le Roinn a Trí, Teideal V den Rialachán sin.

(b) 

maidir le hinstitiúidí a thiteann faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh 575/2013is ionann na tacair ghlanluachála agus iad siúd a shainmhínítear faoi Chuid III, Teideal II den Rialachán sin.;

(c) 

Nuair a dhéanann sé na luachanna sin a ríomh dá dtagraítear i bpointe (a), asbhainfidh an contrapháirtí lárnach an chomhthaobhacht arna breacadh ag a chomhaltaí imréitigh óna ►C9  neamhchosaintí ◄ , arna laghdú go hiomchuí ag na coigeartuithe luaineachta maoirseachta i gcomhréir leis an Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais a shonraítear in Airteagal 224 de Rialachán (AE) Uimh 575/2013.

▼C2

▼B

(e) 

i gcás ina bhfuil ►C9  neamhchosaintí ◄ ag contrapháirtí lárnach ar chontrapháirtí lárnach amháin nó níos mó, déanfaidh sé ►C9  neamhchosaintí ◄ den sórt sin a láimhseáil amhail is gur ►C9  neamhchosaintí ◄ ar chomhaltaí imréitigh iad agus cuirfidh sé aon chorrlach nó ranníocaíochtaí réamh-mhaoinithe a fhaightear ó na contrapháirtithe lárnacha sin san áireamh chun KCPL a ríomh;

(f) 

I gcás ina bhfuil socrú conarthach ceangailteach i bhfeidhm ag contrapháirtí lárnach lena chomhaltaí imréitigh lena gceadaítear dó an corrlach tosaigh uile a fhaightear óna chomhaltaí imréitigh nó roinnt díobh a úsáid mar a bheidís ina ranníocaíochtaí réamh-mhaoinithe, déanfaidh an contrapháirtí lárnach an chorrlaigh tosaigh sin a mheas mar ranníocaíochtaí réamh-mhaoinithe chun críocha an ríofa i mír 1 agus murab ionann agus corrlach tosaigh.

▼C2

▼B

(h) 

agus an Modh um Marcáil ón Margadh á chur i bhfeidhm mar a leagtar sin amach in Airteagal 274 de Rialachán (AE) Uimh 575/2013, cuirfidh contrapháirtí lárnach an fhoirmle seo a leanas in ionad na foirmle sin atá i bpointe (c)(ii) in Airteagal 298(1) den Rialachán seo curtha isteach ag OP]:

image

nuair a ríomhtar uimhreoir an NGR i gcomhréir le hAirteagal 274(1) den Rialachán sin agus díreach sula malairtítear na corrlaigh athrúcháin ag deireadh na tréimhse socraíochta, agus is é an t-ainmneoir an costas athsholáthair comhiomláin;

(i) 

i gcás nach bhfuil contrapháirtí lárnach in ann luach NGR a ríomh mar a leagtar amach i bpointe (c)(ii) d'Airteagal 298(1) de Rialachán (AE) Uimh 575/2013curtha isteach ag OP], déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(i) 

cuirfidh sé na comhaltaí imréitigh sin atá aige agus atá ina n-institiúidí agus chuig a údaráis inniúla faoina éagumas chun an NGR a ríomh agus na cúiseanna nach raibh sé in ann tabhairt faoin ríomh;

(ii) 

ar feadh tréimhse trí mhí, féadfaidh sé luach NGR 0,3 a úsáid chun PCE red a ríomh mar a shonraítear i bpointe (h) den Airteagal seo;

(j) 

i gcás ina mbeadh, ag deireadh na tréimhse a shonraítear i bpointe (ii) de phointe (g), an contrapháirtí lárnach fós neamhábalta luach NGR a ríomh, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(i) 

stadfaidh sé de KCPL a ríomh;

(ii) 

tabharfaidh sé fógra do na comhaltaí imréitigh sin ar institiúidí iad agus a n-institiúidí inniúla gur stad sé de KCPL a ríomh;

(k) 

d'fhonn an ►C9  neamhchosaint ◄ fhéideartha thodhchaíoch a ríomh maidir le roghanna agus roghtálacha faoin Modh um Marcáil ón Margadh a shonraítear in Airteagal 274 de Rialachán (AE) Uimh 575/2013 déanfaidh contrapháirtí lárnach méid barúlach an chonartha a iolrú faoi luach absalóideach dheilt an rogha
image mar a shainmhínítear sin i bpointe (a) d'Airteagal 280(1) den Rialachán sin;

(l) 

nuair atá níos mó ná aon chiste mainneachtana amháin ag contrapháirtí lárnach, déanfaidh sé an ríomh arna leagan síos in Airteagal 50a(2) ar gach ciste mainneachtana ina aonar.

Airteagal 50c

Faisnéis a thuairisciú

1.  

Chun críocha Airteagal 308 de Rialachán (AE) Uimh 575/2013curtha isteach ag OP], tuairisceoidh an contrapháirtí lárnach an fhaisnéis seo a leanas chuig na comhaltaí imréitigh sin atá aige agus atá ina n-institiúidí agus chuig a údaráis inniúla.

(a) 

an caipiteal hipitéiseach (KCPL);

(b) 

suim na ranníocaíochtaí réamh-mhaoinithe (DFCM);

(c) 

suim a acmhainní airgeadais réamh-mhaoinithe a bhfuil ceangal air a úsáid - de réir an dlí nó mar gheall ar chomhaontú conarthach lena chomhaltaí imréitigh - chun a chaillteanais a chumhdach mar gheall ar mhainneachtain ceann amháin nó níos mó dá chomhaltaí imréitigh sula n-úsáideann sé ranníocaíochtaí ciste mainneachtana na gcomhaltaí imréitigh eile (DFCPL);

(d) 

líon iomlán a chomhaltaí imréitigh (N);

▼C2

(e) 

an fachtóir comhchruinnithe (β), mar a leagtar amach é in Airteagal 50d.

▼C2

 

▼B

Nuair atá níos mó ná aon chiste mainneachtana amháin ag contrapháirtí lárnach, déanfaidh sé an fhaisnéis a thuairisciú sa chéad fhomhír maidir le gach ciste mainneachtana ina aonar

2.  
Tabharfaidh an contrapháirtí lárnach fógra do na comhaltaí imréitigh sin ar institiúidí iad ar bhonn ráithiúil ar a laghad nó níos minice má cheanglaíonn na húdaráis inniúla sin ar na comhaltaí imréitigh sin.
3.  

Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme d’fhonn an méid seo a leanas a shonrú:

(a) 

an teimpléad aonfhoirmeach chun críocha an tuairiscithe arna sonrí i mír 1;

(b) 

minicíochtaí agus dátaí an tuairiscithe dá dtagraítear i mír 2;

(c) 

cásanna ina bhféadfadh údarás inniúil institiúide atá ag gníomhú mar chomhalta imréitigh minicíochtaí níos airde de thuairisciú ná na cinn dá dtagraítear i bpointe (b) a iarraidh.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid na Choimisiúin faoin 1 Eanáir 2014.

Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir lehAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 50d

Ríomh na n-ítímí sonracha a bheidh le tuairisciú ag an gcontrapháirtí lárnach

Chun críocha na Coda seo, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a) 

Nuair a fhéachtar leis faoi rialacha an chontrapháirtí lárnaigh go n-úsáidfidh sé cuid nó iomlán a n-acmhainní airgeadais taobh leis na ranníocaíochtaí réamh-mhaoinithe óna chomhaltaí imréitigh i gcaoi lena bhfágtar na hacmhainní sin ar chomhchéim le ranníocaíochtaí réamh-mhaointihe ó chomhalta imréitigh i dtéarmaí conas a ionsúitear na caillteanais a thabhaíonn an contrapháirtí lárnach i gcás mainneachtana nó dócmhainneachta ag ceann amháin nó níos mó dá chuid comhaltaí imréitigh, cuirfidh an contrapháirtí lárnach méid comhfhreagrach na n-acmhainní sin leis an DFCM;

(b) 
nuair a fhéachtar leis i rialacha contrapháirtí lárnaigh go n-úsáidfidh sé cuid dá acmhainní airgeadais chun a chaillteanais a chumhdach mar gheall ar mhainneachtain ceann amháin nó níos mó dá chomhaltaí imréitigh tar éis a chiste mainneachtana a bheith ídithe, ach sula nglaonn sé ar ranníocaíochtaí a chomhaltaí imréitigh atá geallta go conarthach, déanfaidh an contrapháirtí lárnach méid comfhreagrach na n-acmhainní airgeadais breise sin

image

a chur le méid iomlán na ranníocaíochtaí réamh-mhaoinithe (DF) mar seo a leanas:

image

.
(c) 

ríomhfaidh contrapháirtí lárnach an fachtóir comhchruinnithe (β) i gcomhréir leis na foirmle seo a leanas:

image

nuair atá:

PCEred,i

=

an figiúr laghdaithe maidir le ►C9  neamhchosaint ◄ fhéideartha todhchaí ar chreidmheas maidir le gach conradh agus idirbheart contrapháirtí lárnaigh le comhalta imréitigh i;

PCEred,1

=

an figiúr laghdaithe maidir le ►C9  neamhchosaint ◄ fhéideartha todhchaíoch ar chreidmheas maidir le gach conradh agus idirbheart contrapháirtí lárnaigh leis an gcomhalta imréitigh a bhfuil an luach PCEred is mó aige;

PCEred,2

=

an figiúr laghdaithe maidir le ►C9  neamhchosaint ◄ fhéideartha todhchaí ar chreidmheas maidir le gach conradh agus idirbheart contrapháirtí lárnaigh le comhalta imréitigh a bhfuil an dara luach PCEred is mó aige;

”

(2) 

In Airteagal 11(15), scriostar pointe (b);

▼C2

(3) 

Cuirtear isteach an mhír seo a leanas in Airteagal 89:

“5a.  
Go dtí 15 mhí tar éis an dáta nuair a thagann an ceann is déanaí de na caighdeáin theicniúla rialála i bhfeidhm dá dtagraítear in Airteagail 16, 25, 26, 29, 34, 41, 42, 44, 45, 47 agus 49, nó go dtí go ndéantar cinneadh faoi Airteagal 14 maidir le húdarú an chontrapháirtí lárnaigh, cibé dáta is luaithe, cuirfidh an contrapháirtí lárnach sin an láimhseáil sin i bhfeidhm a shonraítear sa tríú fomhír den mhír seo.

Go dtí 15 mhí tar éis an dáta nuair a thagann an ceann is déanaí de na caighdeáin theicniúla rialála i bhfeidhm dá dtagraítear in Airteagail 16, 25, 26, 29, 34, 41, 42, 44, 45, 47 agus 49, nó go dtí go ndéantar cinneadh faoi Airteagal 25 maidir le húdarú an chontrapháirtí lárnaigh, cibé dáta is luaithe, cuirfidh an contrapháirtí lárnach sin an láimhseáil sin i bhfeidhm a shonraítear sa tríú fomhír den mhír seo.

Go dtí na sprioc-amanna a shainítear sa chéad dá fomhír den mhír seo, agus faoi réir an ceathrú mír den mhír seo, i gcás nach bhfuil ciste mainneachtana ag contrapháirtí lárnach agus nach bhfuil socrú ceangailteach i bhfeidhm aige lena chomhaltaí imréitigh lena ligtear dó an corrlach tosaigh ina iomláine, nó cuid de, a úsáid mar chorrlach a fuair sé óna chomhaltaí imréitigh amhail is go mba ranníocaíochtaí réamhchistithe iad, áireofar san fhaisnéis a thuairscíonn sé i gcomhréir le hAirteagal 50a(1) méid iomlán an chorrlaigh tosaigh a fuair sé óna chomhaltaí imréitigh (CI).

Maidir leis na spriocdhátaí dá dtagraítear sa chéad agus sa dara fomhír den mhír seo, féadfar iad a shíneadh sé mhí breise i gcomhréir le gníomh cur chun feidhme ón gCoimisiún arna ghlacadh de bhun Airteagal 497(3) de Rialachán (AE) Uimh 575/2013 a ghlacadh.”

Airteagal 520a Cur i bhfeidhm ceanglas cistí dílse le haghaidh riosca margaidh

Airteagal 520a

Cur i bhfeidhm ceanglas cistí dílse le haghaidh riosca margaidh

Maidir le Cuid a Trí, Teideal IV, agus na ceanglais maidir le riosca margaidh in Airteagail 430, 430b, 445 agus 455 den Rialachán seo sa leagan atá i bhfeidhm an 8 Iúil 2024, leanfaidh institiúidí dá gcur i bhfeidhm go dtí an 1 Eanáir 2027.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas