+IARSCRÍBHINN III

IARSCRÍBHINN III




IARSCRÍBHINN III

Ítimí faoi réir tuairiscithe fhorlíontaigh maidir le sócmhainní leachtacha

1. Airgead tirim;

2.  ►C9  neamhchosaintí ◄ i gcúlchistí bainc ceannais, a mhéid is gur féidir na neamhchonsaintí sin a íostarraingt i dtréimhsí struis;

3. urrúis inaistrithe in ionannas le héilimh ar stáit, ar bhainc cheannais, ar eintiteas earnála poiblí neamhrialtais lárnaigh, ar réigiúin a bhfuil neamhspleáchas buiséadach acu chun cáin a ghearradh agus a bhailiú agus ar údaráis áitiúla, ar an mBanc le haghaidh Socruithe Idirnáisiúnta, ar an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, ar an Aontas Eorpach, ar an Saoráid Chobhsaíochta Airgeadais Eorpach, ar an Sásra Cobhsaíochta Eorpach, nó ar bhainc forbartha iltaobhacha, nó éilimh a ráthaíonn siad, agus na coinníollacha seo ar fad a leanas á gcomhlíonadh:

(a) 

sanntar ►C9  ualach riosca ◄ 0 % dóibh faoi Chuid a Trí de Theideal II, Caibidil 2;

▼M9

(b) 

ní oibleagáid de chuid institiúide nó gnólachta infheistíochta nó de chuid ceann ar bith dá heintitis chleamhnaithe iad.

▼B

4. urrúis inaistrithe seachas na hurrúis sin dá dtagraítear i bpointe (3) agus iad in ionannas le héilimh ar stáit nó ar bhainc cheannais nó le héilimh a ráthaíonn siad acu, a d'eisigh an stát nó an banc ceannais in airgeadraí intíre san airgeadra agus sa tír ina nglactar an ►C9  riosca ◄ leachtachta nó ina eisítear é in airgeadra eachtrach, a mhéad atá sealbhú féich den sórt sin comhoiriúnach le riachtanais leachtachta oibríochtaí an bhainc sa tríú tír sin;

5. Urrúis inaistrithe in ionannas le héilimh ar stáit, ar bhainc cheannais, ar eintitis earnála poiblí neamhrialtais lárnaigh, ar réigiúin a bhfuil neamhspleáchas buiséadach acu chun cáin a ghearradh agus a bhailiú agus ar údaráis áitiúla, nó ar bhainc forbartha iltaobhacha agus na coinníollacha seo a leanas ar fad á gcomhlíonadh:

(a) 

sanntar ►C9  ualach riosca ◄ 20 % dóibh faoi Cuid a Trí de Theideal II, Caibidil 2;

▼M9

(b) 

ní oibleagáid de chuid institiúide nó gnólachta infheistíochta nó de chuid ceann ar bith dá heintitis chleamhnaithe iad.

▼B

6. urrúis inaistrithe seachas na hurrúis sin dá dtagraítear i bpointí 3, 4 agus 5 a cháilíonn ►C9  d'ualach riosca ◄ 20 % nó níos mó ná sin faoi Roinn 2 de Theideal III, Caibidil 3 nó a bhfuil sé rátáilte go hinmheánach go bhfuil cáilíocht chreidmheasa choibhéiseach acu, agus aon cheann de na coinníollacha seo a leanas á chomhlíonadh:

▼M9

(a) 

ní hionann iad agus éileamh ar SSPE, ar institiúid nó gnólacht infheistíochta nó ar cheann ar bith dá heintitis chleamhnaithe;

▼B

(b) 

is bannaí iad atá incháilithe don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 129(4) nó (5);

▼M10

(c) 

is bannaí faoi chumhdach iad mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 3 de Threoir (AE) 2019/2019/2162 seachas iad sin dá dtagraítear i bpointe (b) den phointe seo.

▼M9

7. Urrúis inaistrithe seachas na hurrúis sin dá dtagraítear i bpointe 3 go pointe 6 a cháilíonn d'ualú ►C11  riosca ◄ 50 % nó níos mó ná sin faoi Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí nó a bhfuil sé rátáilte go hinmheánach go bhfuil cáilíocht chreidmheasa choibhéiseach acu, agus ní hionann iad agus éileamh ar SSPE, ar institiúid nó gnólacht infheistíochta nó ar cheann ar bith dá heintitis chleamhnaithe.

▼B

8. Urrúis inaistrithe seachas na hurrúis sin dá dtagraítear i bpointí (3) go (7) atá comhthaobhaithe le sócmhainní, cáilíonn siad ►C9  d'ualach riosca ◄ 35 % nó níos mó ná sin faoi Roinn 2 de Theideal III, Caibidil 3 nó a bhfuil sé rátáilte go hinmheánach go bhfuil cáilíocht chreidmheasa choibhéiseach acu, agus atá ráthaithe go huile is go hiomlán ag morgáistí ar mhaoin chónaithe i gcomhréir le hAirteagal 125.

9. Áiseanna creidmheasa teannta a dheonaíonn na bainc cheannais laistigh de raon feidhme an bheartais airgeadaíochta sa mhéid nach ndéantar na háiseanna sin a chomhthaobhú le sócmhainní leachtacha ach gan cúnamh éigeandála leachtachta a bheith san áireamh;

10. I gcás ina bhfuil an institiúid chreidmheasa bainteach i líonra i gcomhréir le forálacha dlí nó le forálacha reachtúla, na híostaiscí dlíthiúla nó reachtúla atá san institiúid lárnach chreidmheasa agus cistiú leachtach eile reachtúil nó cistiú atá ar fáil ar bhonn conarthach ón institiúid lárnach chreidmheasa nó ó institiúidí ar baill iad den líonra dá dtagraítear in Airteagal 113 (7), nó atá incháilithe don tarscaoileadh dá bhforáiltear in Airteagal 10, sa mhéid nach gcomhthaobhaítear an cistiú sin le sócmhainní leachtacha;

▼M9

11. Scaireanna gnáthchothromais atá trádáilte ar an stocmhalartán agus atá imréitithe ar bhonn lárnach, agus atá mar fhochuid de mhórinnéacs malartáin, ainmnithe in airgeadra intíre an Bhallstáit agus nach n-eisítear ag institiúid ná gnólacht infheistíochta ná ag aon cheann de chleamhnaithe na hinstitiúide nó an ghnólachta infheistíochta sin.

▼B

12. ór, atá liostaithe ar mhalartán aitheanta, a shealbhaítear ar bhonn leithdháilte.

Ní mór do gach ítim, seachas iad sin dá dtagraítear i bpointe 1,2 agus a 9 na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

(a) 

déantar iad a thrádáil i gcomhaontú athcheannaigh simplí nó margaí airgid thirim arb é a bpríomhthréith leibhéal íseal comhchruinnithe;

(b) 

tá siad cruthaithe mar fhoinse iontaofa leachtachta trí chomhaontú athcheannaigh nó trí dhíolachán fiú le linn dálaí struis sa mhargadh;

(c) 

go bhfuil siad neamhualaithe.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas