+45. Chun gur féidir le scairshealbhóirí cinntí eolasacha a dhéanamh i gcomhréir le mír 43 agus mír …
|
45. Chun gur féidir le scairshealbhóirí cinntí eolasacha a dhéanamh i gcomhréir le mír 43 agus mír …
Chun gur féidir le scairshealbhóirí cinntí eolasacha a dhéanamh i gcomhréir le mír 43 agus mír 44, ba cheart don fheidhm mhaoirseachta a áirithiú go soláthróidh an gnólacht infheistíochta faisnéis leordhóthanach dóibh maidir leis an mbeartas luach saothair a dearadh chun cabhrú leo measúnú a dhéanamh ar an struchtúr dreasachta agus ar a mhéid a bhfuil glacadh riosca á dhreasachtú agus á rialú chomh maith le costas iomlán an struchtúir luach saothair. Ba cheart faisnéis dá leithéid a sholáthar i bhfad roimh chruinniú na scairshealbhóirí ábhartha. Ba cheart faisnéis mhionsonraithe a sholáthar maidir le beartais luach saothair agus athruithe orthu, nósanna imeachta agus próisis chinnteoireachta chun pacáiste luach saothair a shocrú agus ba cheart an méid seo a leanas a chuimsiú inti: - a. comhpháirteanna an luach saothair;
- b. príomhthréithe agus príomhchuspóirí na bpacáistí luach saothair agus a n-ailíniú leis an straitéis ghnó agus riosca, lena n-áirítear an inghlacthacht riosca agus luachanna corparáideacha an ghnólachta infheistíochta; EBA Public
- c. an dóigh a n-áirithíonn sé go bhfuil an beartas luach saothair neodrach ó thaobh inscne de;
- d. conas a chuirtear na pointí faoi (b) san áireamh i gcoigeartuithe ex ante/ex post, go háirithe maidir le baill foirne shainaitheanta.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|