+Teideal VI – bainistiú leanúnachais gnó
---+202. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta plean fónta bainistithe leanúnachais gnó agus plean …
---+203. Féadfaidh gnólachtaí infheistíochta feidhm neamhspleách leanúnachais gnó shonrach a bhunú.
---+204. Braitheann gnó gnólachta infheistíochta ar roinnt acmhainní ríthábhachtacha (e.g. córais TF …
---+205. Chun plean bainistithe fónta leanúnachais gnó a bhunú, ba cheart don ghnólacht infheistíochta …
---+206. Ar bhonn na hanailíse thuasluaite, ba cheart do ghnólacht infheistíochta an méid seo a leanas …
---+207. Ba cheart pleananna teagmhasacha, leanúnachais gnó agus téarnaimh a dhoiciméadú agus a chur …
|
Teideal VI – bainistiú leanúnachais gnó
Teideal VI – bainistiú leanúnachais gnó
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
202. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta plean fónta bainistithe leanúnachais gnó agus plean …
|
Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta plean fónta bainistithe leanúnachais gnó agus plean athshlánaithe a bhunú chun a áirithiú go bhfuil siad in ann oibriú ar bhonn leanúnach agus chun caillteanais a theorannú i gcás dian-mhíshocrachta gnó.
|
|
203. Féadfaidh gnólachtaí infheistíochta feidhm neamhspleách leanúnachais gnó shonrach a bhunú.
|
Féadfaidh gnólachtaí infheistíochta feidhm neamhspleách leanúnachais gnó shonrach a bhunú.
|
|
204. Braitheann gnó gnólachta infheistíochta ar roinnt acmhainní ríthábhachtacha (e.g. córais TF …
|
Braitheann gnó gnólachta infheistíochta ar roinnt acmhainní ríthábhachtacha (e.g. córais TF, lena n-áirítear néalseirbhísí, córais chumarsáide, príomhchomhaltaí foirne agus foirgnimh). Is é atá mar chuspóir le bainistiú leanúnachais gnó na hiarmhairtí oibríochtúla, airgeadais, dlíthiúla, clú agus ábhartha eile a eascraíonn as tubaiste nó as cur isteach ar feadh tréimhse fhada ar na hacmhainní sin agus as cur isteach ar ghnáthnósanna imeachta gnó an ghnólachta infheistíochta dá bharr sin. D’fhéadfadh go mbeadh sé mar aidhm le bearta bainistíochta riosca eile an dóchúlacht go dtarlódh teagmhais den sórt sin a laghdú nó a dtionchar airgeadais a aistriú chuig tríú páirtithe (e.g. trí árachas).
|
|
205. Chun plean bainistithe fónta leanúnachais gnó a bhunú, ba cheart don ghnólacht infheistíochta …
|
Chun plean bainistithe fónta leanúnachais gnó a bhunú, ba cheart don ghnólacht infheistíochta anailís chúramach a dhéanamh ar fhachtóirí riosca le haghaidh míshocrachtaí gnó, agus a neamhchosaint orthu, agus measúnú a dhéanamh (go cainníochtúil agus go cáilíochtúil) ar a dtionchar féideartha, trí úsáid a bhaint as sonraí inmheánacha agus/nó seachtracha agus anailís ar chásanna. Ba cheart go gcumhdódh an anailís sin gach líne ghnó agus gach aonad inmheánach, lena n-áirítear RMF nó na nósanna imeachta bainistíochta riosca, agus ba cheart a n-idirspleáchas a chur san áireamh. Ba cheart go gcabhródh torthaí na hanailíse le tosaíochtaí agus cuspóirí téarnaimh an ghnólachta infheistíochta a shainiú.
|
|
206. Ar bhonn na hanailíse thuasluaite, ba cheart do ghnólacht infheistíochta an méid seo a leanas …
|
Ar bhonn na hanailíse thuasluaite, ba cheart do ghnólacht infheistíochta an méid seo a leanas a bhunú: - a. pleananna teagmhasacha agus leanúnachais gnó chun a áirithiú go rachaidh an gnólacht infheistíochta i ngleic go hiomchuí le héigeandálaí agus go mbeidh sé in ann a ghníomhaíochtaí gnó is tábhachtaí a reáchtáil má chuirtear isteach ar a ghnáthnósanna imeachta gnó; agus
- b. pleananna téarnaimh le haghaidh acmhainní criticiúla chun cur ar chumas an ghnólachta infheistíochta filleadh ar ghnáthnós imeachta gnó laistigh de thréimhse ama iomchuí. Ba cheart aon riosca iarmharach ó mhíshocracht gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bheith comhsheasmhach le hinghlacthacht riosca an ghnólachta infheistíochta.
|
|
207. Ba cheart pleananna teagmhasacha, leanúnachais gnó agus téarnaimh a dhoiciméadú agus a chur …
|
Ba cheart pleananna teagmhasacha, leanúnachais gnó agus téarnaimh a dhoiciméadú agus a chur chun feidhme go cúramach. Ba cheart go mbeadh an doiciméadacht ar fáil laistigh de na línte gnó, aonaid inmheánacha agus an RMF don fhoireann atá i gceannas ar nósanna imeachta bainistíochta riosca, agus ba cheart an doiciméadacht a stóráil ar chórais atá scartha go fisiceach agus a bhfuil rochtain éasca orthu i gcás teagmhais. Ba cheart oiliúint iomchuí a chur ar fáil. Ba cheart na pleananna a thástáil agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta. Ba cheart aon dúshláin nó teipeanna a tharlaíonn i rith na dtástálacha a dhoiciméadú agus a anailísiú, agus ba cheart na pleananna a athbhreithniú dá réir.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|