+14.3 Ról RMF i ndáil le rioscaí a shainaithint, a thomhas, a mheasúnú, a bhainistiú, a mhaolú, a fhaireachán agus a thuairisciú
---+123. Ba cheart do RMF a áirithiú go gcuirfear an creat bainistíochta riosca chun feidhme go …
---+124. Ba cheart do RMF a áirithiú nach ar fhaisnéis chainníochtúil amháin ná ar aschuir na samhla …
---+125. Ba cheart do RMF a áirithiú go ndéanfar athbhreithniú ar idirbhearta le páirtithe gaolmhara …
---+126. Ba cheart do RMF a áirithiú go ndéanfaidh an gnólacht nó na haonaid inmheánacha faireachán …
---+127. Ba cheart do RMF faireachán rialta a dhéanamh ar phróifíl riosca iarbhír eisitheoir ARTanna …
---+128. Ba cheart do RMF anailís a dhéanamh ar threochtaí agus rioscaí nua nó rioscaí atá ag teacht …
---+129. Ba cheart do RMF meastóireacht a dhéanamh ar bhealaí a d’fhéadfadh a bheith ann chun rioscaí …

14.3 Ról RMF i ndáil le rioscaí a shainaithint, a thomhas, a mheasúnú, a bhainistiú, a mhaolú, a fhaireachán agus a thuairisciú

14.3 Ról RMF i ndáil le rioscaí a shainaithint, a thomhas, a mheasúnú, a bhainistiú, a mhaolú, a fhaireachán agus a thuairisciú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
123. Ba cheart do RMF a áirithiú go gcuirfear an creat bainistíochta riosca chun feidhme go …

Ba cheart do RMF a áirithiú go gcuirfear an creat bainistíochta riosca chun feidhme go hiomchuí agus go ndéanfaidh aonaid ábhartha eisitheoir ARTanna na rioscaí uile a shainaithint, a mheasúnú, a thomhas, go ndéanfaidh siad faireachán orthu, go ndéanfaidh siad iad a bhainistiú agus go ndéanfaidh siad tuairisciú ceart orthu.

124. Ba cheart do RMF a áirithiú nach ar fhaisnéis chainníochtúil amháin ná ar aschuir na samhla …

Ba cheart do RMF a áirithiú nach ar fhaisnéis chainníochtúil amháin ná ar aschuir na samhla amháin a bhunaítear sainaithint agus measúnú, ach go gcuirfear cineálacha éagsúla cur chuige cáilíochtúil san áireamh freisin. Ba cheart do RMF an comhlacht bainistíochta a choinneáil ar an eolas faoi na toimhdí a úsáidtear sna huirlisí agus sna modhanna cainníochtaithe riosca, lena n-áirítear samhlacha agus anailís, agus faoi na heasnaimh a d’fhéadfadh a bheith iontu.

125. Ba cheart do RMF a áirithiú go ndéanfar athbhreithniú ar idirbhearta le páirtithe gaolmhara …

Ba cheart do RMF a áirithiú go ndéanfar athbhreithniú ar idirbhearta le páirtithe gaolmhara agus go sainaithneofar na rioscaí a bhaineann leo d’eisitheoir ARTanna agus go ndéanfar measúnú leordhóthanach orthu.

126. Ba cheart do RMF a áirithiú go ndéanfaidh an gnólacht nó na haonaid inmheánacha faireachán …

Ba cheart do RMF a áirithiú go ndéanfaidh an gnólacht nó na haonaid inmheánacha faireachán éifeachtach ar na rioscaí sainaitheanta uile.

127. Ba cheart do RMF faireachán rialta a dhéanamh ar phróifíl riosca iarbhír eisitheoir ARTanna …

Ba cheart do RMF faireachán rialta a dhéanamh ar phróifíl riosca iarbhír eisitheoir ARTanna agus é a ghrinnscrúdú i gcoinne na spriocanna straitéiseacha agus an inghlacthacht riosca agus na torthaí a thuairisciú chun go mbeidh an comhlacht bainistíochta in ann cinnteoireacht a dhéanamh ina fheidhm bhainistíochta agus chun go mbeidh an comhlacht bainistíochta in ann dúshláin a thabhairt ina fheidhm mhaoirseachta.

128. Ba cheart do RMF anailís a dhéanamh ar threochtaí agus rioscaí nua nó rioscaí atá ag teacht …

Ba cheart do RMF anailís a dhéanamh ar threochtaí agus rioscaí nua nó rioscaí atá ag teacht chun cinn a aithint agus méaduithe ar an riosca a eascraíonn as imthosca agus dálaí athraitheacha. Ba cheart dó freisin athbhreithniú rialta a dhéanamh ar thorthaí iarbhír riosca i gcomparáid le meastacháin roimhe sin (i.e. cúltástáil) chun measúnú a dhéanamh ar chruinneas agus éifeachtacht na modhanna measúnaithe riosca agus an phróisis bainistithe riosca agus chun iad a fheabhsú.

129. Ba cheart do RMF meastóireacht a dhéanamh ar bhealaí a d’fhéadfadh a bheith ann chun rioscaí …

Ba cheart do RMF meastóireacht a dhéanamh ar bhealaí a d’fhéadfadh a bheith ann chun rioscaí sainaitheanta a mhaolú. Ba cheart tograí le haghaidh gníomhaíochtaí maolaithe riosca iomchuí a áireamh sa tuairisciú riosca don chomhlacht bainistíochta.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/