+36. Ba cheart an méid seo a leanas a áireamh ar na céimeanna chun an plean a chur chun feidhme go …
|
36. Ba cheart an méid seo a leanas a áireamh ar na céimeanna chun an plean a chur chun feidhme go …
Ba cheart an méid seo a leanas a áireamh ar na céimeanna chun an plean a chur chun feidhme go hordúil: - i. gníomhaíochtaí leantacha láithreacha maidir le cinneadh an údaráis inniúil an plean fuascailte a ghníomhachtú, lena n-áirítear gníomhachtú na bpróiseas inmheánach nó na socruithe conarthacha chun na gníomhaíochtaí criticiúla a choinneáil ar bun;
- ii. foilsiú an fhógra cumarsáide lena gcuirtear na sealbhóirí comharthaí ar an eolas faoin bpróiseas agus faoin amlíne chun a n-éileamh fuascailte agus an t-ábhar gaolmhar a chur isteach;
- iii. a mhéid nach n-áirítear é i bpointe (i) thuas, cur chun feidhme na straitéisí leachtaithe le haghaidh an chúlchiste sócmhainní mar a chuirtear in iúl sa mhír “Leachtú an chúlchiste sócmhainní” thuas;
- iv. measúnú ar na héilimh fuascailte;
- v. plean dáilte a fhorbairt, eadhon an plean chun na héilimh fuascailte uile a cuireadh isteach agus a ndearnadh measúnú dearfach orthu a chomhlíonadh, agus úsáid á baint as méid iomlán na bhfáltas ó leachtú an chúlchiste sócmhainní le haghaidh na n-eisitheoirí faoi réir an cheanglais cúlchiste sócmhainní a shealbhú nó, le haghaidh eisitheoirí nach bhfuil faoi réir an cheanglais cúlchiste sócmhainní a shealbhú, úsáid a bhaint as na cistí atá ar fáil chun na héilimh fuascailte a chomhlíonadh;
- vi. na socruithe agus an amlíne chun na héilimh fuascailte a measadh a bheith dearfach a shocrú.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|