+8. Tá feidhm ag na Treoirlínte seo freisin maidir leis na nithe seo a leanas: a. tairgeoirí, daoine …

8. Tá feidhm ag na Treoirlínte seo freisin maidir leis na nithe seo a leanas: a. tairgeoirí, daoine …

Tá feidhm ag na Treoirlínte seo freisin maidir3 leis na nithe seo a leanas:

  • a. tairgeoirí, daoine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh acu, nó oibreoirí ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainne seachas comhartha sócmhainn-tagartha (ART) nó comhartha ríomh-airgid (EMT), a gceanglaítear orthu fógra a thabhairt don údarás inniúil faoin bpáipéar bán maidir le cripteashócmhainní, agus míniú ag gabháil leo ina dtugtar tuairisc ar an bhfáth nár cheart a mheas go bhfuil an chripteashócmhainn eisiata ó raon feidhme an Rialacháin sin, nó aicmithe mar ART nó EMT de bhun Airteagal 8(4) den Rialachán sin;
  • b. institiúidí creidmheasa a bhfuil sé beartaithe acu ART a thairiscint don phobal nó a bhfuil ligean isteach chun a thrádála á iarraidh acu agus ar a gceanglaítear tuairim dhlíthiúil a chur faoi bhráid an údaráis inniúil maidir le cáiliú na cripteashócmhainne de bhun Airteagal 17(1), pointe (b)(ii) de Rialachán (AE) 2023/1114;
  • c. daoine dlítheanacha nó gnóthais eile nach institiúidí creidmheasa iad a bhfuil sé beartaithe acu ARTanna a thairiscint don phobal nó a bhfuil ligean isteach chun a dtrádála iad agus ar a gceanglaítear tuairim dhlíthiúil a chur faoi bhráid an údaráis inniúil maidir le cáiliú na cripteashócmhainne de bhun Airteagal 18(2), pointe (e) de Rialachán (AE) 2023/1114.

3 Bunaítear dáta chur i bhfeidhm MiCAR le hAirteagal 149 MiCAR (teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm) ar cheart é a léamh i gcomhréir le hAirteagal 143 (bearta idirthréimhseacha).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/