+Airteagal 16 3
|
Airteagal 16 3
3. Forbróidh ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, i gcomhairle le ENISA, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chomhchoiteanna chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a)
|
sonrú breise a dhéanamh ar na gnéithe atá le cur sa chreat bainistíochta riosca TFC dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, pointe (a);
|
|
(b)
|
sonrú breise a dhéanamh ar na gnéithe a bhaineann le córais, prótacail agus uirlisí chun thionchar an riosca TFC dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, pointe (c), a íoslaghdú, d’fhonn slándáil na ngréasán a áirithiú, coimircí leordhóthanacha a chumasú i gcoinne ionraí agus mí-úsáid sonraí agus infhaighteacht, barántúlacht, sláine agus rúndacht sonraí a chaomhnú;
|
|
(c)
|
sonrú breise a dhéanamh ar chomhpháirteanna na bpleananna leanúnachais gnó TFC dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, pointe (f);
|
|
(d)
|
sonrú breise a dhéanamh ar na rialacha maidir leis na pleananna leanúnachais gnó a thástáil agus éifeachtacht na rialuithe dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, pointe (g), agus a áirithiú, a áirithiú go gcuirfear san áireamh go cuí sa tástáil sin cásanna insamhlaithe ina dtagann meathlúchán ar cháilíocht soláthair feidhme criticiúla nó tábhachtaí go leibhéal do-ghlactha nó ina gcliseann ar an soláthar;
|
|
(e)
|
tuilleadh sonraithe a dhéanamh ar ábhar agus formáid na tuarascála bliantúla maidir leis an athbhreithniú ar chreat bainistíochta riosca TFC dá dtagraítear i mír 2;
|
Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin á bhforbairt acu, cuirfidh ÚMEanna san áireamh méid agus próifíl riosca fhoriomlán an eintitis airgeadais, cineál, scála agus castacht a seirbhísí, a ngníomhaíochtaí agus a n-oibríochtaí.
Cuirfidh ÚMEnna na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 17 Eanáir 2024.
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|