+Airteagal 20 Ábhar tuairiscithe agus teimpléid tuairiscithe a chomhchuibhiú
---+Airteagal 20 (a)
---+Airteagal 20 (b)
---+Airteagal 20 2
---+Airteagal 20 3
---+Airteagal 20 4
|
Airteagal 20 Ábhar tuairiscithe agus teimpléid tuairiscithe a chomhchuibhiú
Forbróidh ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, agus i gcomhairle le ENISA agus BCE, an méid seo a leanas:
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 20 (a)
|
dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chomhchoiteanna:
|
(i)
|
ábhar na dtuarascálacha le haghaidh mórtheagmhais a bhaineann le TFC a bhunú chun na critéir a leagtar síos in Airteagal 18(1) a léiriú agus gnéithe breise a ionchorprú, amhail mionsonraí chun ábharthacht an tuairiscithe a bhunú do Bhallstáit eile agus cibé an mórtheagmhas a bhaineann le híocaíocht oibríochtúil nó slándála é nó nach é;
|
|
(ii)
|
na teorainneacha ama don fhógra tosaigh agus do gach tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 19(4) a chinneadh;
|
|
(iii)
|
ábhar an fhógra faoi chibearbhagairtí suntasacha a bhunú.
|
Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin á bhforbairt, cuirfidh ÚMEnna san áireamh méid agus próifíl riosca fhoriomlán an eintitis airgeadais, agus cineál, scála agus castacht a seirbhísí, a ngníomhaíochtaí agus a n-oibríochtaí, agus go háirithe d’fhonn a áirithiú, chun críocha na míre seo, pointe (a), pointe (ii), go bhféadfaidh teorainneacha ama éagsúla sainiúlachtaí earnálacha airgeadais a léiriú, de réir mar is iomchuí, gan dochar do chur chuige comhsheasmhach a choinneáil maidir le tuairisciú teagmhas a bhaineann le TFC de bhun an Rialacháin seo agus de bhun Threoir (AE) 2022/2555 . Tabharfaidh ÚMEnna, de réir mar is infheidhme, bonn cirt nuair a imíonn siad ó na cineálacha cur chuige a glacadh i gcomhthéacs na Treorach sin.
|
|
Airteagal 20 (b)
|
dréachtchaighdeáin theicniúla chomhchoiteanna cur chun feidhme chun na foirmeacha, teimpléid agus nósanna imeachta caighdeánacha a bhunú d’eintitis airgeadais maidir le mórtheagmhas a bhaineann le TFC a thuairisciú agus fógra a thabhairt faoi chibearbhagairt shuntasach.
|
|
Airteagal 20 2
|
Cuirfidh UMÉnna na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chomhchoiteanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), agus na dréachtchaighdeáin theicniúla chomhchoiteanna cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad mhír, pointe (b), faoi bhráid an Choimisiúin faoin 17 Iúil 2024.
|
|
Airteagal 20 3
|
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála chomhchoiteanna dá dtagraítear sa chéad mhír, pointe (a), a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 20 4
|
Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla chomhchoiteanna cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad mhír, pointe (b), a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|