+Airteagal 20 (a)

Airteagal 20 (a)

dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chomhchoiteanna:

(i)

ábhar na dtuarascálacha le haghaidh mórtheagmhais a bhaineann le TFC a bhunú chun na critéir a leagtar síos in Airteagal 18(1) a léiriú agus gnéithe breise a ionchorprú, amhail mionsonraí chun ábharthacht an tuairiscithe a bhunú do Bhallstáit eile agus cibé an mórtheagmhas a bhaineann le híocaíocht oibríochtúil nó slándála é nó nach é;

(ii)

na teorainneacha ama don fhógra tosaigh agus do gach tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 19(4) a chinneadh;

(iii)

ábhar an fhógra faoi chibearbhagairtí suntasacha a bhunú.

Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin á bhforbairt, cuirfidh ÚMEnna san áireamh méid agus próifíl riosca fhoriomlán an eintitis airgeadais, agus cineál, scála agus castacht a seirbhísí, a ngníomhaíochtaí agus a n-oibríochtaí, agus go háirithe d’fhonn a áirithiú, chun críocha na míre seo, pointe (a), pointe (ii), go bhféadfaidh teorainneacha ama éagsúla sainiúlachtaí earnálacha airgeadais a léiriú, de réir mar is iomchuí, gan dochar do chur chuige comhsheasmhach a choinneáil maidir le tuairisciú teagmhas a bhaineann le TFC de bhun an Rialacháin seo agus de bhun Threoir (AE) 2022/2555 . Tabharfaidh ÚMEnna, de réir mar is infheidhme, bonn cirt nuair a imíonn siad ó na cineálacha cur chuige a glacadh i gcomhthéacs na Treorach sin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas