+Airteagal 31 5

Airteagal 31 5

5.   Tabharfaidh an Príomh-Fhormhaoirseoir fógra don soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí maidir le toradh an mheasúnaithe as a eascróidh an t-ainmniú dá dtagraítear i mír 1, pointe (a). Laistigh de 6 seachtaine ó dháta an fhógra, féadfaidh an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí ráiteas réasúnaithe a chur faoi bhráid an Phríomh-Fhormhaoirseora ina mbeidh aon fhaisnéis ábhartha chun críocha an mheasúnaithe. Breithneoidh an Príomh-Fhormhaoirseoir an ráiteas réasúnaithe agus féadfaidh sé a iarraidh go gcuirfear faisnéis bhreise faoina bhráid laistigh de 30 lá féilire tar éis ráiteas den sórt sin a fháil.

Tar éis soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí a ainmniú mar sholáthraí criticiúil, tabharfaidh ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, fógra don soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí faoin ainmniú sin agus faoin dáta tosaigh éifeachtach óna mbeidh sé faoi réir gníomhaíochtaí formhaoirseachta. Ní bheidh an dáta tosaigh sin níos déanaí ná mí amháin tar éis an fhógra. Tabharfaidh an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí fógra do na heintitis airgeadais dá soláthraíonn siad seirbhísí faoina n-ainmniú mar eintitis chriticiúla.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas