+Airteagal 33 Cúraimí an Phríomh-Fhormhaoirseora
---+Airteagal 33 1
---+Airteagal 33 2
---+Airteagal 33 3
---+Airteagal 33 4
---+Airteagal 33 5

Airteagal 33 Cúraimí an Phríomh-Fhormhaoirseora

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 33 1

1.   Déanfaidh an Príomh-Fhormhaoirseoir, arna cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 31(1), pointe (b), formhaoirseacht ar na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla arna sannadh agus is é a bheidh, chun críocha gach ábhair a bhaineann leis an bhformhaoirseacht, ina phríomhphointe teagmhála do na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla sin.

Airteagal 33 2

2.   Chun críocha mhír 1, measúnóidh an Príomh-Fhormhaoirseoir cé acu atá nó nach bhfuil rialacha, nósanna imeachta, sásraí agus socruithe fónta éifeachtacha i bhfeidhm ag gach soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil chun an riosca TFC a d’fhéadfadh a bheith i gceist lena sheirbhís d’eintitis airgeadais a bhainistiú.

Beidh an measúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír dírithe go príomha ar sheirbhísí TFC arna soláthar ag an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha eintiteas airgeadais. I gcás inar gá chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí ábhartha uile, cuimseoidh an measúnú sin feidhmeanna tacaíochta seirbhísí TFC nach feidhmeanna criticiúla ná tábhachtacha iad.

Airteagal 33 3

3.   Cumhdófar an méid seo a leanas sa mheasúnú dá dtagraítear i mír 2:

(a)

ceanglais TFC chun a áirithiú, go háirithe, slándáil, infhaighteacht, leanúnachas, inscálaitheacht agus cáilíocht na seirbhísí a sholáthraíonn an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil d’eintitis airgeadais, chomh maith leis an gcumas ardchaighdeáin infhaighteachta, barántúlachta, sláine nó rúndachta sonraí a choinneáil ar bun i gcónaí;

(b)

an tslándáil fhisiciúil lena gcuidítear leis an tslándáil TFC a áirithiú, lena n-áirítear slándáil áitreabh, saoráidí, lárionad sonraí;

(c)

na próisis bhainistíochta riosca, lena n-áirítear beartais bhainistíochta riosca TFC, pleananna um leanúnachas gnó TFC agus pleananna freagartha agus athshlánaithe TFC;

(d)

na socruithe rialachais, lena n-áirítear struchtúr eagraíochtúil lena mbaineann línte soiléire, trédhearcacha agus comhsheasmhacha freagrachta agus rialacha soiléire, trédhearcacha agus comhsheasmhacha cuntasachta lena gcumasaítear bainistíocht éifeachtach rioscaí TFC;

(e)

teagmhais ábhartha a bhaineann le TFC a shainaithint, faireachán a dhéanamh orthu agus iad a thuairisciú d’eintitis airgeadais go pras, na teagmhais sin a bhainistiú agus a réiteach, go háirithe cibirionsaithe;

(f)

na sásraí maidir le hiniomparthacht sonraí, iniomparthacht feidhmchláir agus idir-inoibritheacht, lena n-áirithítear feidhmiú éifeachtach na gceart foirceannta a dhéanann eintitis airgeadais;

(g)

córais, bonneagar agus rialuithe TFC a thástáil;

(h)

na hiniúchtaí TFC;

(i)

úsáid caighdeán náisiúnta agus idirnáisiúnta ábhartha is infheidhme maidir le soláthar a sheirbhísí TFC do na heintitis airgeadais.

Airteagal 33 4

4.   Bunaithe ar an measúnú dá dtagraítear i mír 2, agus i gcomhar leis an Líonra Formhaoirseachta Comhpháirtí (JON) dá dtagraítear in Airteagal 34(1), glacfaidh an Príomh-Fhormhaoirseoir plean formhaoirseachta aonair atá soiléir, mionsonraithe agus réasúnaithe ina mbeidh tuairisc ar na cuspóirí bliantúla formhaoirseachta agus ar na príomhghníomhaíochtaí formhaoirseachta atá beartaithe do gach soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil. Cuirfear an plean sin in iúl don soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil go bliantúil.

Sula nglacfar an plean formhaoirseachta, cuirfidh an Príomh-Fhormhaoirseoir an dréachtphlean formhaoirseachta in iúl don soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil.

Ar an dréachtphlean formhaoirseachta a fháil, féadfaidh an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil ráiteas réasúnaithe a chur isteach laistigh de 15 lá féilire ina léirítear an tionchar ionchasach ar chustaiméirí ar eintitis iad nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus, i gcás inarb iomchuí, ina gceaptar réitigh chun rioscaí a mhaolú.

Airteagal 33 5

5.   Nuair a ghlacfar na pleananna bliantúla formhaoirseachta dá dtagraítear i mír 4 agus nuair a chuirfear iad in iúl do na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla, ní fhéadfaidh údaráis inniúla bearta a dhéanamh a bhaineann leis na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla den sórt sin ach amháin i gcomhaontú leis an bPríomh-Fhormhaoirseoir.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas