2. Chun críocha mhír 1, measúnóidh an Príomh-Fhormhaoirseoir cé acu atá nó nach bhfuil rialacha, nósanna imeachta, sásraí agus socruithe fónta éifeachtacha i bhfeidhm ag gach soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil chun an riosca TFC a d’fhéadfadh a bheith i gceist lena sheirbhís d’eintitis airgeadais a bhainistiú.
Beidh an measúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír dírithe go príomha ar sheirbhísí TFC arna soláthar ag an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha eintiteas airgeadais. I gcás inar gá chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí ábhartha uile, cuimseoidh an measúnú sin feidhmeanna tacaíochta seirbhísí TFC nach feidhmeanna criticiúla ná tábhachtacha iad.