+Airteagal 10 2.

Airteagal 10 2.

Beidh tacair sonraí oiliúna, bailíochtaithe agus tástála faoi réir cleachtais rialachais sonraí agus bainistíochta atá iomchuí chun na críche atá beartaithe don chóras intleachta saorga ardriosca. Bainfidh na cleachtais sin go háirithe leis an méid seo a leanas:

(a) 

na roghanna ábhartha maidir le dearadh;

(b) 

próisis bailithe sonraí agus tionscnamh na sonraí, agus i gcás sonraí pearsanta, cuspóir bunaidh an bhailithe sonraí;

(c) 

oibríochtaí próiseála ullmhúcháin i gcomhair sonraí ábhartha, amhail anótáil, lipéadú, glanadh, nuashonrú, saibhriú agus comhiomlánú;

(d) 

toimhdí a fhoirmliú, go háirithe maidir leis an bhfaisnéis a bhfuil na sonraí ceaptha le tomhas agus le hionadaíocht a dhéanamh uirthi;

(e) 

measúnú ar infhaighteacht, cainníocht agus oiriúnacht na dtacar sonraí a bhfuil gá leo;

(f) 

iniúchadh i bhfianaise claontachtaí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do shláinte agus sábháilteacht daoine, tionchar diúltach a bheith acu ar chearta bunúsacha nó idirdhealú a thoirmisctear faoi dhlí an Aontais a bheith mar thoradh air, go háirithe i gcás ina mbíonn tionchar ag aschuir sonraí ar ionchuir le haghaidh oibríochtaí a bheidh ann amach anseo;

(g) 

bearta iomchuí chun claontachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann a bhrath, a chosc agus a mhaolú, arna sainaithint i gcomhréir le pointe (f);

(h) 

bearnaí nó easnaimh ábhartha sonraí a shainaithint lena gcoisctear comhlíonadh an Rialacháin seo, agus conas is féidir aghaidh a thabhairt ar na bearnaí agus na heasnaimh sin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas