+Airteagal 11 1.
|
Airteagal 11 1.
Déanfar an doiciméadacht theicniúil a bhaineann le córas intleachta saorga ardriosca a tharraingt suas sula gcuirfear an córas sin ar an margadh nó i mbun seirbhíse agus coinneofar cothrom le dáta í. Tarraingeofar an doiciméadacht theicniúil sin suas ar bhealach a léireofar go gcomhlíonann an córas intleachta saorga ardriosca na ceanglais a leagtar amach sa Roinn seo agus a gcuirfear an fhaisnéis is gá, i bhfoirm shoiléir chuimsitheach, ar fáil d’údaráis inniúla náisiúnta agus do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht an chórais intleachta saorga leis na ceanglais sin. Beidh na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn IV inti ar a laghad. Féadfaidh FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta agus FMBanna, eilimintí na doiciméadachta teicniúla a shonraítear in Iarscríbhinn IV a sholáthar ar bhealach simplithe. Chuige sin, bunóidh an Coimisiún foirm shimplithe den doiciméadacht theicniúil a bheidh dírithe ar riachtanais FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, agus FMBanna. I gcás ina roghnaíonn FBM, lena n-áirítear gnólacht nuathionscanta, nó FMB an fhaisnéis a cheanglaítear in Iarscríbhinn IV a sholáthar ar bhealach simplithe, bainfidh sé úsáid as an bhfoirm dá dtagraítear sa mhír seo. Glacfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra leis an bhfoirm sin chun críocha measúnaithe comhréireachta.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|