+Airteagal 28 8.

Airteagal 28 8.

Na húdaráis a thugann fógra arna n-ainmniú de bhun an Rialacháin seo atá freagrach as córais intleachta saorga a chumhdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I, áiritheoidh siad go dtabharfar an deis don chomhlacht um measúnú comhréireachta, a dhéanann iarratas ar ainmniú de bhun an Rialacháin seo agus de bhun reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I araon, iarratas aonair a chur isteach agus go gcuirfear nós imeachta measúnaithe aontaithe i bhfeidhm air, ar nós imeachta measúnaithe aontaithe é atá le hainmniú de bhun an Rialacháin seo agus de bhun reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I, i gcás ina ndéantar foráil i reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha an Aontais maidir leis an iarratas aonair sin agus an nós imeachta measúnaithe aontaithe sin. Chuige sin, comhoibreoidh na húdaráis a thugann fógra a ainmnítear de bhun an Rialacháin seo agus na húdaráis sin a ainmnítear de bhun reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I, lena measúnuithe.

Déanfar an t-iarratas aonair agus an nós imeachta measúnaithe aontaithe dá dtagraítear sa mhír seo a chur ar fáil freisin do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra a ainmníodh cheana de bhun reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I, nuair a dhéanann na comhlachtaí sin faoina dtugtar fógra iarratas ar ainmniú de bhun an Rialacháin seo, ar choinníoll go bhforáiltear do nós imeachta den sórt sin i reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha an Aontais.

Comhlacht um measúnú comhréireachta arna ainmniú de bhun níos mó ná píosa reachtaíochta comhchuibhithe amháin de chuid an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I, ní bheidh air ach iarratas amháin a chur isteach le bheith ainmnithe de bhun an Rialacháin seo. Beidh ainmniú de bhun an Rialacháin seo infheidhme maidir le reachtaíocht chomhchuibhithe uile an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I a bhfuil an comhlacht um measúnú comhréireachta ainmnithe ina leith.

Leis an nós imeachta iarratais aonair agus an nós imeachta measúnaithe aontaithe, seachnófar aon dúbláil neamhriachtanach, cuirfear leis na nósanna imeachta atá ann cheana maidir le hainmniú i gcomhréir le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I agus áiritheofar go gcomhlíonfar na ceanglais a bhaineann le comhlachtaí faoina dtugtar fógra i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha an Aontais araon.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas