+Airteagal 28 Na húdaráis a thugann fógra
---+Airteagal 28 1.
---+Airteagal 28 2.
---+Airteagal 28 3.
---+Airteagal 28 4.
---+Airteagal 28 5.
---+Airteagal 28 6.
---+Airteagal 28 7.
---+Airteagal 28 8.
---+Airteagal 28 9.
|
Airteagal 28 Na húdaráis a thugann fógra
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 28 1.
|
Déanfaidh gach Ballstát ar a laghad údarás amháin a thugann fógra a ainmniú nó a chur ar bun, údarás a bheidh freagrach as na nósanna imeachta is a gá a chur ar bun agus a dhéanamh leis na comhlachtaí um measúnú comhréireachta a mheasúnú, a ainmniú agus maidir le fógra a thabhairt dóibh mar aon le maidir le faireachán a dhéanamh orthu. Forbrófar na nósanna imeachta sin i gcomhar idir údaráis na mBallstát uile a thugann fógra.
|
|
Airteagal 28 2.
|
Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go bhfuil comhlacht náisiúnta creidiúnaithe leis an measúnú agus an faireachán dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh, de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus i gcomhréir leis.
|
|
Airteagal 28 3.
|
Bunófar, eagrófar agus riarfar údaráis a thugann fógra ar bhealach chun aon choinbhleacht leasa le comhlachtaí um measúnú comhréireachta a sheachaint, agus chun go gcaomhnófar oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht a ngníomhaíochtaí.
|
|
Airteagal 28 4.
|
Eagrófar údaráis a thugann fógra ar bhealach a n-áiritheoidh gur daoine inniúla, nach ionann iad agus na daoine a rinne an measúnú ar na comhlachtaí sin, a dhéanfaidh cinntí a bhaineann le fógra a thabhairt do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta.
|
|
Airteagal 28 5.
|
Ní thairgfidh ná ní sholáthróidh na húdaráis a thugann fógra aon ghníomhaíocht a dhéanann comhlachtaí um measúnú comhréireachta ná seirbhísí comhairliúcháin ar bhonn tráchtála nó ar bhonn iomaíoch.
|
|
Airteagal 28 6.
|
Déanfaidh na húdaráis a thugann fógra rúndacht na faisnéise a fhaigheann siad a choimirciú, i gcomhréir le hAirteagal 78.
|
|
Airteagal 28 7.
|
Beidh líon leordhóthanach de phearsanra inniúil ar fáil dóibh ag na húdaráis a thugann fógra chun a gcúraimí a fheidhmiú i gceart. Beidh an saineolas is gá ag an bpearsanra inniúil, i gcás inarb infheidhme, dá bhfeidhm, i réimsí ar nós na dteicneolaíochtaí faisnéise, intleacht shaorga agus an dlí, lena n-áirítear maoirseacht ar chearta bunúsacha.
|
|
Airteagal 28 8.
|
Na húdaráis a thugann fógra arna n-ainmniú de bhun an Rialacháin seo atá freagrach as córais intleachta saorga a chumhdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I, áiritheoidh siad go dtabharfar an deis don chomhlacht um measúnú comhréireachta, a dhéanann iarratas ar ainmniú de bhun an Rialacháin seo agus de bhun reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I araon, iarratas aonair a chur isteach agus go gcuirfear nós imeachta measúnaithe aontaithe i bhfeidhm air, ar nós imeachta measúnaithe aontaithe é atá le hainmniú de bhun an Rialacháin seo agus de bhun reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I, i gcás ina ndéantar foráil i reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha an Aontais maidir leis an iarratas aonair sin agus an nós imeachta measúnaithe aontaithe sin. Chuige sin, comhoibreoidh na húdaráis a thugann fógra a ainmnítear de bhun an Rialacháin seo agus na húdaráis sin a ainmnítear de bhun reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I, lena measúnuithe. Déanfar an t-iarratas aonair agus an nós imeachta measúnaithe aontaithe dá dtagraítear sa mhír seo a chur ar fáil freisin do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra a ainmníodh cheana de bhun reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I, nuair a dhéanann na comhlachtaí sin faoina dtugtar fógra iarratas ar ainmniú de bhun an Rialacháin seo, ar choinníoll go bhforáiltear do nós imeachta den sórt sin i reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha an Aontais. Comhlacht um measúnú comhréireachta arna ainmniú de bhun níos mó ná píosa reachtaíochta comhchuibhithe amháin de chuid an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I, ní bheidh air ach iarratas amháin a chur isteach le bheith ainmnithe de bhun an Rialacháin seo. Beidh ainmniú de bhun an Rialacháin seo infheidhme maidir le reachtaíocht chomhchuibhithe uile an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I a bhfuil an comhlacht um measúnú comhréireachta ainmnithe ina leith. Leis an nós imeachta iarratais aonair agus an nós imeachta measúnaithe aontaithe, seachnófar aon dúbláil neamhriachtanach, cuirfear leis na nósanna imeachta atá ann cheana maidir le hainmniú i gcomhréir le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I agus áiritheofar go gcomhlíonfar na ceanglais a bhaineann le comhlachtaí faoina dtugtar fógra i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha an Aontais araon.
|
|
Airteagal 28 9.
|
Is é an t-údarás a thugann fógra, ar údarás é a ainmníodh de bhun reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I, an t-údarás a thugann fógra freisin chun an t-iarratas aonair agus an nós imeachta measúnaitheaontaithe dá dtagraítear i mír 8 a chur isteach, ach amháin má ainmníonn an Ballstát údarás eile a thugann fógra chun críocha an Rialacháin seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|