+Airteagal 45 1.

Airteagal 45 1.

Cuirfidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra an méid seo a leanas in iúl don údarás a thugann fógra:

(a) 

aon deimhniú maidir le measúnú ar dhoiciméadacht theicniúil de chuid an Aontais, aon fhorlíonadh a ghabhann leis na deimhnithe sin, agus aon fhormheasanna ar chóras bainistíochta cáilíochta a eisítear i gcomhréir le ceanglais Iarscríbhinn VII;

(b) 

aon diúltú, srianadh, fionraí nó tarraingt siar a rinneadh ar dheimhniú maidir le measúnú ar dhoiciméadacht theicniúil de chuid an Aontais nó ar fhormheas ar chóras bainistíochta cáilíochta arna eisiúint i gcomhréir le ceanglais Iarscríbhinn VII;

(c) 

aon imthosca a dhéanann difear do raon feidhme an fhógra nó do choinníollacha an fhógra;

(d) 

aon iarraidh ar fhaisnéis a gheobhaidh siad ó údaráis faireachais margaidh maidir lena ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta;

(e) 

má iarrtar air é, gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dhéantar laistigh de raon feidhme a bhfógra agus aon ghníomhaíocht eile a dhéantar, lena n-áirítear gníomhaíochtaí trasteorann agus fochonraitheoireacht.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas