+Airteagal 45 Oibleagáidí faisnéise na n-údarás faoina dtugtar fógra
---+Airteagal 45 1.
---+Airteagal 45 2.
---+Airteagal 45 3.
---+Airteagal 45 4.

Airteagal 45 Oibleagáidí faisnéise na n-údarás faoina dtugtar fógra

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 45 1.

Cuirfidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra an méid seo a leanas in iúl don údarás a thugann fógra:

(a) 

aon deimhniú maidir le measúnú ar dhoiciméadacht theicniúil de chuid an Aontais, aon fhorlíonadh a ghabhann leis na deimhnithe sin, agus aon fhormheasanna ar chóras bainistíochta cáilíochta a eisítear i gcomhréir le ceanglais Iarscríbhinn VII;

(b) 

aon diúltú, srianadh, fionraí nó tarraingt siar a rinneadh ar dheimhniú maidir le measúnú ar dhoiciméadacht theicniúil de chuid an Aontais nó ar fhormheas ar chóras bainistíochta cáilíochta arna eisiúint i gcomhréir le ceanglais Iarscríbhinn VII;

(c) 

aon imthosca a dhéanann difear do raon feidhme an fhógra nó do choinníollacha an fhógra;

(d) 

aon iarraidh ar fhaisnéis a gheobhaidh siad ó údaráis faireachais margaidh maidir lena ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta;

(e) 

má iarrtar air é, gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dhéantar laistigh de raon feidhme a bhfógra agus aon ghníomhaíocht eile a dhéantar, lena n-áirítear gníomhaíochtaí trasteorann agus fochonraitheoireacht.

Airteagal 45 2.

Cuirfidh gach comhlacht faoina dtugtar fógra na comhlachtaí eile faoina dtugtar fógra ar an eolas faoi na nithe seo a leanas:

(a) 

formheasanna ar chóras bainistíochta cáilíochta a dhiúltaigh sé, a chuir sé ar fionraí nó a d’aistarraing sé, agus, arna iarraidh sin dó, formheasanna córais cáilíochta a d’eisigh sé;

(b) 

Deimhnithe de chuid an Aontais maidir le measúnú ar dhoiciméadacht theicniúil nó aon fhorlíonadh orthu a dhiúltaigh sé, a d’aistarraing sé, a chuir sé ar fionraí nó ar chuir sé srian orthu ar shlí eile, agus, arna iarraidh sin dó, na deimhnithe agus/nó na forlíontaí orthu a d’eisigh sé.

Airteagal 45 3.
Soláthróidh gach comhlacht faoina dtugtar fógra faisnéis ábhartha maidir le saincheisteanna a bhaineann le torthaí diúltacha, agus, arna n-iarraidh sin, torthaí dearfacha um measúnú comhréireachta do chomhlachtaí eile faoina dtugtar fógra a dhéanann gníomhaíochtaí comhchosúla um measúnú comhréireachta lena gcumhdaítear na cineálacha céanna córais intleachta saorga.
Airteagal 45 4.
Déanfaidh na húdaráis faoina dtugtar fógra rúndacht na faisnéise a fhaigheann siad a choimirciú, i gcomhréir le hAirteagal 78.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas